03 September 2007

Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská

Mheabhraigh blagmhír Michal faoin Sudetenland an mion eachtra seo dhom.

Sna 1990í luath, bhí mé ag siúl leis an té arbh í mo bhean anois í san chuid sin de Phoblacht na Seice. Chaith muid an oíche i Rynartice, agus bhí siúlóid sách fada againn tríd gleann go dtí Chřibská.

Bhí fonn ormsa Aifreann Domhnaigh d'éisteacht dá mb'fhéidir é.

Tháinig muid chomh fada leis an eaglais i Chřibská, agus bhí Aifreann ar tí tosú. Ní fhaca mé riamh roimhe sagart (ná duine eile) a bhí cromtha le haois; ach bhí. Beirt eile a bhí san eaglais, más buan mo chuimhne.

Eaglais fíor álainn atá ann - thug mé suntas don scríbhinn (i nGearmáinis) ar balla amháin ag cur i gcuimhne gur ndearnadh athnuachan ar an eaglais i 1796.

Rud suntasach eile ná leac comórtha i gclós na heaglaise. Bhíothas ag maíomh as oifigeach in arm na hOstaire a bhí sáinnithe i gcrann úll ach a fuair an ceann is fearr ar naonúr Prúiseach sular leagadh é fhéin. Bhí an cuma ar an leac go ndearnadh athnuachan air tamall roimhe. (Anois, sin cogadh a bhí ann i bhfad roimh an dara Cogadh Domhanda). Bhí an ceantar sin ar an teorainn idir ríochtaí riamh anall.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Bhí aithne agam ar fhear arb Sudatendeutsch é. D'inis sé dom go raibh ar lucht labhartha na Gearmáinise imeacht tar éis an chogaidh, mar chuir muintir na Seice milleán an chogaidh orthusan, mar dúradh gur thosaíodh an dara cogadh domhanda mar gheall orthusan. Ní chloistear faoi fhualaingt na ndaoine seo go minic.

aonghus said...

Mar is gnách sna cursaí seo, tá roinnt fírinne sa scéal, sa mhéid is go ndearna roinnt beag Sudetendeutsche agóid le dul "Heim ins Reich" (cé nach raibh siad riamh ina mbaill den Reich sin; le hImpireacht na hOstaire a bhain siad, ach bhí an Ostair slogtha cheana, gan amhras.)

D'inis Michal scéal deas grinn dom aréir: níorbh fada a d'iompaigh an "Wir wollen heim ins Reich" ina "Wir wollen heim, es Reicht"

Séamas Poncán said...

Reicht nó riecht?

aonghus said...

Reicht "es reicht mir" = "tá mo sháth agam"