07 October 2007

Eachtra an Eich Iarainn

Is gnách liom (ní chomh minic agus ba cheart ná ba mhaith liom) lá a bhronnadh ar mo mhic faoi seach inár féidir leo roghnú cad ba mhaith leo a dhéanamh. Seal Fionn a bhí ann de Satharn seo chaite. Theastaigh uaidh dul ag rothaíocht. Anois, tá rothar sa gharáiste agam, ach a) ní raibh mé sa mhuin ar le fada, b) tá an ceantar seo cnocach, c) agus tá na bóithre thart anseo caol, contúirteach, sclagach.

Is beag fonn a bhí orm rud a dhéanamh air, mar sin. Ar amhraí an tsaoil, bhí mé tar éis an dream seo a thabhairt faoi ndeara tamall ó shin. Anois, b'shin plean. Rothair a ghlacadh ar cíos, agus camchuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionn Uisce. As go brách linn ar bhus agus Luas go dtí an Páirc.

Fuair muid rothar an duine, agus rinne muid camchuairt ar leath theas na Páirce.

Thug mé suntas athuair do na fógraí bóthair (nó, mar a deir an Ghaeilge nua, na síneacha tráchta). Seanchló deas soiléir.


Seachas an príomh ascal tríd an phairc, is beag trácht gluaisteáin a chuir isteach orainn (agus tá raon rothair ar an bpríomh ascal sin, ach ní thugann Éireannaigh aird ar srianta dá leithéid - bhí orainn sníomh thar coisithe an t-am ar fad ar an mbealach thar nais). Go deimhin, bhí cosc ar ghluaisteáin ar codanna áirithe den bhealach.

Chonaic muid an tréad fianna in aice le Cros an Phápa. Chonaic muid roinnt fianna eile faoi na crainn in aice an bhóthair. Theip orm iad a cheapadh i gceart ar ghrianghraf.



Tá cuimhní cinn agam a bhaineann leis an gCros agus na Fianna araon. Bhí mé ann le mo mhuintir i 1979 nuair a dúirt an Pápa Aifreann ann. Bhí an áit dubh le daoine, muid uilig faoi ghreamaitheoir daite chun ár gcearnóg téad teorannaithe féin a chuir in iúl. Trian de mhuintir na hÉireann a bhí ar an bhfód an lá úd. Ní bheidh a leithéidí arís ann, is eagal liom!

Maidir leis na Fianna, is cuimhin liom bheith sa pháirc uair amháin nuair a tháinig muid i gcabhair ar stócach a bhí tar éis oisín a aimsiú. Bhí an oisín ag geonaíl, agus phioc sé suas é. Shocraigh m'athair gurb é an rud is fearr ná an créatúr a bhreith linn go dtí gairdín na n-ainmhithe. Ní rabhadar ró bhuíoch dúinn! Dá mbeadh sé tar éis an oisín a fhágáil san áit ina raibh sé, bheadh an eilit tar éis filleadh. Ach anois agus boladh daonna uaidh, ní ghlacfaí thar nais sa tréad é.



Tá ballraíocht bliana againn sa Zú arís; mar sin chuir muid clabhsúr ar an lá le cuairt air.

No comments: