10 September 2007

Rothaí Móra an tSaoil

Nuair a chuaigh mise go Beirlín i dtús na 1990í, b'iad ceardaithe Éireannacha agus Polannacha cnámh droma an tionscal tógala ann.

Bhí imní dá réir ag muintir na Gearmáine roimh teacht na dtíortha Oirthearacha isteach san Aontas, agus maraon le gach tír seachas Éire, an Bhreatain, agus an tSualainn, chuir siad srianta i bhfeidhm.

Mar sin, is anseo atá na Polannaigh.

Ach bhíos ag faire an teilifís na Gearmáine tráthnóna Domhnaigh.

Is cosúil anois gurbh iad ceardaithe Gearmánacha atá ag tógáil tograí móra i mbailte amhail Wrocław sa Pholainn - de bhrí nach bhfuil ceardaithe Polannacha ar fáil!

8 comments:

MBM said...

Chuala mise na scéalta céanna, ceart go leor. Fadhb mhór sa Pholainn í easpa daoine i dtionscail áirithe, dálaí an tionscail thógála, toisc gur thug a oiread díobh aghaidh ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe.

Amharcaim air seo mar rud sealadach. Déanfaidh lámh dhofheicthe an mhargaidh cinnte de go dtiocfaidh ardú ar thuarastail sa Pholainn, rud a chuirfidh fonn ar thogálaithe Polannacha fanacht sa bhaile nó filleadh air. Sin í an teoiric, ar a laghad!

aonghus said...

Thóg sé leathscór bliain ormsa filleadh abhaile!

Mise Fhéin said...

"Sin í an teoiric, ar a laghad!"

Cén teoiric é sin, 'bhfuil tú ag maíomh go mbeidh siad ag bogadh abhaile do phá níos lú is coinníollacha níos measa, beidh sé ar roinnt mhaith acub a pháistí a bhaint as scoil is a gcairde a fhágáil.

John said...

Bhí mise i mo chónaí i mBerlin san am chéanna agus cuimhním go maith na sluaite Éireannacha a bhíodh ag bualadh isteach san Oscar Wilde ar an bhFriedrichstrasse. Is ann a chonaic mé an cluiche iontach sin idir Éirinn is an Iodáil sa Chorn Domhanda i 1994 (1-0!).

Maidir leis an 'lámh dofheicthe' - táim ar deoraíocht fós.

aonghus said...

Beidh siad mar a bhí muid féin. Fillfidh sciar áirithe, lonnóidh cuid eile, agus beidh roinnt acu siar agus aniar.

Ní gá go n-eascródh fadhbanna as, más féidir linn botúin tíortha eile a sheachaint.

Tá imní áirithe orm maidir leis na pobail Síneacha agus Ioslamacha san tír; feictear dom go bhfuil siad scoite amach cuid mhór ón mórphobal.

Deacracht amháin atá ann ná gurbh iad an tEaglais (fós, ach meath ag teacht air) agus an teach tábhairne lár ionaid an phobail abhus, ach is tearc na Sínigh ná Moslamaigh a fheicfear i ceachtar áit!

Mise Fhéin said...

"gurbh iad an tEaglais (fós, ach meath ag teacht air) agus an teach tábhairne lár ionaid an phobail abhus"

Agus ná déan dearmad ar an CLG is na clubannaí áitiúla, ní shílim go bhfeicfeá iad ag freastal ar a leithéid ach an oiread.
Tá aithne agam ar a lán daoine nach dtéann go dtí an pub nó an eaglais ach is féidir leo a bheith páirteach sa bpobal go mór mór mar gheall ar an CLG is a leithéid.
Ná bac leis an eaglais is an pub trasna an bhóthair.

Agus an gcreideann tú, go macánta anois, go bhfuil fonn ar bith ar Moslamaigh a bheith bainteach le sochaí na nGael?

Feictear dhomsa freisin gur fadhb mhór í an fhíric nach ndéanann na hinimircigh Gaeilge sa scoil. Mar ciallaíonn sé sin go mbeidh glúin eile d'inimircigh a bheas gan tuiscint dá laghad ar an nGaeilge acub agus a bheas difriúil, ó thaobh cultúr de óna hÉireannaigh sa gcás sin.

Mise Fhéin said...

"..go mbeidh glúin eile d'inimircigh a bheas gan tuiscint dá laghad ar an nGaeilge acub.."

...go mbeidh glúin eile d'inimircigh a mbeidh gan tuiscint dá laghad ar an nGaeilge acub....

a bhí i gceist agam ar ndóigh.
Is mór an trua é nach bhfuiltear in ann do phost a athrú ar bhlagannaí

aonghus said...

Agus an gcreideann tú, go macánta anois, go bhfuil fonn ar bith ar Moslamaigh a bheith bainteach le sochaí na nGael?

Níl fhios agam. Tá mé cinnte go bhfuil roinnt acu; tá rud éigin á dtarraingt chun na tíre seo.

Ach táim cinnte go bhfuil baol ann dúinn muna n-éirionn linn iad a cheangail isteach sa saorántacht, san sochaí sibhialta.

Féach cad a tharla sa Ghearmáin; beirt de bhunadh na tíre sin a d'iompaigh ina radacaigh Moslamacha. Nó san Ísealtír. Chuaigh agallamh a rinne Alex Hijmans le Moslamach óg i bhfedihm go mór orm - bhraith an duine seo é féin ina Ísealtíreach go dtí 9/11. Ansan, braith sé nach raibh aon ghlacadh leis mar Mhoslamach Ísealtíreach, ach chuaigh sé i dtreo an radachas.

Níl leigheas na ceiste agam. Ach ba mhaith liom sochaí inár féidir le Moslamach cráifeach bheith ina Éireananch. Agus Caitliceach cráifeach.

Poblachtas Tone: Protestant, Catholic and Dissenter. An rud ar a dtugann na Geramáinaigh Verfassungspatriotismus, i. Dílseacht don mBunreacht, mórtas as an mBunreacht.


P.S. an cheart agat maidir le CLG - ach níl CLG chomh láidir sin i mBÁC (is beag teangmháil a bhí agamsa riamh leis), sin an fáth nár rith sé liom.