Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-10-22

Hata Dearg do Chomharba Phádraic agus Mhael Máedoca

D'ainmnigh an Pápa an tArdeaspag Seán Brady, Príomháidh na hÉireann Uile, ina Chairdinéil. Is ag comharba Phádraic a bhíodh an hata dearg go traidisiúnta, ach an geábh deiridh is go Príomháidh na hÉireann, an tArdeaspag Desmond Connell a chuaigh an hata dearg, ó tharla go raibh (agus go bhfuil, dála an scéil) iar chomharba Phádraic, an Cairdinéil Cathal Daly, fós beo.

(Scéal do lá eile scéal seo an t-imreas idir Ard Mhacha, Príomháidh na hÉireann Uile, agus Áth Cliath, Príomháidh na hÉireann. spite feamainne a théann i bhfad siar atá ann - tá an t-imreas céanna in Eaglais na hÉireann).

Bhí alt san Irish Catholic roinnt seachtainí ó shin faoi Máel Máedóc Ua Morgair, easpag Ard Mhacha san 12ú aois. Bhí cúrsaí an tsaoil agus na heaglaise i bhfad níos measa an tráth úd. Bhí oifigí na heaglaise i seilbh na n-uaisle, a chaith leo mar mhaoin d'aon tsórt eile. Bhí anord, dó agus goid forleathan, gan trácht ar anord san caidreamh idir dhaoine. Ach naomh agus fáidh ab ea Máel Máedóc, agus rinne sé cion fathaigh chun atheagar a chuir ar an eaglais in Éirinn.
(Do na scolairí, seo saol Mháel Máedóige, de réir San Bearnárd, a dhlúth chara).


Níl fhios agam an bhfuil an mianach céanna san Ardeaspag Brady. Ba mhaith an rud dá mbeadh! Tharraing sé fearg na tráchtaireachta air fhéin nuair a luaigh sé, i measc rudaí eile, gurbh rud neamh folláin an dúil atá in Éireann na linne seo do lucht feasa agus pisreoga eile. Thaitin a chosaint stuama ar na hEaspag roimh líomháin aisteach Gearóid Mhic Gearailt gurbh aontumha na nEaspag ba chúis le scannail mí úsáid paistí san Eaglais. Is eol d'aoinne atá ag féachaint ar an cheist gur ró-éisteacht le saineolaithe, idir lucht leighis agus lucht dlí, ba chúis le botúin an chliarlathas seachas rud ar bith eile. Aineolas a bhí fairsing san am; go bhfeadfaí péidifiligh a leigheas, agus nár fhan aon droch-iarmhairt ar na paistí. Labhair sé go stuama faoi seo.

Guím gach rath air.