04 October 2007

Wenigerverbreitetesprachenblitzableitertheorie

(Teoiric s(h)eoltóir tintrí na dTeangacha Neamhfhorleathana)

FAINIC: Bhí lámh ag grúdlann Mhic Aonghusa agus drioglann Mhic Shéamais i gceapadh na teoirice seo.

Bhí Michal agus mé féin ag plé na ceiste go bhfuil níos mó blaganna inléite sa Ghaeilge ná sa tSeicis. (A thuairim siúd; níl, faraor, Seicis agamsa)

Anois, is minic ráite go leanann fiúntas an bhlagasféar dlí dáileadh dhlí na cumhachta.

Dá mba fíor sin faoin nGaeilge, i bhfianaise a laghad lucht blagála gaelach atá ann, ní bheadh mórán fiúntais le fáil sa bhlagasféar gaelach.

Is cosúil mar sin go bhfuil tosca eile i gceist.

Toisc amháin, i mo thuairim, gur fusa racht a scaoileadh ar bhlag ná rudaí dearfacha a scríobh. Mórán mar an gcéanna leis an toisc go bhfuil deich gcinn de dhánta áille faoi ghrá éagmaiseach in aghaidh an dáin maidir le grá comhlíonta.

Agus is cantalach an dream muide Gaeilgeoirí. Ní hé gur dream muid atá Gleichgeschaltet. Dream thar a bheith ilghnéitheach muid: ó baill den bhFeachtas um Smacht ar Inimirce go Comhairle Inimirce na hÉireann, ó na PDanna (an beagán acu atá fós ann) go dtí na Cumannaigh, ó Chaitlicigh daingne
go Búdaigh

Ach is cadhan aonair agus éan chorr mórán gach duine againn.

Talamh torthúil don bhlagadóireacht, mar sin.



Ar lean, 2007-10-07
Meabhraíonn Michal toisc eile dom thíos; toisc nár mhian liom cur san áireamh ar dtúis, toisc go bhfuilim ar mo dhícheall séanadh dom féin fúm fhéin gur leis an aicme airithe sin mé, eadhon na Gaeilgeoirí mar a sainmhínítear iad i gConamara: an dream sin go bhfuil an teanga acu, ach nach as pobal iad a bhfuil an teanga fréamhaithe ann.

Is iontach an ghléas an bhlag chun an teanga a saothrú, chun faobhar a choimeád uirthi, ainneoin fairsinge aos an Phinn Deirg.

Maidir le séimhiú Shéamais; tá amhras orm. Ní teoiric faoi seoltóir tintrí atá agam, ach teoiric go gcomhlíonann blag feidhm seoltóir tintrí don Ghaeilgeoir. Áit shábháilte le racht a scaoileadh. Ach seans go bhfuil breall orm (arís).

Feicim go bhfuil duine éigin ag saothrú iomaire na scéalta anghrácha, mar a mhol Reg Hindley. (Ná bí ag súil le nasc uaim. Aimsigh thú féin é más tá sé de dhíth ort). B'fhearr liomsa roinnt cérinneacháin éadroma d'fheiscint.

2 comments:

An Cainteoir Dóchais said...

I bhfocail eile, bíonn níos mó ábhar gearáin ag lucht na Gaeilge ná mar a bhíonn ag gnáthdhaoine!

An stráitéis atá agamsa ná, os rud é go bhfuil mé tar éis an oiread sin dua agus anró a fhulaingt chun an deabhail teanga seo a fhoghlaim, caithfidh mé úsáid éigin a bhaint aisti. Sin an fáth a bhfuil blag Gaeilge agam agus ní blag Seicise. Níor bhain aon dua nó anró leis an tSeicis a fhoghlaim - go gcuimhin liom.

Séamas Poncán said...

Teoiric sheoltóir... ;-)

Ach an lochtaítear na cinn as Seicis chomh minic?