Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-08-30

Labhraidh Loingseach

Fuair mé cóip de Lowry Maen le Padraic Colum do mo lá bhreithe.

Insint fileata i véarsaíocht ar shaol Labhraidh Loingseach atá ann. Tá cnámha an scéil le léamh i Foras Feasa ar Éirinn

Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Móir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón bh-Fraingc go h-Éirinn, grádh éagmaiseach tug Moiriath inghean Scoiriath ríogh críche bhFear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar méid na clú is na dteastas do bhí air.


Ní minic a léim filíocht, agus is annaimhe fós a léim dán fada den t-sórt seo. Caolseans mar sin go mbeadh an leabhar seo roghnaithe agam dom fhéin.

Ach thaitin sé go mór liom. Tá teannas sa scéil, ag bogadh ar aghaidh ó feallmharú Laoghaire Lorc (a athair mhór de réir Céitinn; a athair de réir Colum), thar na blianta ar a choimeád i gCorca Dhuibhne agus deoraíocht sa bhFrainc go dtí a fhilleadh buach agus a phósadh grámhar.

Ní raibh ach dhá locht agam air: na hainmneacha gaelacha a bheith curtha as a riocht chun Béarla a chuir orthu, agus beagán síor agus aniar idir na caibidil a bhris snáth an scéil. Ach mionrudaí iad seo.

Roimhe seo, ní raibh aon chuir amach agam ar Labhraidh Loingseach ach gurb é fear na gcluas capaill. Scéal eile atá ag Céitinn:

Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh;....Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith 'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair.


Ábhar úrscéal grafách den scoth atá anseo; meas tú ar cheart é chuir ar shúile Colmán Ó Raghallaigh?

2007-08-29

Cad is Éireannach ann?

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 9 1 2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta.
Airteagal 9: 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Airteagal 40
1. Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
Airteagal 44 2
3° Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.


Ceist eile is ea féiniúlacht. Ach ceist don duine féin é.

Tugtar Éireannaigh Nua ar na heachtrannaigh atá tagtha go dtí an tír seo le tamall. Meas tú an mó duine acu a ghlacann leis an lipéid? Nó an mbeadh an dearcadh céanna acu agus a bhí ag Eoin Ó Murchú:
Tógaimis sampla: mar a dúirt mé rugadh is tógadh mé féin i Sasana – de bhunadh Éireannaigh an Ghorta is gan blas ar bith de fhuil neamhÉireannach ionam (má tá a leithéid d'fhuil ann). Tá a fhios agam cén freagra borb a thabharfainnse ar éinne a thabharfadh “Sasanach Nua” ormsa.
Bhí mise deich bliana sa Ghearmáin. Bhí Gearmáinis líofa agam, agus réitigh mé go breá leis an muintir ann. D'fheadfá a rá go raibh mé comhshamhlaithe. Ach níor cheap mé riamh gur Gearmánach mé, nua ná sean. Éireannach ab ea mise. Agus mé mortasach as.

Dlitear meas ar dlí na hÉirinn ó áitritheoirí. Dlitear meas ar fhéiniúlacht an duine aonair ón Stát.

2007-08-28

Saol Daoine Eile

D'éirigh linn, ar deireadh Saol Daoine Eile a fheiceáil. An scannán úd faoi péas rúnda na Gearmáine Thoir. In amharclann an Mermaid a chonaic muid é, agus an áit lán go doras. (Bhí ceannaire gníomhach an lucht oibre ann. N'fheadar cad a cheap sise faoi na sáiteáin faoi shóisialaigh san scannán...)

Thaitin an scannán go mór linn araon. Bhí na carachtair uilig inchreidte. Seanscéal an fhir cumhachtaigh a santaíonn bean fir atá faoina smacht. An t-ealaíontóir atá dall ar an saol toisc go bhfuil sé mar ghrian ina chóras fithis fhéin. An fear ionraic a chreideann gur leas an phobail atá á dhéanamh aige, agus é gan trócaire dá bharr. Go dtí go gcreimtear an creideamh sin idir daonnacht a íobartaigh agus fimíneacht a lucht ceannais. An sárachán gan trócaire ná meas ar duine ar bith, ach ar a leas fhéin. An banaisteoir a bhfuil a muinín á neartú aici le drugaí.

Bristear ise. Bristear an póilín rúnda ar shlí freisin, ach go dtugann sé a féinmheas slán. Sleamhnaíonn an chuid eile tríd.

Mhair mo bhean tríd an tréimhse san i mBeirlín, agus bhí sí i dteagmháil le scáta ealaíontóirí. Bhuail mé fhéin le roinnt acu. Cheapamar araon gur thug an scannán léargas maith ar an cos istigh, cos amuigh a bhain le h-aos dána an DDR.

An t-aon locht a bhí aici air ná go raibh na sráid-dreacha níos duairce ná mar ba cheart dó lár an n-ochtódaí - Trabis amháin le feiscint, cé go raibh Skoda agus rl ann san fíor saol.

Sár scannán. Nach méanar dúinn nár mhair faoi chuing péas rúnda riamh? Gur amhlaidh a bhéas amach anseo freisin.

Dóibh siad a mhair tríd, tá an cneasú fós ar siúl, agus oifig airithe ann chun cabhrú leo teacht ar pé fírinne is féidir.

2007-08-22

Printíseacht

Agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice, na blianta fad ó shin, chonaic mé an rann seo greanta i gcloch:

Wer ist Meister? Der was ersann!
Wer ist Gesell? Der was kann!
Wer ist Lehrling? Jedermann!


