Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-01-31

Séipéal idirchreidmheach

Tá baile nua, Baile Ádhamh, a thógáil ar imeall Bhaile Átha Cliath.

Bhí scéal san Irish Times inniu go mbeadh an séipéal ann le roinnt idir ceithre Eaglais Críostaí.

Mheabhraigh sé ardeaglais Bautzen/Budyšin dom.

Ón Athrú Creidimh anall, ó 1524, tá an Séipéal roinnte ag an scáthlán croise. Bíonn an pobal Liútarach ag guí ar thiar, agus an pobail Caitliceach thoir. Tá conarthaí idir an dá phobal a rialaíonn an bheatha le chéile (ní bhíonn seirbhísí ann ag aon am amháin) Níos mó anseo.

Bhí mé i mBudyšin seal le mo bhean; tá sé san Oir Ghearmáin, san cuid ina labhraítear roinnt Soirbis fós. (D'fheadfadh roinnt suímh Éireannacha foghlaim ón dea-chleachtas dhátheangach ar shuíomh an bhaile!) Ach faraor ní raibh an séipéal oscailte - ní raibh ach cúpla uair an chloig againn sa bhaile.

Tá gné eile den séipéal i mBaile Ádhamh a mheabhraíonn an Ghearmáin, Beirlín ach go hairithe dom. Beidh sé folaithe istigh i foirgnimh deich stór.

Is minic nach bhfeiceann tú eaglais Caitliceach i mBeirlín go dtí go mbíonn tú sa mhullach air. Bhí ceangal orthu, de réir reachtaíocht de chuid an Ban Impire Auguste Viktoria, aghaidh an séipéal a bheith ar aon phlána agus aon dul leis na tithe mór thimpeall, chun iad a chuir ar leithleach ón Eaglais "Stáit". Tá roinnt pictiúr de na séipéal a bhíonn ar Aifreann iontu anseo.

B'fhearr liom meirge Chríost a bheith níos feiceálaí i mBaile Ádhamh....

2008-01-30

Agus nuair a chanann an Raibí

Bhí suim éigin agam le fada i gcultúr Giúdaigh na hEorpa. Tógadh i raon caite cloiche den Sionagóg i dTír an Iúir mé, ach is beag cuir amach a bhí agam orthu siúd a bhíonn ag adhradh Dia ann. Tá cuimhne orm ar iad a fheiscint ag súil chun guí ar an tSabóid.
Ach seachas seanbhean amháin, a bhí cairdiúil leis an comharsan béal dorais a thug aire dom ó h-am go h-am agus mé óg, ní mé ar labhair mé riamh leo. Is mór an trua nár dhéan!

Scéal thairis sin. Nuair a bhí mé sa Gearmáin ar dtúis, cheannaigh mé dlúthdhiosca de amhráin Giúdaise . Gearmánach an t-oirfideach, agus bhí an ceol sollúnta, deasghnáthaíoch beagnach -E-Musik1

Chuala mo chailín ag am (mo bhean anois, mar a tharlaíonn) an ceol, agus dúirt liom nárbh fiú dada é, go bhfaigheadh sí ceol fiúntach dom. Agus fuair.

Mac le teaghlach a tháinig slán é Moshe Leiser, a rugadh in Antuairp. Canúint den nGearmáinis a chleacht Ashkenazi (aicme áirithe de Giúdaigh na hEorpa) is ea an Giúdais. Scríobhtar san aibítir Eabhraise é, ach tuigimse (le beagán stró) na hamhráin. De bharr Moshe a bheith tógtha in ndiaidh an tUileloscadh, a bhasc a chultúr chomh maith lena phobal, deir sé féin go bhfuil lochtanna áirithe ar a stór amhráin, agus ar a chanúint.

Ach tá blaiseadh éigin den gcultúr ársa, beomhar úd le fáil san DD seo. De thaisme a tháinig an triúr le chéile le ceol a dhéanamh, amhránaí, fidléir agus boscadóir. Ach is mór is fiú gur tháinig.

Tá idir ceol aerach, ceol brónach, agus ceol
gezungen mit naganes in di hent (ceolta le gunna i ngleic) ar an DD.

Tá Amhrán an Cheithearnaigh Coille, an Partizanenlied2, thar a bheith corraitheach. Tá Az der Rebbe singt aerach. (Uaidh sin a sciob mé teideal an mhír seo).

Tá an DD ar mo phíobaire póca agam anois, agus mé ag baint an-sult as. Níor éist mé leis an DD eile ó shin!

