14 December 2007

Sneachta Dearg

Bhí leathchluas agam le Focal Faire ar na mallaibh, agus "Sneachta Dearg" á iniuchadh acu.

Bhí na saoithe den tuairim nárbh dáth a bhí i gceist, ach sneachta a bhí doimhin as an gnách. Is mó brí le dearg1, dar ndóigh.

Ach mheabhraigh sé eachtra dom a tharla agus mé sna hAilp beagnach scór bliain ó shin. Chaith mé seachtain san Brandenburger Haus in Ötztal na hOstaire.

Ní raibh speaclaí cearta gréine in aghaidh an dalladh agam; ní raibh agam ach cludach do mo ghnáth speaclaí. Bhí an imní orm dá bharr sin trathnóna agus muid ag filleadh ón sliabh nuair b'fhacathas dom go raibh spotaí dearg ar an sneachta - sneachta a bhí glan, bán ar maidin.

Chreid mé go raibh dochar déanta do mo shúile. Ach chuir an treoraí ar mo shuaimhneas mé. Is amhlaidh a bhailíonn an ghaoth gaineamh rua san Sahara, a thiteann mar dusta ar an sneachta. Bhí sé cludaithe ag sneachta úr ar maidin, ach i rith an lae, leáigh an sneachta sin, agus d'fhág na spotaí dearga.

Is ann, mar sin, do shneachta dearg!




1 dearg [aidiacht den chéad díochlaonadh]
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air).
(Fch An Foclóir Beag)

2 comments:

Séamas Poncán said...

Ólaim mo chuid fuisce dearg freisin. Sin a rá, gan leac oighir ná uisce (nuair a ólaim uisce, ólaim uisce, agus nuair a ólaim uisce beatha, ólaim uisce beatha, mar a dúirt Michilín Óg).

Anonymous said...

Bhí mé ag éisteacht leis an amhrán "Úna Bhán" á canadh ag Lasairfhíona ar maidin agus bhí an líne ann:- "Tá an sneachta ar lár agus barr air chomh dearg le fuil"