Sé sin:

Cé hé an máistir? An té a chum ní!
Cé hé an fear pá? An té a bhfuil ní ar a chumas!
Cé hé an printíseach? Cách!


Ceird atá i bhforbairt bogearraí, agus sé an tslí chun an cheird a fhoghlaim na ó mháistir. Ach amháin go bhfilleann muid ar an bprintíseacht go minic de bharr na hathraithe tobann san teicneolaíocht. Is maith ann na maistrí i gcéin a thugann an tIdirlíon níos gaire dúinn!

2007-08-15

Ailceimic an ghutha

Braitheann an radio go hiomlán ar fuaim, agus is cuid tabhachtach de sin guth na gcainteoirí.

Éistim sách minic le sobaldhráma RnaG, Cois Cuain. Tá caractéir amháin ann ar ghlac mé col leis ó thuas. Mangaire sleamhain, slítheanta aracháis agus sceimeanna eile chun airgead a mhealladh ó dhaoine é. Ansin, sa mhullach ar sin, tá sé lán de éad agus d'amhras faoina bhean chéile; agus batrálann sé í. Go deimhin, an uair deiridh a chuala mé an chlár bhí sise torrach de bhrí gur éignigh seisean í, agus eisean fós amhrasach arbh leis an leanbh.

Bithiúnach agus cladhaire go smior.

Anois, tuigim go maith nach ionann an aisteoir agus an caractéir. Ach mhothaigh mé an col chéanna nuair a chuala mé a ghuth, agus é ag déanamh láithreoireacht ar chlár éigin eile. Thóg sé tamall don mothúchán sin trá.

2007-08-14

Ór dubh, ór donn, agus bainne Chiarraí

Bhí roinnt mhaith affogato agam Tí Uí Mhurchú agus muid thiar.

Cumasc chumhachtach d'uachtar reoite agus espresso. Ar mholadh ó fear an tí é fhéin, bhain mé triail as le huachtar reoite seacláide. Thar barr ar fad. Níos fearr fós le "seacláid agus fhuisce"!

Tá siad ag baint feidhm as bainne bhá Ciarraí, cineál atá faoi bhagairt anois freisin.

Is fiú cuairt a thabhairt ar an mbaile úd gan ainm ar mhaithe le Milseoga Uí Mhurchú!

2007-08-08

Namhaid an cheird ...

... gan í a fhoghlaim

Chaith mé an deireadh seachtaine a déanamh obair dathadóire. Obair nach bhfuil lé ná gean ná scil ar bith agam chuige. Ach na pingineacha....

Bhí orainn spás a chruthú ar dhóigh éigin toisc triúr a bheith inár gcúram anois. Athchóiriú áiléir leigheas na faidhbe san ré seo nach dtig le aoinne teach sách mór a cheannach gan an Crannchur a bhuachaint!

Mar sin, chaith mé an deireadh seachtaine ag cuir dath ar fallaí an tseomra nua - an chuid is mó de ar mo ghlúine. Tá pianta in matáin narbh eol dom iad a bheithe ann! Is scíth mo chrob ón bpéintrollóir. Creideann mo ghlúine go rabhas i Lorg Derg. Agus maidir le'm dhrom.....

Fear gan bhean, gan chlann,
Fear gan bheann ar aoinne!

Ach táid agam, agus de ghnáth, cúis mórtas agus áthais dom sin. Ar aghaidh linn, mar sin.

2007-08-02

Fontenoy

Bhí mé ar saoire le coicís agus d'éirigh liom an leabhar úd a léamh ar deiridh thiar thall.

Tá trí snáth sa leabhar, guth an údair, agallamh idir staraí francach agus oifigeach Éireannach a bhí páirteach sa chath, agus leagan an Oifigigh fhéin - an ceann deiridh san scríofa i nGaeilge na linne sin.

Thaitin an leabhar liom, ach níor bhraith mé gur chuir na sleachta ina raibh an údar ag caint go díreach leis an léitheoir leis an scéal a bheag nó a mhór. Bhris siad an teannas dar liom, agus ní raibh suim dá laghad agam sna teoiricí litríochta agus socheolaíochta iontu.

Maidir le Gaeilge na 17ú haoise, ní raibh sé deacair chor ar bith í léamh.



Fontenoy
Liam Mac Cóil
ISBN 1898332193
Leabhar Breac 2005

Bia Polainnis [sic]

Bhí mé i Tesco i dTrá Lí ar na mallaibh nuair a chonaic mé fógra do "Polish" i measc na gcistí mílse. Bhí mearbhall orm faoi snasán a bheith i measc an bhia go dtí gur thug mé faoi ndeara gur "Polainnis" an leagan Ghaeilge a bhí ar an bhfógra. Bia Polannach a bhí i gceist.

Seo nós atá ag éirí níos coitianta sna hollmhargaí abhus: tairgí on bPolainn a dhíol le himirceoirí ón dtír sin. Bhí na siopa Polannacha ag éirí fairsing, agus seo an aisfreagra ó na boic mhóra. Go deimhin, tá Polsky Sklep ar sráid Eoin sa Daingean anois fiú.

Failtím roimhe seo: tá na tairgí seo sách gar don saghas beatha a thaithin liom sa Ghearmáin agus nach bhfuil ar fáil de ghnáth abhus.



Fógra aisteach eile a chonac le deanaí (arís i Tesco, i Luimneach an iarraidh seo) ná "Preabsábh" i measc na bréagán do leanaí!