Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-10-14

Buachaill Báire an Domhain Thiar

Chonaic mé athleagan Bisi Adigun agus Roddy Doyle den Playboy in Amharclann na Mainistreach aréir.

Rinne siad an dráma a athlonnú in Iarthar Bhleá Cliath, i dteach tábhairne amhrasach. Agus Nigéarach é an buachaill báire anois.

Bhí an rud ar fad thar a bheith barrúil agus cliste. Is iomaí urchar a scaoil siad le gnéithe suaracha de saol an Tíogar Cheiltigh a bhain a spriocanna amach go foirfe. Bhí codarsnacht íorónta idir friotail foclach fileata Christy, go háirithe agus an éigse spreagtha ann ag a bhé Peigín Mhaidhc, agus caint an chuid eile arbh f**k an focal is minice acu; focal ilbhríoch, ilfheidhmeach.

N'fheadar cad a cheapfadh Synge bhocht. Spreag a líne seisean de mhná na hÉireann ina léinte círéib. Nocht a bhíodar le bheith aréir, agus ar éigean gur thug aoinne faoi ndeara. Is mór an t-athrú le fiche bliain anuas in Éirinn, gan trácht ar an chéad.

Agus is tús mhaith é seo de chumasc Inimirceach agus Éireannach sna healaíona. Níorbh aon "Fear Gorm Stáitse" é Christy ná a athair sa dráma. Agus rinneadh roinnt de fhocal Synge a sníomh go healaíonta isteach san téacs nua, mar aon le nath nó dhó de chuid na Nigéire.