Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-09-02

Corca Dhuibhne

Ó tharla gur thug mo bhean lei an ríomhaire glúine (ar mhaithe le caiteamh aimsire dos na buachaillí má leanann an doineann ró fhada) glacfaidh mé an deis roinnt míreanna don blag a scríobh. Cuirfidh mé suas iad nuair átaim thar nais sa chathair arís, le cúnamh Dé (agus Comreg!).




Dé hAoine, 18ú Lúnasa

An timpeall a tháinig mé ans(e)o. Tharla go raibh deirfiúr liom ag obair ar feadh dhá lá i gCorcaigh, mar sin thóg mé an bus aneas (ghiorraigh an Bhab Feiritéar an bealach aneas dhom!), agus thiomáin sise siar go Corca Dhuibhne mé. Dá bhrí sin, thugamar sciuird gairid tríd Ghaeltacht Chorcaí. Taobh tíre diamhair agus álainn atá ann. Tá fonn orm filleadh agus tamall a chaitheamh cois Súláine.

Bhíomar stiugtha leis an ocras, agus ó bhí airgid le caitheamh, bhí fonn orm é fhágaint sa Ghaeltacht. Ach mó léan, bhí an "Cruiscín Lán" i mBaile Mhic Íre folamh agus iata romhainn.
Ní raibh fonn orm teach tabhairne a thaobhú ós rud é go mbíonn an bia daor agus gan a bheith thar moladh beirte níos minicí ná a mhalairt.

Sop in ait na scuaibe ab ea an bia gasta tí Supermacs i gCill Áirne.

Bhí sé a deich ístoiche sular shroicheamar an Baile Breac agus leaba! Is dócha ná raibh san ró olc - d'fhag mé an t-oifig i Mullach Íde ar a ceathrú chun a haon.

Thug mé suntas don oiread siopa le fograí i nGaeilge a chonaic mé fán bealach sa Ghalltacht - teach tabhairne amháin a raibh "An Aitiúl" mar ainm air ina measc. Agus proinnteach le "Nithe le n-ithe" thar an doras.




Dé Satharn, 19ú Lúnasa

Ceobhrán inniu. Chuig muid 'on Daingean ag siopadóireacht. Chaith mé seal in Oispidéal an Daingin ag tabhairt cuairt ar Reiner Rolff atá ag teacht chuige fhéin ina dhiadh do stroc é a bhualadh anuaraidh. Bhí se níos fearr ná mar a bhí súil agam, ach tá an caint fós stadach aige. Thuig sé cé mé fhéin ach ní raibh ar a chumas teacht ar m'ainm. Mar a dúirt a phairtí, tá na tarracháin san intinn greamaithe.

Cúis sásaimh dhom an oiread dem ghnó a bhíos in ann cur i gcrích tré Ghaolainn sa Daingean. Cheannaigh muid olann tré ghaeilge sna wollen mills, do lorg muid bioráin cniotála tí Ginnea ar an príomh sráid - áit ar labhair fear an tsiopa Gaolainn liomsa toisc gur i nGaeilge a bhíos ag caint le mo mhac. Bhí Gaolainn ag bean a'phoist chomh maith. Gan amhras thug mé sciuird isteach sa Chafé Liteartha, agus níor éalaigh mé ón ghnáth chinniúnt. Dhá "Choiscéim" nua ceannaithe agam - úrscéal ficsean eolaíochta a phioc Tiernán amach dó fhéin, agus an chéad mhír eile den sraith ar 1916 - Na Priompalláin - 1916 agus athscríobh na Staire. Tagairt atá sa teideal don cur síos atá ag an Chéitinnigh ar na staraithe frith Ghaelacha.

Is ea, iomarra, is nós don phriompallan, an tan thógas a cheann san samhradh, bheith ar foluain ag imeacht, agus gan chromadh ar mhínscoith dá mbíonn sa mhachaire, nó ar bhlath dá mbíonn i luibhghoirt, dá mba rós nó lile uile iad, ach bheith ar fuaidreamh go dteagmhaíonn bualtrach bó nó otrach capaill leis, go dtéann dá unfairt féin iontu.


Agus, dár ndóigh, bhí affogato agam agus ag mo bhean tí uí Mhurchú. Is fada mé ag fanacht air ó phléamar uachtar reoite ar chlár plé Daltaí ó chianaibh.


Tá an diabhail pobailbreith úd ar lic an dorais, agus "Dingle" sméartha ar an gcomhartha ag teacht isteach sa bhaile (ó Baile an tSagairt) dá réir.

Tráthnóna, chun faobhar a chuir ar ár ngoile, agus fonn codalta a chuir ar na gasúir, shiúil mé fhéin agus na buachaillí ón mBóthar Buí an bothríní tríd Cathair Scoilbín agus na Corr Aillí, agus thar nais ar an mbóthar go dtí an Baile Breac. Ó am go chéile bhí monabhar bhinn na mbeach sna deora dé le clos go soiléir. Tá an fraoch faoi bhláth, agus ná claíocha fán bóthar ildaite dá réir ag fraoch, deora dé, (an féar oraiste sin, ainm le haimsiú) agus an ioliomad lusanna eile. Bhí corr sméar dhubh aibigh ann, ach iad fós géar.

