08 February 2007

Scáil Fhada na bPéas Rúnda, II

Feicim go bhfuil spiaire de chuid na Rómáine ó Ré na gCumannach ag maíomh go raibh lámh aige, agus ag an KGB, sa dráma úd, Der Stellvertreter (An tIonadaí) atá lárnach san béaloideas tuatach go raibh Pius XII mór le Hitler.

Tá a scéal le léamh anseo:

Is cuma cé chomh minic is a cruthaíonn scolairí, idir Críostaí agus Giúdach, nach bhfuil fírinne ar bith san scéal seo, tá "fhios" ag gach aoinne go raibh Pius XII lámh i lámh le Hitler i gcinediothú na Giúdach.

Tá bailiuchán maith den gcás ar son Pius XII anseo:

Más desinformatsiya de chuid an KGB a bhí ann, d'éirigh go seoigh leis.

Macaibh dilís d'Athar na Bréaga ab ea iad, gan amhras.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Tá dlí nua conspóiteach chun teacht i bhfeidhm sa Pholainn, agus nochtófar ainmneacha gach duine a thug cabhair do na póilíní rúnda. Aon tuairim agatsa faoi?

aonghus said...

Tá amhras orm faoin gcuir chuige seo.

Facathas sa Ghéarmáin go ndéanadh duine a liostáil mar fhoinse nuair nach raibh aon teangmháil soiléir acu leis na Péas.

Abair dá mbeadh mise i mo Fhoinse don Péas, agus gur chuir mé ar aghaidh eolas a chuala mé uaitse.

Gach seans go mbeadh tusa liostáilte mar fhoinse.

Scriostar muinín leis an gcuir chuige seo, agus bíonn sé ionann is dódhéanta saontacht duine a chruthú.

aonghus said...

Feicim go bhfuil amhras ar Mhiroslav Cardinal Vlk chomh maith:

http://www.cardinalrating.com/cardinal_120__article_5253.htm

aonghus said...

http://www.cardinalrating.com/cardinal_120__article_5253.htm