Ach is mithid don Rebbe seo dul a luí anois! Schalom!




Gérard Barreaux, Ami Flammer, Moshe Leiser
Tendresses et rage * Chansons Yiddish

1 Bíonn idirdhealú sa Ghearmáin idir E-Musik, Ernste Musik, ceol dáiríre, agus U Musik, Unterhaltungsmusik, ceol siamsaíochta. Ní thuigim an t-idirdhealú sin. Feictear domhsa an dá fheidhm a bheith comhlíonta ag ceolta maithe.

2 Tá na focail san cló Eabhraise ar an nasc thuas chomh maith.

Tús an Turnaimh Thubaistigh.

Ar an Lá seo i 1933, de bharr tuaiplis na gCaomhach sa Ghearmáin, tháinig Hitler agus an NSDAP chun cumhachta. Tamall roimhe sin, bhí siad ar an ndé deiridh.
Chreid na caomhaigh go mbeadh ar a gcumas smacht a choimeád ar an NSDAP. Dúirt Von Papen:
...man habe Hitler engagiert und werde ihn bald "so in die Ecke gedrückt haben, dass er quietscht"...

Tá Hitler fostaithe againn, agus beidh sé sáinnithe i gcúinne ar ball beag againn chomh géar sinn go mbeidh sé ag díoscáin

Bhí breall air.

Scéal níos cuimsithí ag an Tagesspiegel.

2008-01-29

Athrógseanchas: Mír a Ceathair. Ní leor N don E!

Mar a luaigh Michal i dtráchtaireacht thíos, tá sé de nós ag roinnt ríomhchláraitheoirí ainmneacha thar a bheith gairid a úsáid. "uc" abair, in áit "uimhirCait".

Drochnós.

Tá cúinsí stairiúla leis. Bhí srianta ar na seaninneall, agus ar comhréir na dteangacha luath.

FORTRAN an ceann is soiléire. Thosaigh líne FORTAN ag poll a 7 i bpollchárta. Nós atá fós ann, cé nach bhfaca mise riamh pollchárta in úsáid, agus mé sa ghairm le fiche éigin bliain.

Bhíodh srian ar C go gcaithfí ainmneacha athróga a bheith leithleach san gcéad 6 litir. (Féach Aithne a IX)

Bhíodh scáileáin 80 carachtar ar leithéid, agus ní raibh cead líne a bhriseadh.

Bhíodh an cumarsáid ó teirminéal go dtí an ríomhaire mall, agus srian ar an luas go bhfeadfaí litreacha a sheoladh dá réir.

Ach is leis an sean stair a bhaineann na gnéithe sin go léir anois.

saé! (Scríobh amach é!).

Athrógseanchas, Mír a Trí. Scéalta ón bhFronta


Is i réimse na rialaitheoirí is mó atáimse gníomhach. Tá nodaireacht fadbhunaithe ann don na cainníochtaí a bhíonn idir chamán agam - sruth leictreach i, voltais u, luas v agus rl.

Tá nodaireacht ann do na príomhchineál athróg chomh maith. San léaráid thuas, tá an gnath leagan amach ar chóras den cineál a bhíonn plé agam leis.

Úsáidtear "W" don luach tagartha - an luach an mian linn a bheith ag an luach thomhaiste "X". Cuirtear an earráid "E" arbh ionann é agus W lúide X isteach san rialaitheoir ar mhaith leis an luach ar "Y", an t-athróg ionramháilte a ríomh. Má bhíonn an córas deartha i gceart, beidh tionchar ag "Y" ar an gléasra a fhágann go laghdófar "E".

Is ar ghnás ina bhfuil trí chuid is mó atá cleachtadh agamsa air:
Réimír a chuireann an cineál in iúl, cur síos ar an athróg, agus iarmhír roghnach a chuireann cáilíocht breise a bhaineann leis an athróg in iúl.

Mar shampla; XU_Motor_Avg : an meán voltais san inneall; WI_Motor: an sruth atá de dhíth san inneall, agus mar sin de.



Scéilín: Bhí gnás dá leithéid leagtha síos againn, agus cúram ar dhuine áirithe é chuir i feidhm.
Mhol muid na ceannlitreacha "I" agus "O" a sheachaint in ainmneacha, de bharr an baol a bheith ann go léifí mar "1" agus "0" iad. Bhí muid aontaithe air 3 litir don iarmhír cáilíochta.

