29 November 2007

Cé tá ag faire orm?

Tá muid san saol poiblí anseo.
Rud a thuigim go maith. Agus ní deirim aon rud nach mbeinn sásta rá go poiblí.

Ach is iomaí duine nach dtuigeann é seo. Léigh mé an t-alt tráthúil seo:

Dar ndóigh, tá sciath chosanta áirithe ag Gaeilgeoirí!

Ach an rud is deacra smacht a choiméad air ná cé tá ag faire. Níl sé ionann agus a bheith i gcomhluadar san seomra mór gorm. Ní fheiceann tú do léitheoirí.

Fiú agus níthe cosúil le statcounter in úsaid ag duine, tá sé deacair daoine a aithint; bíonn móran gach teaghlach nasctha le dream éigin a bhfuil sciar mhór seoltaí IP acu, ach a dháileann go randamach iad.

Mar sin, bígí airdeallach agus sibh amuigh i ndufair na hidirlíne!

4 comments:

Séamas Poncán said...

An sciath chosanta, sin an teanga. Táimid rúnda dóibh nach dtuigeann í, sílim, cé go mbímid ag scríobh is ag caint go hoscailte.

MBM said...

Admhaím go hoscailte go bhfuil mé ag maireachtáil faoi eagla ollmhór: eagla go n-aimseoidh duine de mo chomhghleacaithe oibre mo bhlag lá amháin!

Agus sin píosa eile de mo shaol príobháideach nochtaithe ar líne. Osna...

aonghus said...

Nach bhfuil gugal déanta acu ort i bhfad ó shin?

MBM said...

Gach seans go bhfuil. Tá agamsa orthusan, pé scéal é! (Agus sin píosa eile nochtaithe...)