19 December 2007

'Sé fáth mo thosta

an ríomhaire age baile a bheith ar an dé deiridh. Sean aois, agus sa bharr ar an donais, truflais éigin a bheith gafa aige ón idirlíon.

Mar sin, cé go bhfuil tréan smaointe fánacha agam, agus flosc blagadóireachta, níl an deis.

2 comments:

Séamas Poncán said...

Is mór an trua. B'fhéidir go mbeidh ceann nua agat ó Dhaidí na Nollag?

aonghus said...

Caolseans.
Ní bheidh cianóg rua fágtha ag an bhfear bocht nuair atá mainat na ngasúr sásaithe aige.