Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-02-20

Anois teacht an Charghais

Inniu Máirt na hInide.

Tá sé i gceist agam mo chrannóg gaoiteareachta a fhágaint balbh go dtí go mbeidh deireadh leis an gCarghais.

Slán go fóill!

2007-02-19

An iad na mná amháin atá freagrach?

Tá bolscaireacht chun cur i gcoinne galair a tholgtar de bharr collaíocht ar bun ag an FSS.

Le féachaint ar na fograí, cheapfá gur ceist do mhná amháin atá ann smaoineamh air, agus bheith réidh le coiscín a bhrú anuas ar bhod a bodach.

Meabhraíonn sé scéal dom a chonaic le deanaí san nuachtán, go mbraitheann mná óga faoin dtuath an-bhrú bheith "gníomhach" maidir le collaíocht, ach ag an am chéanna gur deacair dóibh aon rud a dhéanamh maidir le frithghinúint - toisc go bhfuil aithne ag cách orthu, agus go mbeadh meas striapaigh orthu dá rachadh siad isteach sa phoitigéar ar lorg coiscíní nó a léithéid.

Sé an seasamh atá agamsa ná seasamh na hEaglaise CR - gur rud maith an collaíocht, ach gur laistigh den pósadh agus oscailte do leanaí an t-aon fráma cuí dó. Nó, ar a laghad, laistigh de chaidreamh buan, ina bhfuil bean agus fear ag glacadh freagracht dá chéile.

Bhí píosa mhaith ag David Quinn san Irish Catholic mar gheall ar seo an tseachtain seo chaite.

Feictear dom go bhfuil an seanscéal fós fíor - trua agus taise don mhac drabhlásach, ach chun diabhail leis an iníon drabhlásach.

Cén sórt saoirse é sin?

2007-02-16

Ach, an bhfuil tú sona?

Sin atá ag déanamh buartha do Choinín na Rósanna ar na saolta seo.

Bhuel. Is fostaí íoc-gach-a-thuillir mé a chaitheann ceithre uair a chloig gach lá ag taisteal idir an bhaile agus mo láthair oibre.

Cad is dóigh leatsa, Pat?

Ach ní dóigh liom go bhfuil leigheas na ceiste agatsa agus Enda.

Ba bhreá liom an dream atá istigh a fheiscint scuabtha chun siúl, ach is eagal liom nach bhfuil de rogha againn an uair seo ach cén feol a bheidh sa cheapaire.

Feol Ghlas mo roghasa, cé go bhfuil amhras orm faoi roinnt de pholasaithe an Chomhaontais Ghlais ar cheisteanna a bhaineann le beatha agus an pósadh.

2007-02-15

Colúnaí faobhrach, foclach, agus lán do dhorn de f-anna eile

Is ea Alan Titley.

Feicim gur bhain sé gradam IFTA amach dá chuir síos ar sár fhoclaí eile, Mairtín Ó Cadhain.

Is fiú an Times a cheannach Déardaoin ar mhaithe le colún Alan a léamh. Bhí Tour de force iolbhéarlach aige inniu, nathanna fraincíse sníomhta tríd an Ghaeilge aige - sméar mullaigh na cleasa ná gurbh nathanna iad a bhíonn le fáil coitianta sa SacsBhéarla ardnósach.

Agus cé eile a cheanglódh Bod na Peiste leis an déchatháir Maigiarach?

An rud is fearr faoi seo uilig ná go mbíonn baint ag a chuid colúin (agus cinn an Mháirt chomh maith) le níthe lasmuigh de shaol stánadh-ar-ár-nimleacánach na cúise.

Treise ar a mhéarchlár! Pulitzer na Gaeilge dó ar an bpointe!


(Anois, dá bhféadfhainn dul i ngleic lena shaothar ficsean, ach sin scéal eile. Is fusa liom iriseoireacht an Chadhanaigh a léamh chomh maith. Seans toisc an neasacht a bhaineann le colún seachas saothar ealaíona?)

2007-02-14

De réir uimhreacha

Beiḋ Unicode, nó níoſ feaɼɼ fóſ, cló gaelaċ de ḋiṫ ċun an blag seo a léaṁ!

Do scɼioḃ Michal aiste ḃreá ar Unicode.

