Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-01-21

Athrógseanchas, Mír a hAon.

Mar a scríobh mé cheana, cumarsáid is ea cód bogearra.

Mar sin, is cuid tábhachtach de an foclóir a bhaintear feidhm as. Ainmneacha na hathróga, na feidhmeanna, agus na gnáis a mbaintear feidhm astu.

Is féidir go mbeadh rós faoi ainm éigin eile chomh cumhra céanna - ach praiseach an toradh a bheadh ann ach rós a bhaisteadh ar athróg ar neantóg i bhfírinne é!

Dar ndóigh, i dtús na haicíde is fusa í a leigheas. Agus is tábhachtaí. I ré seo an domhandú, tá an Béarla in uachtar ní hamháin sna teangacha ríomhaireachta ach sna sonraíochtaí riachtanais. Agus is minic daoine, nach é an Béarla a gcéad teanga, i ngleic leis na nithe seo; bíonn an scéal níos casta fós ach Béarlóirí agus daoine le teanga eile a bheith ag obair le chéile . Teanga thar a bheith mí oiriúnach é an Béarla. Lán de débhríocht, agus téarmaí chomhchiallacha, nó leath chomhchiallacha.
Táid siúd ó na teangacha rómánsacha buailte go dona ag cairde bréaga; focail arbh ionann cruth dóibh agus san máthairtheanga - ach is minic casadh tábhachtach sa bhrí i mBéarla, a fhágann fabht san rud a scríobhadh. Toradh atá anseo ar an líon mór focail ón Laidin a shú an Béarla isteach - friotail atá thar a bheith fairsing san réimse teicneolaíocht.

Cén leigheas atá air seo? Ní hansa. Gluais. Ní mór do gach meitheal a théann i mbun togra, chomh luath agus is féidir, gluais a dhréachtú, agus a chothabháil le linn an togra. Ní mór srianta a chuir an an bhfoclóir a úsáidtear, an chiall atá le gach téarma a chinntiú go cúramach, agus an foclóir sin a úsáid i ngach foinse. Má tá teacht ar chaighdeán idirnáisiúnta, de chuid ISO, abair, is amhlaidh is fearr - seachnaítear argóintí. Beidh sé fós riachtanach scagadh a dhéanamh ar an gcaighdeán ar mhaithe le srian a chuir le ró-fhairsinge.

Buntáiste atá ann na téarmaí a bheachtú sna teangacha dúchais atá ag na baill foirne, más féidir.

Is bunchloch riachtanach Gluais maith. Is féidir tógáil air. Ach sin gnó d'oíche eile!