30 May 2007

Bás agus Beatha mar siamsaíocht

Anois, ón dream a bhronn "Big Bother" orainn, clár teilefíse ina shocródh bean atá ag saothrú an bháis cé do a dheonóidh sí a hae.

(Scéal anseo)

Seo Cultúr an Bháis agus "Iomráiteachas" imithe thar fóir ar fad.

Níl eitic ar bith nach reicfear ar son cúpla bomaite "cáile".

Teilifís réaltachta?



Aguisín. Bhí scéala ar ar nuacht anocht gur bob a bhí ann.

Fíor othair a bhí ag lorg duáin (seachas ae mar a scríobh mé thuas), ach aisteoir ab ea an deontóir.

Cleas margaíochta do Chumann Duán, is cosúil. Ach fós táim amhrasach faoi.

2 comments:

MBM said...

Chuala mé trácht ar an scéal seo cheana. Is an-smaoineamh é ó thaobh na fiontraíochta de (seans go mbuafadh sé Barr 50 dá as Gaeilge a bheadh sé) ach tá sé róchruálach - cineál cosúil le cluichí fuilteacha na ngliairí in aimsir na Rómhánach, i ndáiríre. Má tá aon chiall ag muintir na hÍsiltíre diúltóidh siad breathnú air mar agóid.

Fearn said...

Is iontach féith grinn an Ollainnigh. Fós ba scige é, buíochas le Dia