19 April 2007

An físeán sin

Is dóigh liom gur droch-bhotún a rinne NBC nuair a d'fhoilsigh siad an físeán úd ón ngealt a rinne an sléacht i Virginia Tech. Bíonn baol an "coir aithrise" i gcásanna mar seo i gcónaí. Tá eagla orm go gcuirfidh an físeán, agus an cáil iar bháis a thugann sé do mo dhuine, leis an mbaol.

Tá súil agam go bhfuil breall orm.

Síocháin Dé go raibh ag na híobartaigh, agus sólás dá gclann.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Mura bhfuil a fhios go díreach ag éinne faoin uafás seo a tharla in Virginia, seo cur síos cruinn.

Séamas Poncán said...

Agus tá an ceart agat.

aonghus said...

Is trua liom sin.

Is fearr liom bheith ceart de ghnáth, ach b'fhearr liom bheith mícheart an uair seo.