Anois, bhí cailíocht de dhíth d'uimhreacha choimpléascacha, nó le bheith beacht don gcuid fíor agus samhaileatch den uimhir (a + jb) nuair is ionann "j" agus fréamh cearnach -1.

Anois, tá nodaireacht fadbhunaithe sa Mhatamaitic don a léithéid: "Re" agus "Im".

Ach ba Ghearmánach a bhí ag obair san Eilvéis mo dhuine. Chuir sé na rialacha a mhol muid i bhfeidhm go docht, agus mhol "Rea" agus "Mgn" (toisc cosc a bheith a "I" agus 3 litir a bheith de dhíth).

Sin sampla de cuir i bhfeidhm místuama. Ar amharaí an tsaoil d'éirigh linn cuir ina luí air go raibh éisceacht ciallmhar sa chás seo. Ach ní raibh sé simplí!



Notá Teangain: Is sa Ghearmáin a chuir mise tús le mo slí gairme. Tá gearmáinís beacht ar W (Sollwert), X (Istwert) agus Y (Stellwert).

2008-01-27

Lá Cuimhneacháin an tUileloscadh

atá ann inniu.

Bhí dornán bheag dóibh siúd a tháinig slán ag ócáid i Teach an Árd Mheara i mBaile Átha Cliath. Iad ina leanaí óga an tráth úd.

Smál dorcha ar Stair na hEorpa.

2008-01-26

Athrógseanchas, Mír a Dó.

Maith go leor. Tá Gluais againn. Tá an sonraíocht déanta, agus na riachtanais soiléir agus scagtha.
Tá tús á chuir leis an ndearadh. Táimid ag casadh ón cumarsáid le daoine amháin i dtreo cumarsáid le daoine, feidhmchláranna agus ríomhairí. Beidh rialacha níos doichte de dhíth; is féidir le daoine débhríocht a shárú; cliseann ar ríomhairí.

Is minic gnáis i réim cheana féin san réimse nó bainteach leis na huirlisí. Ba cheart iad a chuir san áireamh, agus feidhm a bhaint astu mura bhfuil cúis tromchúiseach gan é dhéanamh.

An cloch is mó ar mo phaidrínse sa chás seo ná go mbeadh leanúnachas san bhfriotail a mbaintear feidhm as - go mbeadh sonraíochtaí, dearadh, cód agus lámhleabhar ag tabhairt na hainmneacha céanna ar na nithe céanna.

Agus gur faoin sprioc seachas faoin dturas a thabharfaidh na hainmneacha sin cúntas.

Tá cúraimí eile do ghnáis: Seo alt suimiúil ag plé le húsáid gnáis chun botúin a dhéanamh soiléir.

Beidh botúin ann. Níonn daoine botúin. Beidh ort iad a lorg. Cabhraíonn gnás maith iad a sheachaint; agus iad a dhéanamh so-aimsithe. Cigireacht cód an bealach is fearr le fabhtanna a aimsiú.

De bharr botúin, beidh leasaithe sa chód. Cuir sin san áireamh.

San nasc a thug mé thuas, tá plé ar an nodaireacht Ungárach; smaoineamh maith (eile) a bhfuil droch-chlú air de bharr míthuiscint agus cur i gcrích mícheart.

I’m using the word kind on purpose, there, because Simonyi mistakenly used the word type in his paper, and generations of programmers misunderstood what he meant.

(Nóta: feicim go bhfuil an botún a rinne sé buanaithe i bhfoclóir Fiontar ag focal.ie. Theastaigh uaim "kind" a aistriú mar "cineál", ach feicim gur sin a mholann focal ar type: ar mhaithe le míthuiscint a sheachaint, brisfidh mé le mo nós, agus ní haistreoidh mé an tagairt.)

Ba cheart d'ainm athróg ceisteanna bunúsacha a fhreagairt:
  1. Cén cineál ruda é seo?

  2. Cad leis a bhaineann sé san réimse?

  3. Cad iad na rudaí atá déanta leis?
Ar lean...

Athrógseanchas: eadarlúid

Is mithid cúpla focal a rá maidir le caighdeáin agus gnáis.

Tá sé ráite níos fearr ná mar b'fhéidir liomsa ag Steve McConnell i "Code Complete"

Creatlach cabhrach is ea gnás maith. Saorann sé tú chun an machnamh a dhíriú ar an sprioc seachas an turas.

