13 July 2007

Ní dhéanann an Eaglais fuaimghreimeanna

(sea, tá's agam, droch Bhéarlacahs atá san teideal)

Tá deacracht bunúsach amháin sa chumarsáid idir an Eaglais Caitliceach agus na Meáin Cumarsáide, Aeropagus na hAoise seo.

Bíonn litreacha na Vatacáine doimhin, dlúth, uileghabhálach. Caithfear iad a léamh ina n-iomláine. Agus go minic, an comhthéacs níos leithne a chuir san áireamh.

Ach ní mar sin a ghintear ceannteideal. Stractar cúpla leath abairt as na docúméid, agus baintear casadh astu ar mhaithe le pé dearcadh atá ag an scríobhnóir a leiriú.

Ach, ag deireadh an lae, ní chun ceannlinte a ghinúint atá na cáipéisí seo, ach ar mhaithe le foirmiú na firéin. Más mian libh cur le bhur n-eolas ar an gcreideamh, ná bac na nuachtáin. Bíonn an bunleagan ar fáil ó shuíomh na Vatacáine. Nó, go deimhin, tríd Zenit

1 comment:

MBM said...

Níl aon taithí agam ar chumarsáid phoiblí na Vatacáine, ach tá taithí agam ar an rud a dhéanann iriseoirí. Lúbann siad an fhírinne de réir mar a oireann dóibh.