Ḃain sé dúis ag
an tOireċtas,
(Comórtas a14: aiste ar ṫéama innealtóireaċta)

Rud náɼ luaiġ sé ná go ḃfuil sé i ḃfad níos fusa an cló gaelaċ a úsáid de ḃarr unicode - tá na litreaċa séiṁiṫe ar fáil sa ġnáth cló roṁánaċ, aċ tá siad níos deise le cló gaelaċ. Tá an rud ar fad níos fusa fós aċ feiḋm a ḃaint as méarċlár cóiriṫe,

Mar ṡámpla:


http://www.fainne.org/gaelchlo/kbdga.html

http://www.europatastatur.de/

http://mearchlar.tripod.com/


Lá 'le Vailintín

atá ann inniu gan amhras.

Cad a thug mé do mo bhean, an ea? Dúnmharú mhaith, ambaist!

Dar ndóigh, is Dub é San Vailintín fhéin anois - mar is eol do chách, tá a thaisí in Eaglais na mBráithre Geala

Naomh le dlúthcheangal leis an bpósadh é San Vailintín: mar sin guím dea-chríoch ar an gcuid agaibh nach bhfuil pósta, agus nára bposfár an gcuid eile agaibh arís!

2007-02-08

Scáil Fhada na bPéas Rúnda, II

Feicim go bhfuil spiaire de chuid na Rómáine ó Ré na gCumannach ag maíomh go raibh lámh aige, agus ag an KGB, sa dráma úd, Der Stellvertreter (An tIonadaí) atá lárnach san béaloideas tuatach go raibh Pius XII mór le Hitler.

Tá a scéal le léamh anseo:

Is cuma cé chomh minic is a cruthaíonn scolairí, idir Críostaí agus Giúdach, nach bhfuil fírinne ar bith san scéal seo, tá "fhios" ag gach aoinne go raibh Pius XII lámh i lámh le Hitler i gcinediothú na Giúdach.

Tá bailiuchán maith den gcás ar son Pius XII anseo:

Más desinformatsiya de chuid an KGB a bhí ann, d'éirigh go seoigh leis.

Macaibh dilís d'Athar na Bréaga ab ea iad, gan amhras.

2007-02-06

Bláthanna seaca

Maidin fuar seaca a bhí ann inniu.

Chonaic mé corr charr le bláthanna seaca ar na fuinneoga.

Tá ealaíon seo "Daidí bheag an tSeaca" (mar a thugann na Rúisigh air) beagnach imithe as an saol anois agus fuinneoga gloiniú dúbailte chomh fairsing.

Is cuimhin liom na bhfrachtal seo a bheith sách coitianta againn ar na fuinneoga sa bhaile.

2007-02-05

Lasair na Gréine

Úrscéilín bhreá ó Clare Lyons. Do dhéagóirí.

Cheannaigh mé inniu é, agus léigh mé d'aon ruathar san traen aneas trathnóna.

Scéal draoíchta ina bhfuil scéal bundúchasaigh na hAstráile nasctha go healaíonta le scéal Éireannaigh.

An t-aon locht a bheadh agam air nár fobraíodh an scéal agus úrscéal, seachas úrscéilín a dhéanamh de.

Seo an méid a bhí le rá ag Philip Cummings i Lá (Nua)

Úrscéal do dhaoine óga atá anseo, ach bhain mé féin sult as agus bheadh sé oiriúnach do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge fosta.
Mar is dual don chineál, tá sé éachtrúil, suimiúil agus rud beag dochreidte, ach téann an scéal ar aghaidh go gasta agus tá an scríbhneoireacht mhaith.




Tá súil agam go mbeadh mé in ann mo mhac a mhealladh chun é a léamh sa bhearna idir dhá imleabhair d'Alex Rider....

2007-02-02

Comhlánú le dónna agus ríomhchleasa eile.

Ag éirí as plé ar Daltaí
Fadó, fadó....
Is le 1 agus 0 a oibríonn ríomhairí, lasc dúnta nó oscailte.
Chun usáid a bhaint astu, caithfear brí a bhaint as na huimhreacha dénártha seo.
Is cuma leis an riomhaire, nó le bheith cruinn, níl brí iontu don ríomhaire. (Ní mór dom bheith cúramach anseo - bhí rudaí crua le rá ag Djikstra faoi daoine a labhrann faoi ríomhairí i dtearmaí daonna.)
Cuirtear na giotan i mbeart.

