Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-09-05

Imram Frederike

Theip orm dul suas Cnoc Bréanainn i mbliana, ná go deimhin mórán siúl a dhéanamh in aon chor.

Siúlóid fiúntach amháin a rinne mé agus muid thiar, le m'iníon ar mo dhroim. Thosaigh muid amach ón mBaile Breac, ag dul aneas ar Chosán na Naomh.
Thar na Corr Aillí, áit a bhfuil, más fíor an t-ollpheist a sháinnigh Naomh Cuán ag fanacht faoine choire le deiridh an domhain. Suas agus thar Rinn Chonaill. Síos arís i dtreo Cill Maolcheadair. Chuaigh mé ar strae beagán ansin; tá dhá dreapa díreach i ndiaidh a chéile chun cúinne gort a thrasnú; ach bhí an dá cheann folaithe ag deora Dé.

Fán mbóthar ansan thar Fothrach an tSainsiléara agus Cathair Deargáin go dtí Gallarus. Chodail Frederike an t-am ar fad go dtí sin. Bhí lón beag againn sa Gharraí Glas, caife orgánach nua atá oscailte san áit ina bhfuil an láthair campála ag TP. Bhí sé go deas, ach bhí roinnt den snas nó den barr slacht in easnamh ar an méid a bhí ar fáil ann.

Bhí orainn siúl ar an mbóthar mór ar sin ar feadh tamaillín go dtí gur bhuaileamar le cosán síos go dtí an cladach. Fan tráigh ansin linn ar féachaint amach ar Chuan Árd na Caithne tríd an Muiríoch agus thar nais ar an mbóthar go Baile na nGall.

Bhí cupán iontach caife agam tigh TP ansin - caife ón gcrúiscín le suncaire, ar €2.

Fán Chósta ansin linn ó thuaidh.




Bhí radharc bhreá againn ar an Fear Marbh (Inis Tuaisceart).
Bhí an cloch ar a dtugtar "Cloch i seasamh" le feiscint go breá soiléir. Tá píosa ag an tOileánach faoi i ndinnseanchas an Bhlascaod:
Cloch i Seasamh.
Tá gotha an chaisleáin ar an gcloich seo, í lom díreach in airde ón bhfarraige agus chomh sleamhain le buidéal nach mór. Tá fód glas gairid do bharra na cloiche seo go dtugtar Nead an Fhiolair air; bíonn an fiolar leis ag déanamh a neide ann. Bíonn luach an airgid in airde ann, agus céad fear ag féachaint air. Ach ní bhacaid tharsu é. Ní féidir dul ann le téid, mar is ina bharra a bhíonn an nead, agus dá d'réir sin, is anuas a caithfear an t-ubh nó an t-éan a thabhairt. Aon drapadóir amháin a bhí ins an oileán so lem linnse a thugadh as iad, fear eile i nDún Chaoin, agus fear eile ó Pharóiste Múrach. Aon triúr amháin i mbeatha an tsagairt. Punt ubh fiolair nó gearrcach ins an am úd. Ach ba mhó rud gur phunt san am úd é ná fuil aon trácht tharsu le fada.


Lean muid an cosán fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. I dtreo deireadh, bhíos sásta gur lá ciúin tirim a bhí ann - bhí an chuid sin den cosán sách cúng agus bheadh sé thar a bheith sleamhain dá mbeadh aon fliuchras ann.

As sin ní raibh de rogha ann ach na boithre: ó dheas go dtí an Bóthar Buí agus Saipéil na Carraige. Ar aghaidh ansin go Cathair Scoilbín, Cill Chuán agus thar nais go dtí an Baile Breac.

Bhíos traochta go maith faoin am sin!