30 July 2006

Domhnach Crom Dubh

atá ann inniu.

Tabharfaidh na mílte aghaidh ar Chruach Phádraig arís. Beidh comharbha Phádraig, an tArdeaspag Séan Brady, ina measc i mbliana.

Tá sé roinnt blianta ó bhíos fhéin ar an gCruach.

Ach bhíos ar cnoc inniu - ruaig mo bhean mise agus na gasúr suas Ceann Bhré; ait a bhfuil cros in onóir Chríost ar a bharr (ó bhliain naofa éigin san 1950í).

Ach is cosúil gur mó adhradh a déantar ar dhéithe an bheoir saoir agus na toitiní ann ar na saolta seo, ná ar Chríost nó fiú Lugh Lámhfhada nó Crom Cruach fhéin.





Lipéid:

2 comments:

Mo Dhuine said...

Bhí sé ar aigne agam an chruach a dhreapadh an bhliain seo ach go brónach ní raibh mé in ann de bharr gealltanais eile!!

An bhfuil aon ghrianghraif agat ar Flicker nó rud éigin mar sin ón chruach?
Agus cá fhad a ghlacann sé í a dhreapadh?

aonghus said...

a) Níl. Ach lean an nasc thuas.
b) Ní cuimhin liom. Roinnt uaireanta an chloig.