Má thuigtear beart 4 giotán mar uimhir dearfach, is féidir ó 0 go 24, i. 16 a chuir in iúl.

Ach tá uimhreacha diúltacha ann freisin.
An chéid scéim ná comhlanú le haonna, sé sin, na giotán a iompu.

00012110
11102-110


ach cuireann sin uimhir amú
00002010
11112-010


Níl difríocht idir 0 agus -0 (de ghnáth)

mar sin, baintear feidhm as comhlánú le dónna. Cuirtear 1 leis an luach a fuaireadh le comhlanú le haonna.

00012110
11112-110


anois is feidir na huimhreacha ó -2n-1 go dtí 2n-1-1 a chuir in iúl le n giotán:

00002010
00012110
00102210
00112310
01002410
01012510
01102610
01112710
11112-110
11102-210
11012-310
10002-410
10112-510
10102-610
10012-710
10002-810


Tá buntáiste eile ag comhlanú le dóanna - feidhmíonn suimiú agus dealú mar a bheifeá ag súil leis:

00102 - 11112 = 2 - (-1) = 3 = 00112
00102 + 11112 = 2 + (-1) = 1 = 00012

Saoirse creidimh faoi bhrú ag "ionannas"

Tá dlí nua in aghaidh idirdhealú i seirbhisí ar na bacáin san Ríocht Easaontaithe.
Táthar ag cuir in iúl gur ionann gach idirdhealú agus leathcheal. (Nach beacht í an Ghaeilge, trí fhocail aici ag freagairt don dá bhrí atá ag discrimination an Bhéarla - tá fábhar ann chomh maith).

San cás airithe seo, tá gníomhaireachtaí uchtaithe á reachtail faoi choimirce na hEaglaise Caitlicí Rómhánaigh. Tá hómaighnéasacht gníomhach mícheart de réir teagasc na hEaglaise. Ach beidh orthu, de réir an dlí nua, glacadh le lanúin aeracha mar chlann altramais - sé sin, a gcoinsias a éigniú. Sé sin, nó dul as gnó.

Bhí cás dá léithéid anseo le CURA agus eolas ar ghinmhilleadh.

Ní hionann scaradh idir Stát agus Creideamh agus an Stát ag brú creideamh anuas ar eaglais - níl, tar éis an tsaol, sa "tuathachas" nó sa "coibhneasachas" ach Weltanschauung eile, i. creideamh.

Tá sé de cheart ag an Stát dlí a chuir i gcrích a chuireann deis uchtaithe an fáil do lanúin aeracha. Ach leathcheal atá ann gan saoirse coinsiasa dreamanna le teagasc a aithint.

Cillíní, coirpigh agus cliantachas

Tá an tslí ina ndéanann ár TDanna ionadaíocht "phearsanta" sa nuacht le tamaill, le scéal Tony Killeen agus na coirpigh ar chuir sé (nó a oifig) focal i gcluas an Aire Dlí agus Cirt ar a son.

Tá's ag an saol mór gan mar sin a oibríonn an chóras - clinicí na polaiteoirí ag dáileadh "eolas" atá an fáil pé scéal é don té a chuireann beagán saothair ar féin; ag scríobh litreacha chun freagraí atá ar eolas acu pé scéal é a fháil.

Agus muide, lucht Íoc-gach-a-thuillir ag íoc as an gcarnabhal ar fad.

Cinnte, ó ham go chéile, bíonn toradh fónta air an ionadaíocht seo - b'iad Jim Higgins agus Brendan Howlin a ardaigh scéal na bpéas lofa i nDún na nGall, mar shampla.

Ach seans go bhfuil gá le dlíthe nua chun a leagan síos cad tá ciallmhar, agus cad nach bhfuil. Agus nach nghabhfaí i ngiorracht scread asail d'ionadaí poiblí go dtí go mbeadh triail bainte as na ngnath bealaí agus foinsí eolais.

Don aos idirlín, tá comhairle ar fáil. Gníomh fónta a bheith ann dá gcuirfeadh an stát airgead isteach in oifigí eolais, go hairithe faoin dtuath. D'fheadfaí iad a nascadh le hoifigí an phoist. Dá gcuirfí caife-beair Mac Dubhghailleach leo, bheidh ionaid nua pobail ann....