Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-12-31

Gaiscíoch na Beilte Uaine

Cheannaigh mé an leabhar seo do mo mhac (mar dheá!).

Seod atá ann. Tarraingteach do mórán gach ceann des na céadfaí!

Scéal béaloidis, le hathinsint fileata atá thar a bheith oiriúnach do reacaireacht. (Tá dlúthdhiosca ag dul leis).

Ach siad léaráidí áille Andrew Whitson, agus an leagan amach thar a bheith slachtmhar a níonn leabhar as an gnách as seo.

Tá sé deacair cur síos go fuarchúiseach air! Ceannaígí! Tá blaiseadh de shaothar Andrew ar an suíomh s'aca.



Gaiscíoch na Beilte Uaine
Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson
An tSnáthaid Mhór 2007.



Aguisín; D'éist mé leis an DD (nó roinnt de) ó shin; caithfidh mé a rá nach bhfuil sé ar chomhchaighdéan leis an gcuid eile. Cinnte, tá Gaeilge glé, glinn, soiléir, soilbhir ann. Ach tá paisean in easnamh sa reacaireacht. Is mór an trua é.

An Cléireach

Tá sár úrscéal Darach Uí Scolaí (a fuair mé ó Shan Nioclás) díreach críochnaithe agam.

Seo leabhar iontach. Scéal cléirigh in arm na hÉireann aimsir Cromail - ach toisc é a bheith ag seanchas le hAos Léinn, agus an úrscéal a bheith tógtha thart ar an seanchas chéanna, is fuinneog isteach san ré sin san Eoraip atá ann - nuair a bhí an Roinn ar fad corraithe ag na cogaí a lean an tAthleasú creidimh.

Bhí Éireannaigh ar gach machaire an áir ó Bíla Hora na Boihéime go Luimneach.

Tugann an scéal spléachadh ar an dteannas a bhí ann ag an sean ord ag titim as a chéile - cumhacht sliocht na dtaoisigh ag meath; claochlú an aos dána ó ord daingean na scoileanna éigse go filíocht an phobail; ceisteanna faoi dualgas, dílseacht, freagracht, creideamh.

Tá úsáid chliste bainte as litrithe éagsúla; ach tá an leabahr ar fad thar a bheith soléite, aoibhinn.

Beidh mé an súil nach é an duais iarracht seo aon úrscéal an Scolaigh!



An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac 2007

Bun Machan



Baile beag ar chósta theas na hÉireann, i bPort Láirge is ea Bun Machan. (Léarscáil anseo)
Chaith muid saoire teaghlaigh (nó dhó, ní cuimhin liom go beacht) ann agus mé sna déaga. Chaith mé seal ann samhraidh amháin roimhe sin le club óige.

Nuair a bhí muid san Dún Mhóir Thoir um Samhain, thug muid sciuird siar air. Bhí an áit i gcónaí breac le fothracha mianaigh - agus anois táthar á mhargáil mar "Chósta an Copair" ón Trá Mór siar.

Ba chuimhin liomsa trá áirithe amháin ina raibh oscailt mianaigh fós le feiscint. Theastaigh uaim iad a thaispeáint do na buachaillí. Bhíodar fós ann, ach mar is iondúil, níos lú na mar ba chuimhin liomsa (d'fhás mé ó shin, gan amhras...)

Ag an dtrá céanna, tá áirse mara le poill bheaga ann a scaoileann isteach chuig trá eile tú - ach tú bheith aclaí go leor! Ruaig mé suas ansan freisin iad - ní rabhdar ró bhuíoch díom!





Tá cúpla cuimhne eile agam ar an áit.

Bhuail mé le dhá theaghlach ón nGearmáin agus mé ann (bhí Gearmáinis agam ag an am). Mar thoradh ar sin thug mé cuairt ar Hamburg agus Beirlín an bhliain dar gcionn um Lá Caille. Táim fós i dteangmháil leis an teaghlach as Beirlín - breis agus scór bliain níos déanaí.

Nuair a bhí muid ann leis an gclub óige, chuaigh scata againn ar an ordóg go dtí an Trá Mhór (na hamusements, tá's agat.). Seoladh inár mbeirteanna muid - bhí mise ar an mbeirt deiridh. Stop muid teaghlach ón dTuaisceart a bhí ag taisteal i mbus a bhí iompaithe acu i áis cónaithe. D'éirigh linn cur ina luí orthu gach dís eile a phiocadh suas....



Hmm, cuimhní soineanta ar m'óige. Táim ag druidim leis an dá scór....comhartha eile!

2007-12-28

Athchuairt ar Chré na Cille

Chonaic mé an scannán Cré na Cille Oíche Lá le Stiofáin ar TG4.

Blaiseadh den úrscéal seachas leagan de atá ann - ach thaitin sé go mór liom.

Bhí an scéal cúngaithe isteach ar dhá snáth - scéal na báirsí Caitríona Pháidín (an príomhscéal san leabhar chomh maith) agus an síor formad agus sáraíocht lena deirfiúr Neill, agus mar scéal tánaisteach, éad an Mháistir Mhór faoina bhean a bheith pósta arís.

Cheap mé gur oibrigh na gnéithe os cionn na talún go maith (chonaic mé léirmheasanna á cháin iad)

Agus d'éirigh leo deireadh maith a chuir leis an scéal - rud atá deacair go maith mar nach bhfuil aon críoch san leabhar - d'fhéadfadh an sáraíocht faoi chré leanacht ar aghaidh go deo.