Is féidir é chuir i gcomparáid le feabhsú bruacha abhainn. Déanta i gceart, ritheann an abhann le fuinneamh, agus is féidir innealra a thiomáint leis; ní scaiptear fuinneamh an uisce gan tairbhe ag déanamh riasc de na bruacha. Ach má leagtar srianta ró dhaingin ar an abhann, réabfar na bruacha, agus beidh an praiseach atá mar iarmhairt ar sin seacht n-uaire níos measa ná mar a bhí an lá is measa roimhe.

Ní mór smaoineamh gur daoine machnamhacha saoir cláir; an chuid is fearr acu pé scéal é. Machnamh a gceird.

Caithfear idirdhealú cúramach a dhéanamh idir rialacha ar cheart iad a bheith docht; treoracha agus moltaí. Sa Bhéarla, úsáidtear eochairfhocail len iad seo a chuir in iúl "shall", "should" agus "may". D'fheilfeadh Modh Ordaitheach an Bhriathair, "Ní mór", nó "Is ceart" agus "Moltar" as Gaeilge.

Agus ní mór riail a náid a bheith soiléir do chách:

Riail 0: Ná sáraigh riail gan an bhonn a bhí leis an sárú a thaifead.


Is fusa go mór amhlaidh a dhéanamh má bhíonn taifead soiléir an an mbonn a bhí leis an riail ar an gcéad dul síos.

2008-01-25

Ionas go mba aon iad

Táimid ag druidim le deireadh seachtain aontacht na gCríostaithe.

Is beag a rinne mé faoi, caithfidh mé a admháil. Corr smaoineamh agus corr phaidir.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil aontacht na hEaglaise fós i bhfad uainn, cé go bhfuil dul chun cinn ann.

Ach is i lámha an Spiorad Naoimh atá.

Go raibh toradh ar ghuí Íosa, agus go leigheasfar na créachta in A Chorp.


A Athair Naofa, coinnigh iad i d'ainm,
an t-ainm a chuir Tú faoi mo chúram,
Ionas go mba aon iad mar is aon sinne.

Eoin 17:11

2008-01-23

Gearrthóga gúgláilte

Scríobh Roseanne Smith píosa suimiúl i gcolún Gaeilge an Times inné maidir le ríomhaithne.
Tá costas ar siuntúis dom Times; an an ndrochuair ní ceann agam, leim an leagan clóite. Mar sin, ní thig liom nascadh leis ceal eolais. Má tá sintúis agat, bain triail as an nasc seo

2008-01-30 An téacs ar fáil ar shuíomh Roseanne anois:



De bharr nascleanúint ó mo chuntas statcounter, thug mé faoi ndeara go raibh an bhlag seo luaite mar Fhoinse i Wikipedia an Bhéarla de bharr an giota a scríos faoin gCléireach....gúgláilte arís.

2008-01-21

Athrógseanchas, Mír a hAon.

Mar a scríobh mé cheana, cumarsáid is ea cód bogearra.

Mar sin, is cuid tábhachtach de an foclóir a bhaintear feidhm as. Ainmneacha na hathróga, na feidhmeanna, agus na gnáis a mbaintear feidhm astu.

Is féidir go mbeadh rós faoi ainm éigin eile chomh cumhra céanna - ach praiseach an toradh a bheadh ann ach rós a bhaisteadh ar athróg ar neantóg i bhfírinne é!

Dar ndóigh, i dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Agus is tábhachtaí. I ré seo an domhandú, tá an Béarla in uachtar ní hamháin sna teangacha ríomhaireachta ach sna sonraíochtaí riachtanais. Agus is minic daoine, nach é an Béarla a gcéad teanga, i ngleic leis na nithe seo; bíonn an scéal níos casta fós ach Béarlóirí agus daoine le teanga eile a bheith ag obair le chéile . Teanga thar a bheith mí oiriúnach é an Béarla. Lán de débhríocht, agus téarmaí chomhchiallacha, nó leath chomhchiallacha.
Táid siúd ó na teangacha rómánsacha buailte go dona ag cairde bréaga; focail arbh ionann cruth dóibh agus san máthairtheanga - ach is minic casadh tábhachtach sa bhrí i mBéarla, a fhágann fabht san rud a scríobhadh. Toradh atá anseo ar an líon mór focail ón Laidin a shú an Béarla isteach - friotail atá thar a bheith fairsing san réimse teicneolaíocht.

Cén leigheas atá air seo? Ní hansa. Gluais. Ní mór do gach meitheal a théann i mbun togra, chomh luath agus is féidir, gluais a dhréachtú, agus a chothabháil le linn an togra. Ní mór srianta a chuir an an bhfoclóir a úsáidtear, an chiall atá le gach téarma a chinntiú go cúramach, agus an foclóir sin a úsáid i ngach foinse. Má tá teacht ar chaighdeán idirnáisiúnta, de chuid ISO, abair, is amhlaidh is fearr - seachnaítear argóintí. Beidh sé fós riachtanach scagadh a dhéanamh ar an gcaighdeán ar mhaithe le srian a chuir le ró-fhairsinge.

Buntáiste atá ann na téarmaí a bheachtú sna teangacha dúchais atá ag na baill foirne, más féidir.

Is bunchloch riachtanach Gluais maith. Is féidir tógáil air. Ach sin gnó d'oíche eile!

Táim gúgláilte!

Le tamall anuas táim an-spléach ar Ghoogle agus mé ar líne.

Bainim feidhm as gmail. Agus as bailitheoir sruthanna Google. Agus, gan amhras, as blogspot - atá ina chuid d'impireacht Ghoogle le tamall. Sin gan trácht ar chuardach Google. (A t-aon chuid atá ar fáil as Gaeilge go dtí seo).

Cuireann sé buairt orm uaireanta a oiriúnaí agus atá roinnt de na fógraí a chuireann siad faoi mo bhráid, anois agus na sonraí ar fad ón cumasc thuas á scagadh acu. Údar faoiseamh é go mbíonn roinnt acu go hiomlán ar strae.

Ach, cad a tharlódh má tharlaíonn an t-eolas scagtha seo i nglac feidhmeannacht éigin Kafka-ach amach anseo?

Tá lorg digiteach sách fada agamsa - ag dul siar go dtí 1996. Ní dhearna mé riamh iarracht m'aitheantas a cheilt, agus tá sé pas mall anois. Táim réasúnta sásta nach bhfuil aon rud a mbeadh náire orm faoi san tobar gan bhun digiteach seo, cé go bhfuil roinnt mhaith baoise a chuireann aiféala orm.

Críoch na bPáidiní Daonlathacha?

Feicim go bhfuil scrúdú coinsiasa ar bun ag an drong úd.

Duine dá seanfhondúirí buartha nach bhfuil siad ar an dtalamh ard morálta níos mó, agus go mba cheart dóibh éirí as an rialtas, sin nó scoir ar fad.

Threig siad an talamh ard morálta na blianta ó shin, dar liom; nuair a ndeachaigh siad i Rialtas le Cathal Ó hEochaidh.

Seo dream a d'fhogair go raibh siad chun múnla polaitíochta Cogadh na gCarad a réabadh, agus íonú a dhéanamh ar pholaitíocht na hÉireann. Ach an toradh a bhí ar a ngíomhaíochta ná marbhfháisc Fhianna Fáil ar rialtas in Éirinn a dhainginiú ar feadh glúin eile.

Fine Gael is mó a bhí thíos leo - chuaigh drong an Dlí is Ord le MacDubhghaill agus a bhráithre, agus chaill Fine Gael tacaíocht.

Ó thug Dev Leigiún an Chúl Garda isteach sa pholaítíocht daonlathach i 1926 tá lár an aonaigh polaitíochta san áit ina bhfuil Fianna Fáil. Is mar sin a bheidh chomh fada agus atá mionphairtithe ar fáil dóibh; clé no deas, úsáidfear iad chun an pairtí a bhogadh san treo gur mian leis an gceannasaíocht; ach is an mionphairtí a bheidh mar cheap milleáin nuair a éiríonn cosmhuintir saighdiúrí na cinnúina corrthonach.

Is fada muid ó iomaíocht sláintiúl polaitíochta san tír seo, ná go deimhin ó iomaíocht phrionsabail.

Imíodh na PDanna! Imeacht gan teacht orthu! Níl fágtha acu pé scéal é ach beirt TD - beirt ar toghadh iad toisc iad a bheith intofa iontu féin, cuma cén meirge a bheadh in airde acu. Mary Harney toisc gurb í féin í, agus Neol Grealish toisc gur ung Bobby Molloy mar a chomharbha é.

Polaitíocht na Treibhe fós againn!

Sin mo racht go n-uige seo.

2008-01-18

Aspail Voltaire, Iarfhocal.

