04 June 2007

Beirlín nó Boston?

Ó tharla na Glasaigh a bheith ag i mbun idirbheartaíochta le Fianna Fáil, is cosúil go mbeidh muid ag druidim i dtreo Bheirlín arís, tar éis leath scór bliain ag adhradh dia bhréige an margadh.

Is mithid.

Sozialemarkwirtschaft, sé sin le rá geilleagar margaidh ach le bonn láidir cothromaíochta. Sin é ár leas uilig. Tá dóchas agam go dtabharfar aghaidh, faoi Rialtas ina bhfuil na Glasaigh páirteach, ar an bpraiseach pleanála sa tír seo; tithe á dtógáil beag beann ar acmhainní uisce, séarachas, scoileanna, ....

Ach tá bóthar fada le dul fós sula mbeadh an margadh déanta.

Beidh le feiscint ar an 14ú Meitheamh.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Déarfainn nach bhfuil aon taithí agat ar Bhoston.

aonghus said...

Níl, is fíor.

Ach is tagairt atá ann do rud a dúirt iar (agus arís) ceannaire na PDanna, Mary Harney;

Leigh anseo é

Séamas Poncán said...

An saghas cainte sin a chothaíonn an bhiogóideacht fhrith-Mheiriceánach. Ach níl an locht ortsa.