Seo Hades na Gréagaigh ina steille bháis! éad, formad, spiteanna feamainne, drochmheas, agus, i gcead do Nóra na gCosa Lofa, gan amharc ar chultúr.

Scannán breá eile i nGaeilge. Ach ceann duairc arís. Cé chuirfeas greann na Gaeilge ar scannán dúinn?

2007-12-21

Grianstad

An lá is giorra.
Agus beidh cothrom lae breithe ár Solais agus Sóláis ann Dé Máirt.
Tá rudaí ag éirí níos fearr!

Beannachtaí na Féile agaibh agus bhur gclann.

Caróga agus Cábóga

Tá cantal orm.

Aréir agus muid ag suí chun dinnéir, chuir bligeard sráide éigin cloch tríd an pána mhór gloine in aice leis an doras tosaigh. Ar ámharaí an tsaoil, gloine dúbailte a bhí ann, agus níor briseadh ach an gloine lasmuigh. Chuir muid fios ar an Gardaí - bhí siad sa cheantair cheana de bharr go raibh na bligeard céanna ag caitheamh clocha le carranna.

Is beag is féidir leo a dhéanamh, dar ndóigh. Ní fhaca muid na scabhaitéirí; go deimhin, thóg sé tamall orainn a thuiscint cad a bhí tarlaithe. Bhí an chuma ar an scéal ar dtúis go raibh clocha sneachta ag bualadh in aghaidh na fuinneoige - bhí sé ag scoilteadh ina smidiríní go mall.

Ansin ar maidin chuir an Banc scairt orm le rá go raibh rudaí amhrasacha ag tarlú do mo charta creidmheasa. Ar ámharaí an tsaoil thug siadsan faoi ndeara gurbh amhlaidh a bhí - bhí caróg idirlín éigin tar éis cúpla céad euro d'ár gcuid a chaitheamh ar éadach "cailiúiláin".

Táimid i mbéal na Nollaig.

Mar sin, níl leigheas iomlán ar ceachtar fadhb go dtí an bhliain seo chughainn. Níl fuinneog nua ná cárta nua ar fáil.

Beidh orainn cuir suas le leigheas sealadach go dtí sin.

Grrrrr.

2007-12-19

'Sé fáth mo thosta

an ríomhaire age baile a bheith ar an dé deiridh. Sean aois, agus sa bharr ar an donais, truflais éigin a bheith gafa aige ón idirlíon.

Mar sin, cé go bhfuil tréan smaointe fánacha agam, agus flosc blagadóireachta, níl an deis.

2007-12-14

Sneachta Dearg

Bhí leathchluas agam le Focal Faire ar na mallaibh, agus "Sneachta Dearg" á iniuchadh acu.

Bhí na saoithe den tuairim nárbh dáth a bhí i gceist, ach sneachta a bhí doimhin as an gnách. Is mó brí le dearg1, dar ndóigh.

Ach mheabhraigh sé eachtra dom a tharla agus mé sna hAilp beagnach scór bliain ó shin. Chaith mé seachtain san Brandenburger Haus in Ötztal na hOstaire.

Ní raibh speaclaí cearta gréine in aghaidh an dalladh agam; ní raibh agam ach cludach do mo ghnáth speaclaí. Bhí an imní orm dá bharr sin trathnóna agus muid ag filleadh ón sliabh nuair b'fhacathas dom go raibh spotaí dearg ar an sneachta - sneachta a bhí glan, bán ar maidin.

Chreid mé go raibh dochar déanta do mo shúile. Ach chuir an treoraí ar mo shuaimhneas mé. Is amhlaidh a bhailíonn an ghaoth gaineamh rua san Sahara, a thiteann mar dusta ar an sneachta. Bhí sé cludaithe ag sneachta úr ar maidin, ach i rith an lae, leáigh an sneachta sin, agus d'fhág na spotaí dearga.

Is ann, mar sin, do shneachta dearg!




1 dearg [aidiacht den chéad díochlaonadh]
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air).
(Fch An Foclóir Beag)

2007-12-11

Rotha Mór an tSaoil

Rotha Mór an tSaoil, beathaisnéis Mhicí Mhic Gabhann léite agam le deanaí.

Is doigh liom go bhfuil gach mór bheathaisnéis Gaeltachta - arbh buncloch na litríochta nua iad - léite agam anois.

Tharla go bhfaca mé an ceann seo san leabharlann i mBré - is cosúil go raibh sé amuigh ar iasacht naoi n-uaire ó 1999 - mar sin, ní mise amháin a bhí ag déanamh faillí ann toisc gurbh saothar chonallach atá ann.

Scéal iontach atá an - ó Chloch Chionnaola go dtí Klondike agus thar nais. Tá ábhar scannán eachtraíochta den scoth ann. Agus ó tharla gurbh ó insint bhéil a scríobhadh an leabhar, agus go bhfuil, go bhfios dom, taiféid ar an insint bhéil sin, d'fheadfadh Micí a bheith ina laoch ina scéal fhéin. Is léir síos tríd an leabhair gur Gaeilge a bhí á labhairt le linn mór chuid d'eachtraí an scéil, is cuma an abhus nó in iargúil Mheiriceá a bhí an eachtra sin.

Meas sibh an mbeadh Roibéard "Cré na Cille" Quinn sásta tabhairt faoi?