Tá an léacht ar fáil sa Sacs Bhéarla agus i dteanga dúchais an Phápa anois.
Was hat der Papst an der Universität zu tun oder zu sagen? Er darf gewiss nicht versuchen, andere in autoritärer Weise zum Glauben zu nötigen, der nur in Freiheit geschenkt werden kann.

Céard atá le rá nó le déanamh ag an bPápa san Ollscoil? Is cinnte nach ceadmhach dó aon iarracht a dhéanamh daoine eile a bhrú i ndóigh údarásach isteach sa Chreideamh, nach féidir ach é a bhronnadh i saoirse.


Tóraíocht na Fírinne dualgas na hOllscoile, agus na hEolaíochta.

Ach, gan amhras, níorbh aighneas idir Fides agus Ratio a bhí anseo, ach aighneas idir Eaglais Caitliceach, a bhfuil caoinfhulaingt foghlamtha aici as a stair fuilteach, lochtach féin, agus an creideamh nua lán de baois na hóige, nach ngéilleann fiú gur creideamh atá ann.

Tá sciar suntasach de phlúr na n-eolaithe, go hairithe ins na réimsí sin ar a dtugtaí an Fealsúnacht Nádúrtha, a chreideann san Coimhdhe.

Go mbronna Sé a Eagna orainn!

2008-01-17

Cantar an Fíon

Chuala ar dtúis iad cois Loch Müggel i Friedrichshagen (Imfhál Feardorcha) na Gearmáine. Baile beag a bhfuil tarraingt air le breis agus céad bliain ag aos dána na Gearmáine, idir filí, dearcealaíontóirí agus daoine ealaíonta.

In árasán M a bhíos. Muid ag caint, agus ag ól, agus ag éisteacht le ceol.
Fear spéisiúil agus spéiseach é an M céanna. Fear mór siúil agus óil. Ar chúl doras na cistine bhí léarscáil den Eoraip, agus an bealach ó Bheirlín go dtí an Róimh a bhí i gceist aige a shiúil leagtha amach le bioráin agus snáth fada olla. Ní mé ar éirigh leis é chuir i gcrích riamh.

Chuala arís iad ina thearmann Éireannach i dTeileann; tháinig sé anseo dornán blianta ó shin. Is minic ar an gCarraig é, agus feiceann sé ann a ghrá! Bíonn sé scaití ag obair do Earagail Éisc Teo i Mín an Aoire. Ach agus é saor bíonn sé ag taisteal Thír Chonaill i mbád, ar rothar nó de shiúl na gcos. Roinn muid uisce beatha breá Albanach, agus d'éist muid.

Cad leis, a deir sibh? Duanta molta na Fíona ón tSeoirsia. Cór fireann bailithe timpeall ar bhord agus iad ag ól agus ag canadh go deasghnáthaíoch, sollúnta. Guth fir amháin in uachtar, agus comhcheol ag na fir eile - uaireanta le focail, níos minice ina dhord gan fhocail. An foinn ag snámh isteach is amach as a chéile

Fíor éagsúil, agus fíor deas.

Ar deireadh um Nollaig fuaireas an dlúthdhiosca mar bhronntanas. Tá sé agam anois i mo seinnteoir póca ceoil. Tig liom éalú go háit eile agus mé i mbraighdeanas an DART.


Tig libh blaiseadh de d'fháil anseo.



Amhráin Boird na Seoirsia
Cór Tsinandali

2008-01-16

Éireannach Gorm

An bús ar fad faoi Bharack Obama, agus bunadh Mhuine Gaill a bheith ag tnúth leis an gcuradh mhír a bhaint de Bhaile Póirín, mheabhraigh sé arís scéal eile dom faoi "Éireannach Ghorm".



Tá cloigeann Múraigh le feiscint ar Armas an Phápa. Maraon leis an mbéar, is gnéithe iad seo de armas dheoise Freising mar a raibh Josef Ratzinger ina Ardeaspag sular ghairm Eoin Pól II chun na Róimhe é.

Tá baint acu araon le Naomh Corbinian.

Tá teoiric ann gur fhág boinn drochbhuailte liopaí ramhra ar íomhá den Easpag Chorbinian, agus gur ghlac dream níos déanaí leis gur Múrach a bhí i gceist. (Is léir go dtéann réamhchlaonta áirithe i bhfad siar!)

De réir sár leabhair Thomáis Uí Fhiagh, "Gaelscrínte san Eoraip" cé nach eol cé dár dhíbh é Corbinian, go bhfuil bunús sách maith leis an dtuairim go mba Gael é.

