29 June 2006

Ann as!

Fós gan nasc cheart idirlín.

Tá Eircom agus BT ag achrann faoi céard (agus cé) is cúis leis.

Sin toisc mo thost!

Feicim a lán baothchaint ar na nuachtáin maidir le h"Éire" a bheith lámh ar lámh le "Ireland" i ngnóthaí an AE.

Is ait an dream muid, go hairithe an sciar againn nach bhfuair greim ar an nGaeilge. Cé nár shílis Michael D. a bheith ina measc siúd.

Meas tú cad a cheapann muintir Suomi FinlandBelgië Belgique?

Lipéid: .

2 comments:

Fearn said...

Tagaim leat, a aonghuis, is maith an fear as an litir a bhí ar an nuachtán béarla uait.
Maidir le Micheál Dí, is Tí Dí é. Fagann sé sin gach rud ina liathróid polaitíochta aige

Mo dhuine said...

Is dócha go bhfuil míniú an scéil ag Fearn. Agus na cumhachtaí a bhíodh ag an Dáil tráth aistrithe chun na Bruiséile de réir a chéile, níl le déanamh ag na TíDíeanna anois ach bheith ag cur na cosa uathu mar gheall ar cheisteanna seafóideacha. Dá ndéarfadh Bertie "is breá an lá é" mhaífeadh lucht an fhreasúra go raibh se ró-bhrothallach, ró-fhuar, ró-fhliuch, ró-thirim, ró-ghaothmhar, ró-shocair, ró-gheal agus ró-scamallach. Ní haon ionadh é go bhfuil an pobal i gcoitinne (agus daoine óga go háirithe) ciniciúil faoin obair go léir.