Ístoíche ansin chuas go dtí teach tabhairne an Bóthar le Harald agus beirt cuairteoirí a bhí aige. Gearmáineach eile, a bhfuil teach aige ar an mBaile Breac é Harald. Muinteoir is ea é, agus caitheann sé aon saoire a bhíonn aige ar an mBaile Breac, agus é ar intinn aige conaí go buan ann nuair a théann sé amach ar pinsean. Focal Béarla níor labhair mé an oíche ar fad! Bhí neart Gaolainne le clos sa teach tabhairne. Muintir na háite is mó a bhí ann. Chuir an "Géarmáineach" ag labhairt Gaeilge leo mearbhall ar corr dhuine!






Dé Domhnaigh, 20ú Lúnasa

Cheapamar go mbeadh aifreann ag 9.30 i Sáipéal na Carraige, ach ní raibh, agus b'éigean dúinn brostú siar go dtí an mBuailtín d'aifreann a 10. Agus muid ag teacht aniar arís cheannaigh muid ámhábhar bricfeasta ar an mBóthar Buí. Cé bheadh sa scuaine i mo dhiadh ach an Snodach é fhéin. Bhí beagainín sarú eadrainn agus bean a' tsiopa maidir leis an slí a mheallann sé airgead asam agus as daoine eile lena chuid leabhair!

Ainneoin an ceobhráin, chuamar ag siúl ar Fionn Trá, ó Árd a' Bhothair (mar a bhfuil teach tabhairne Phaidí Uí Shé) siar. Níorbh fada go rabhamar fliuch go craiceann ag an diabhail ceobhrán. Ghlan an t-aimsir agus muid ar tí bailiú linn, agus mar sin chuamar isteach ag snámh. Ach bhí an t-uisce fuar go maith, agus ní dhearnamar aon ró mhoill.

Anocht chuas suas go dtí teach na gcomharsan ag lorg iasachta sceana oibre. Bhí cómhra agam le fear an tí. Tá seisean go láidir ar son "Dingle/Daingean Uí Chúis" Creideann sé go bhfuilid ag braith ar na comharthaí bóthair i dTrá Lí agus Cill Airne a bheith ag tabhairt na famairí go dtí "Dingle". Is dócha go bhfuil cuid den cheart aige. Tá na comharthaí fós dhá theangach lasmuigh den nGaeltacht pé scéal é - ar a laghad na cinn agus tú ag teacht ó Chill Áirne.

Ach sí an cheist mhór ná conas a mhairfidh an nGaeltacht gan fostaíocht. Tá an t-iascach imithe, agus an feirmeoireacht ag imeacht. Tá cuimhne láidir agus doimhin, mar a dúirt sé, acu siúd a chuaigh ar imirce cheana, agus a ndearna a mhuintir fhéin fonóid futhu as easpa Béarla. Dúirt sé freisin gur mó daoine a labhraíonn gaeilge anois ná scór bliain ó shin, go hairithe iad siúd a d'fhoghlaim ar scoil é, nó mo leithéidí féin a tógadh le gaeilge sa Ghalltacht.



Dé Luain, 21ú Lúnasa

Chuas suas ar Cnoc Breanáinn le mo mhac is sine inniu. Thart ar 4 uair a thóg sé orainn. Bhí ana radharc againn chomh fada leis an 7ú staisún, ach uaidh sin ar aghaidh is sna scamaill a bhíomar. (Tá 14 cros staisúin na croise fán mbealach suas).

Chaith muid an cuid eile den lá go ciúin sa mbaile.



Dé Máirt, 22ú Lúnasa

Brádán sách trom a bhí ann ar maidin, mar sin thug muid aghaidh ar an nDaingean agus uiscedán Mhara Beo. Ba cuimhin leis an mBainisteoir (bean as Dún chaoin) muid ó anuraidh. Ticéad seachtaine a fuaireamar - 60 €, suas ó 48 anuraidh.

Ar aghaidh linn ansin go dtí Dún Chaoin. Bhí feabhas éigin ag teacht ar an aimsir. Bhí lón ana dheas againn san Ionad Ceardaíochta. Gaolainn ar fad ansin, dar ndóigh, agus bailiúchán de leabhra idir sean agus nua ar díol. D'eirigh liom smacht éigin a choiméad orm fhéin...

Ó bhí an uain go maith, ní sásodh dada an fear is óige ach dul ag snámh. Cuas an Bhodaigh is gaire don teach, agus d'fhan mise leis agus chuaigh an dream eile abhaile. Bhí sé ag cur arís faoin am ar tháinig mo bhean inár dtreo - bhíomar tosaithe ag siúl abhaile.




Céadaoin, 23ú Lúnasa.

Trasna an Conrach go Cáisléain Ghriaire linn, áit ar bhain na gasúr ana scléip as an gclub uisce ann.

Tá na radharcanna ar dhá thaobh an Conrach go hiontach ar fad. Tá an cuid is mó den bóthár leathnaithe ag an gcomhairle contae freisin, mar sin níl an turas chomh dian ar néaróga an tiomanaí is mar a bhíodh.





Sin eachtra Aonghusa cois Feothainaigh go n-uige seo


Ar lean uair éigin; bhíomar seachtain eile thiar, ach níor scríos níos mó agus mé ann





Lipéid: