Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-01-30

Agus nuair a chanann an Raibí

Bhí suim éigin agam le fada i gcultúr Giúdaigh na hEorpa. Tógadh i raon caite cloiche den Sionagóg i dTír an Iúir mé, ach is beag cuir amach a bhí agam orthu siúd a bhíonn ag adhradh Dia ann. Tá cuimhne orm ar iad a fheiscint ag súil chun guí ar an tSabóid.
Ach seachas seanbhean amháin, a bhí cairdiúil leis an comharsan béal dorais a thug aire dom ó h-am go h-am agus mé óg, ní mé ar labhair mé riamh leo. Is mór an trua nár dhéan!

Scéal thairis sin. Nuair a bhí mé sa Gearmáin ar dtúis, cheannaigh mé dlúthdhiosca de amhráin Giúdaise . Gearmánach an t-oirfideach, agus bhí an ceol sollúnta, deasghnáthaíoch beagnach -E-Musik1

Chuala mo chailín ag am (mo bhean anois, mar a tharlaíonn) an ceol, agus dúirt liom nárbh fiú dada é, go bhfaigheadh sí ceol fiúntach dom. Agus fuair.

Mac le teaghlach a tháinig slán é Moshe Leiser, a rugadh in Antuairp. Canúint den nGearmáinis a chleacht Ashkenazi (aicme áirithe de Giúdaigh na hEorpa) is ea an Giúdais. Scríobhtar san aibítir Eabhraise é, ach tuigimse (le beagán stró) na hamhráin. De bharr Moshe a bheith tógtha in ndiaidh an tUileloscadh, a bhasc a chultúr chomh maith lena phobal, deir sé féin go bhfuil lochtanna áirithe ar a stór amhráin, agus ar a chanúint.

Ach tá blaiseadh éigin den gcultúr ársa, beomhar úd le fáil san DD seo. De thaisme a tháinig an triúr le chéile le ceol a dhéanamh, amhránaí, fidléir agus boscadóir. Ach is mór is fiú gur tháinig.

Tá idir ceol aerach, ceol brónach, agus ceol
gezungen mit naganes in di hent (ceolta le gunna i ngleic) ar an DD.

Tá Amhrán an Cheithearnaigh Coille, an Partizanenlied2, thar a bheith corraitheach. Tá Az der Rebbe singt aerach. (Uaidh sin a sciob mé teideal an mhír seo).

Tá an DD ar mo phíobaire póca agam anois, agus mé ag baint an-sult as. Níor éist mé leis an DD eile ó shin!

Ach is mithid don Rebbe seo dul a luí anois! Schalom!




Gérard Barreaux, Ami Flammer, Moshe Leiser
Tendresses et rage * Chansons Yiddish

1 Bíonn idirdhealú sa Ghearmáin idir E-Musik, Ernste Musik, ceol dáiríre, agus U Musik, Unterhaltungsmusik, ceol siamsaíochta. Ní thuigim an t-idirdhealú sin. Feictear domhsa an dá fheidhm a bheith comhlíonta ag ceolta maithe.

2 Tá na focail san cló Eabhraise ar an nasc thuas chomh maith.