2008-01-15

Aspail Voltaire?

Chuir an Pápa cuairt ar Ollscoil sa Róimh ar ceal.

Tá drong áirithe den aos léinn den tuairim go bhfuil sé fritheolaíoch.

Seo dream a bhfuil, maíonn siad, mana Voltaire faoi saoirse cainte ar a meirge acu:
Le droit de dire et d’imprimer ce que nous pensons est le droit de tout homme libre, dont on ne saurait le priver sans exercer la tyrannie la plus odieuse.


Ach, dar ndóigh, muide atá faoi chúng an chreidimh, níl muid saor, agus mar sin ní gá saoirse cainte a bhronnadh orainn. Is do na gealáin amháin a dlitear saoirsí mar sin!



Ollscoil na Gaoise?



Aguisín.
Bhí mé ag lorg leagan Fraincise den nath seo:
"Je ne suis pas d'accord avec ce que vous dites, mais je me battrai jusqu'à la mort pour que vous ayez le droit de le dire"

Theip orm aon tagairt díreach do Volatire agus an nath úd d'fháil. Fuair mé an nóta seo leanas, áfach:

Dans les milieu anglo-saxons, elle est attribuée à Voltaire. Mais elle ne se trouve nulle part dans son oeuvre.En fait elle est due à l'auteur anglais Evelyn Hall, résumant les idées de Voltaire dans un livre paru en 1906




Agusín II (2008-01-17) Scéal ag CNS le tagairtí don chaint a bhí sé i gceist ag an Pápa tabhairt.
Cad chuige sceon roimh an fear umhal seo? Tá an chaint anseo dóibh siúd a bhfuil Iodailís acu (níl agamsa)

2008-01-06

Eipeafáine

Féile na dTrí Ríthe, nó Nollaig na mBan, nó Nollaig Bheag atá ann inniu.



Amharcann an Eaglais ar chuairt na dtrí saoithe ar Íosa agus A Mháthair mar foilsiú an tslánaithe dos na ciníocha.

Feictear é sin í leachtaí an lae inniu. (Íseáia 60:1-6, Eifísigh 3:2-3. 5-6, Matha 2:1-12).

Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra. Agus ó fuair siad foilsiú i mbrionglóid gan dul ar ais go dtí Héaród, ghabh siad bóthar eile abhaile chun a dtíre féin.


Tá traidisiún ag dul i bhfad siar go raibh fear gorm i measc na dtrí ríthe, agus uaireanta feictear íomhánna agus duine acu ina Shíneach. Sin dóigh eile le cur in iúl go mbaineann Críost agus a Shlánú orainn le gach neach daonna.


A bhráithre, tá iomrá cloiste agaibh, ní foláir, ar an gcúram a thug Dia mar ghrásta dom in bhur gcomhair agus mar a thug sé fios a rúin dom in aisling. Níor tugadh fios an rúin seo do na glúinte daoine a chuaigh romhainn ach tá sé arna nochtadh ag Dia anois faoi luí an Spioraid dá aspail naofa agus dá fháithe. Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal. (Eifísigh 3:2-3. 5-6)


Nach méanar dúinn?

2008-01-05

Adhbha rónta

Chonaic mé an píosa filíochta seo ar shuíomh Dennis:

Rith sé liom go raibh sé thar a bheith soléite. Le cabhair ó aistriúchán Dennis agus ón Ghearrfhoclóir Gaeilge-Béarla, rinne mé iarracht Gaeilge an lae inniu a chuir air.
Seo an toradh. Nílim iomlán sásta leis an leathrann deiridh.
Fégaib úaibFéachaigí uaibh
sair fo thúaidsiar ó thuaidh
in muir múaidan mhuir mhórga
mílach;mhíolach
adba rónadhbha rónta
rebach, rán,reabhrach, rán;
ro-gab lántá an lán mara
línad.líonta



Gluais:
Tá na focail thuas ar fad le fáil san GFGB, ach níl siad coitianta.
Seo gluais, mar sin.

Adhbha, áitreabh, áit cónaithe
Míolach, lán de bheithígh
Rán, uasal
Reabhrach, aclaí, spraíúil

2008-01-04

Uisce faoi thalamh.

Bhuel, tá ráiteas eisithe ag na cladhairí a rialaíonn muid maidir le taillí uisce agus scoileanna. Gearrfar costas ar scoileanna.

