02 September 2006

Cré na Cille

Ó tharla mé ar saoire, thug mé faoi Cré na Cille a léamh. Bhí an-drogall orm drannadh leis, mar níor éirigh liom riamh mórán adhmaid a bhaint as gearrscéalta an Chadhnaigh. Ach níorbh amhlaidh le Cré na Cille - seans toisc gur caint díreach ar fad atá ann. Bhain mé ana sult as eachtraí Chaitríona Phaidín agus a comhluadar sa reilig;

Chuir an rud ar fad an "aiste" úd a scríobh an banlaoch in Educating Rita maidir le conas na dúshláin le Peer Gynt a léiriú a sharú:

I'd do it on the radio


Ar ndóigh, chuaigh lucht RnaG i ngleic le Cré na Cille siar sna seachtóidí, agus leathchuala mé mír nó dhó le tamall anuas - bhíothas á athchraoladh. Tá an rud ar fad ar fáil ar 8 CD ar 40 Euro anois.

Tá an chaint créiúl, tiríul a bhí Ó Cadhain ag trácht ar i bPáipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ann go flúirseach. Ach ní ar mhaithe leis an gcaint amháin is fiú é a léamh - ana scéal atá ann (nó iontu, le bheith cruinn - a scéal féin scéal gach choirp, agus scéal a deirféara scéal Chaitríona!)


Lipéid:

3 comments:

Séamas Poncán said...

Cá bhfuair tú é? Nach bhfuil sé as cló fós? Níor léigh mé riamh é.

aonghus said...

Bhí cóip sa bhaile ag mo mhuintir le fada an lá. Ba cheart go mbeadh eagran nua i mbliain seo an chéid - is dóigh liom go bhfuil sé idir lámha.

Séamas Poncán said...

Cheapfá...