17 June 2007

Páipéir Bán na hEorpa ar an Spás

Rinne Michal blagadóireacht ar pholasaí SAM sa Spás tamall ó shin.

Seo polasaí an Aontas Eorpaigh.

Tá (cén iontas agus mé ag obair dóibh) níos mó ba agam leis an bpolasaí seo.

Ach tá blas den concas ag baint leis chomh maith. Ní maith liom sin.

Eolas an rud is luachmhara atá le fail ón Spás, agus is féidir eolas a roinnt gan é a laghdú.

Tá dul chun cinn déanta sa loingseoireacht, i gcúrsaí tuar na haimsire, i gcúrsaí cumarsáide de bharr taiscéalaíocht sa spás. Ní gá d'aon stát monaplacht a bheith acu ar na nithe sin, agus is fearrde muid ar fad iad a bheith ag roinnt na costais agus an t-eolas seachas a bheith i mbaoth iomaíocht lena chéile. Fágtar an iomaíocht faoi na comhlachtaí a tháirgíonn na satailítí agus rl.

7 comments:

Séamas Poncán said...

Inis do na Sínigh é.

aonghus said...

Ó tharla iadsan a bheith i bhfad siar ar gach dream eile, cheapfhainn go mbeadh siad brea sásta margadh a dheánamh, mar atá deánta acu le gach rud eile.

Séamas Poncán said...

Braitheann arm Mheiriceá go mór ar shatailítí, agus rinne an tSín tairgead de cheann díobh tamall ó shin. Níl siad i bhfad siar ó chogadh sa spás, más mian leo. Níl gach éinne go deas sa saol seo, faraor. Ba chóir dúinn bheith pragmatach.
Is fearr an mhaith a lorg aon uair is féidir, gan dabht. Ach is minic nach féidir.

aonghus said...

Bunaíodh an tAontas Eorpach chun cogadh a sheachaint, tríd forlámhas ar ghual agus chruach a roinnt.

D'oibrigh sé.

D'fheadfaí an rud chéanna a dhéanamh sa spás.

Sin fíor pragmatachas!

Séamas Poncán said...

alt ar an ábhar seo

aonghus said...

alt shuimiúil.

Níl sé ar fad léite agam fós.

Cinnte, ní cheart neamhaird a dhéanamh den bhféidireacht go bhfuil drochfhuadar faoi na Sínigh.

Ach ní chreidim i "Si vis pacem, parabellum"

Iad a cheangal isteach i mogalra spáis sa chaoi is nach féidir leo dochar a dhéanamh don Iarthar gan dócha a dhéanamh dóibh féin an slí chun cinn.

aonghus said...

Léite anois.

Seachas an leithlisiú (SAM leo féin i gcoinne an domhain) aontaím le cuid mhór de.

Is fiú an trealamh sa spás, ar a bhfuilimid ar fad spléach, a chosaint. Agus beidh gá le meascán de chonraí, teicneolaíocht, agus taidhleoireacht seasta chun sin a bhaint amach.