Píosaí liom in áiteanna eile:

2005-11-27

Fograím daoibh an Aidbint chaoin,...

Ich sage euch an den lieben Advent,
sehet, die erste Kerze brennt,
freuet euch ihr Christen, freuet euch sehr,
schon ist nahe der HERR


Fograím daoibh an Aidbint chaoin,
Féach, tá an chéad coinneal lasta,
Déan gairdeas a Chríostaithe, déan mórghairdeas,
tá an TIARNA gar duinn cheana


Clann gearmánach-gaelach muide, gan amhras, agus nósanna na Gearmaine againn maidir leis an Aidbhint. Inniu céad Domhnach na hAidbhinte, agus lasamar an chéad choinneal.

dar ndó, tá an ullmhúchán don Saturnalia ar bun sna siopaí ó roimh oíche Shamhna!

Táim céasta ag sraothartaigh inniu, agus níl ag éirí liom eagar a chuir ar mo smaointe...

Lipéid:

2005-11-25

Aréopagus na fiche haonú aoise!

Táim ag léamh leabhar faoi Naomh Pól faoi láthair.
Tá tagairt ann don sliocht seo as Gníomhartha na nAspal

Óir ní rai¢ de ¥ai÷eaµ aimsire ag lu¥t na h-Ai÷ne agus ag na coiµ÷i³ea¥ai¢ do ¢ío« ‘n-a gcóµnai«e annsin a¥t ¢ei÷ ag innsin nó ag clos ni« úr-nua éigin

Meas tú an é an dála céanna againne inniu é?

(Tógtha as Gníom 17:21, mar a d'áistrigh Uilliam Ó Domhnaill i 1602 é. Phíoc mé suas leagan, a foilsíodh ag an Hibernian Bible Society i 1937, ar 50 cent. Beidh Bunchló Ársa ó Ghaelchló de dhíth ort chun an sliocht thuas a léamh)

Lipéid:

2005-11-24

I ndiadh a chéile a tógtar na creatlaigh...


Táim ag déanamh iarrachta an creatlach a ghaelú don Bhlag. Fáilte roimh moltaí! Céimeanna beaga tógtha anocht. Ach táimse ag dul 'on Binn Bháin anois..

Tag:

2005-11-23

Ceathairnín nó Cailín?

Rinne mé taifead ar chlár Leargas ar William Rowan Hamilton i rith na seachtaine seo chaite. Ní raibh am agam féachaint air go dtí an deireadh seachtaine.

Tá suim agam ann toisc go bhfuil ceatharníní lárnach do mo chuid oibre faoi láthair - úsáidtear iad chun cuir síos ar treoshuíomh spásarthaigh.

Bhí díoma orm leis an gclár, áfach - rinneadh níos mó plé ar scéal ghrá thruamhéileach Hamilton agus a rúnsearc Catherine Disney ná ar a chuid oibre.

Cé go raibh eolaithe sa chlár ag ra de shíor gurbh iontach an obair a rinne sé, níor thug siad le fios cén fáth.

Tá an tOllamh Annraoi de Paor le léacht a thabhairt ar Hamilton ag An Roth ar an 1ú Nollaig. Tá dóchas agam go mbeidh níos mó le foghlaim agam ansin!

2005-11-21

Pisreoga in áit Paidreacha?

Ar luaigh mé gur Caitliceach Rómhánach mé?

Bhuel, is ea. Bhí mé san eaglais áitiúl le deanaí nuair a thug mé faoi ndeara roinnt bileoga ar suiochán. Paidir chuig Naomh Jude. Ach ag deireadh an bhileog bhí nóta: le rá naoi n-uaire ar feadh naoi lá, ag fagail naoi gcóip den phaidir san eaglais gach lá.

Ní paidireoreacht é sin. Sin iarracht phisreogach ar asarlaíocht. Is mór an trua é, dar liom.

Leigh mé scéilín faoin fear chéanna le deanaí. Is earlamh ná gcúis caillte é. Dúradh san méid ar leigh mé gur eascair sé sin as an faillí a déanadh ann fhéin, toisc a ainm a bheith chomh gar d'ainm Íudas Iscariot.

2005-11-19

Cé mise, pé scéal é?

Is gnách blog a thosnú le cuir síos gearr ar an bhlogaire.

Mar sin, is duine mé a tógadh le gaeilge i mBaile Átha Cliath. Táim ag línseoireacht liom le roinnt blianta anois.

Is innealtóir bogearraí mé. Faoi láthair, táim ag obair leis an gcomhlucht CAPTEC i Mullach Íde, Co. Átha Cliath.

Táim pósta le Uta, agus tá beirt mhac againn.

Scríobh mé breis i bhfad ó shin anseo.

2005-11-16

Bhuel. De bharr nár ghlac Blog Oistín le teachtaireachtaí inaithnid, tá blog agam. Seans go mbeidh deis agam smaointe fánacha a bhreacadh anseo. Cá bhfios.