Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-09-17

Gleann Dá Loch



Bhí mé i Gleann Dá Loch Dé Domhnaigh. Bhí sé i gceist agam Doire Bháin a dhreapadh le mo mhac, ach nuair a bhí muid cuid mhaith den slí in airde dúirt sé nach raibh sé ag mothú ró mhaith, agus tháinig muid síos. Ach thug sin deis dúinn féachaint thart sa ghleann féin, agus lean muid orainn a féachaint thart nuair a tháinig mo bhean agus an naíonán. Tá an-chuid oibre déanta ag Dúchas, nó pé ainm atá orthu anois, ag leagan amach cosáin siúlóide de gach sórt, ó éasca go dúshlánach.

Shiúl muid thar n-ais ón Loch Uachtarach ar an slí liath, cosán ardaithe tríd an riasc a théann timpeall ar Loch na Péiste. Bhí an dúrud ropairí le feiscint. De réir na bileoige, bíonn earca luachra le feiscint á ngrianadh féin, ach ní fhaca muid iad.


Chuaigh muid thar sruthán, agus chonaic muid an scata mór seo de scinnirí locháin seo: ní fhaca mé an oiread acu in aon láthair roimhe:


Tá gairdín deas céadfach ag an loch uachtarach freisin, mórthimpeall ar an tigín ina bhfuil an iarsmalann dúlra.

Cé go mbíonn an t-uafás turasóirí san áit, níl sé ró dheacair bogadh amach ó na sluaite, agus aoibhneas agus suaimhneas an ghleanna a mheall Caoimhín agus a mhanaigh a bhlaiseadh.