Anois, is acmhainn luachmhar uisce inólta. Tá costas ag baint lena scagadh, a bhailiú, a ghlanadh agus a scaipeadh. Táthar ag lorg foinse nua uisce do Bhaile Átha Cliatha abair, de bharr ganntanas a bheith ag bagairt ar an gcathair.

Mar sin, tá ciall le táillí uisce a úsáid chun iompar daoine a athrú i dtreo caomhnú uisce.

Ach is beag smacht atá ag coiste bainistíochta scoile ar úsáid uisce san scoil. Faoin Roinn Éadóchais atá sé feabhsú agus cothabháil a dhéanamh ar an foirgnimh.
Tá bunscolaíocht (in ainm is a bheith) gan chostas do thuismitheoirí. Mar sin, beidh an Rialtas ag tógaint táillí uisce le lámh amháin, agus ag bronnadh (roinnt) den airgead thar nais ar an lámh eile. Ní bheidh mar thoradh air seo ach go gcéasfar príomhoidí níos mó le maorlathas gan chéill. Cuirfear brú ar coistí bainistíochta ar oibrithe deonacha don chuid is mó iad. Déanfar dúmhál breise ar thuistí ar mhaithe le breis airgid a fháisceadh astu.

Fuair Rialtas na hÉireann maolú do theaghlaigh. Fuair Rialtas na Fraince maolú do scoileanna. Cé acu a bhí stuama?

2008-01-03

Dar mo choinsias!

Feicim go bhfuil briatharchath san Irish Times agus áiteanna eile maidir le saoirse coinsiasa agus umhlaíocht d'fhoirceadail na hEaglaise.

Ní hionann do choinsias a leanacht agus do rogha rud a dhéanamh.

Is beag duine ciallmhar nach rachadh i gcomhairle le duine níos ciallmhaire ná é agus sláinte a choirp nó a mheabhair faoi chaibidil. Tuige an drogall seo, mar sin, dul i gcomhairle le Magisterium na hEaglaise i gceisteanna Creidimh agus moráltachta?

Ní hionann sin agus an "umhlaíocht dall" is ansa le lucht cainte na hEaglaise trácht air.

Ní mian leis an Eaglais cosc a chuir ar smaoineamh - ní bheadh tairbhe leis sin. Is faoin duine féin atá sé slánú a bhaint amach.

Is foirceadal buan de chuid na hEaglaise é gur dualgas trom atá ann do choinsias a leanacht. (CnahEC, 1776 agus a leanann é, go háirithe 1790 agus 1800).

Ach ní mór an choinsias, cosúil le haon acmhainn eile de chuid an duine a fhorbairt.
Agus is baois a bheadh ann neamhaird a dhéanamh de theagasc na hEaglaise, a bhfuil barántas aici ó Chríost.

Ní fíor ach oiread go ndeir an Eaglais "Déan seo toisc go ndeir mise leat é". Bíonn bunús fréamhaithe san scrioptúir agus san traidisiún, agus le réasún taobh thiar de, le gach foirceadal; agus leagtar amach go soiléir iad.

Le teacht Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, tá teacht éasca ar an mbuneolas. Agus tá an chuid is mó de doiciméid na hEaglaise, ina measc saothar an Dara Chomhairle san Vatacáin, ar fáil ar líne.

Iad siúd nach bhfuil dall, feicidís!

Tá an Caiticiosma i nGaeilge ar fáil ó chúpla focal.

2008-01-01

Lá Caille

Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Ach ar chúis éigin is cantal agus duairceas is mó a mhothaímse.

Jionbhair gruama dorcha duairc atá ann.

Dar ndóigh, ní cabhraíonn sé go mbeidh mé ag filleadh ar obair amárach. Agus go sroichfidh mé an dá scór i mbliana. Agus gur éalaigh an saoire uaim gan rud ar bith fiúntach a bheith déanta agam.

Ar an dtaobh eile, ba cheart go mbeadh muid réidh leis an togra promhadh, atá idir lámha againn le roinnt blianta anois, roimh Cáisc. Tá an iomarca den promhadh go holc don anam! Crapann beachtaíocht síoraí an meon, agus fásann nós an síor "locht a fháil".
Is deacair gan ligeann do sin sleamhnú isteach san chuid eile den saol.

Ach tá díth codlata orm, tharla í féin a bheith ag gearradh fiacla (agus mo néaróga chomh maith).

Ach is leor sin den gclamhsán. Beidh lá eile ann amárach!

Go raibh síocháin ag an cine go léir i mbliana.