16 April 2006

Is fíor gur éirigh Sé!

Go moch ar maidin Domhnach Cásca
ba mhór le rá an ní a tharla:
An té ar dlíodh Dé hAoine bás dó
d'éirigh sé arís an triú lá sin.


Beannachtaí na Cásca oraibh agus ar bhur gclainn.



Táim thar nais tar éis Carghas a dhéanamh. Ní raibh sé ró dhian orm, ois cosúil nach rabhas chomh tughta don Idirlíon is a cheapas. Pé scéal é, táim idir solathoirí leathanbhanda faoi láthair - beidh tamall ann mar sin sula mbíonn mórán le feiscint uaim anseo. Is mór an chéim siar 44 kps nuair a bhí taithí ag duine ar ADSL....

2 comments:

Conn said...

Fáilte ar ais a Aonghuis - níor chaill tú faic! ;-) Gach rud mar a bhí!

TQ said...

Go raibh maith agat as do theachtaireacht ar mo bhlag faoin leabhar ar an Duinníneach. Ní raibh fhios agam faoi. Go deimhin ceannóidh mé an leabhar sin. Comhghairdeachas as do chlann a thógail as Gaeilge agus Gearmáinis. Méanar dóibh an tógadh sin! Bhain mé taitneamh as do línte faoin Cháisc! Maith thú!