Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-04-28

Gné alt fógraíochta

De bharr bagairt iarratas ó Phrimal, táim ag fógairt go bhfuil féile de dhíth ar Eolaí gan Fhéile



Tá saothar ealaíne dá chuid ar díol aige ar sár phraghsanna.

Grádú Daonnacht


(Íomhá le ekem ó Wikimedia Commons)

Comhairle Bitheitice na hÉireann tar éis fógairt go gcreideann siad go bhfuil "luach morálta níos lú" ag na suthanna "breise" a bhíonn mar thoradh ar toirchiú in vitro, agus go bhfuil sé cuí mar sin feidhm a bhaint astu i dtaighde ar gaschealla shuthacha ar mhaithe le daoine tinne, atá, de réir an leagan amach seo, níos luachmhaire. (Scéal anseo)

Cén saghas eitic é "Cosnaíonn an sprioc an bheart"?

Is feall ann fhéin gur cruthaíodh suthanna breise ar mhaithe le "ceart" daoine fásta leanbh a bheith acu, nuair nach bhfuil an cumas nádúrtha iontu leanbh a bheith acu. Cinnte, is cinniúint thar a bheith crua an neamhthorthúileacht, agus is ceart gach cóir leighis a bheith ar fáil dóibh siúd atá buailte leis. Ach níl cearta ag aoinne leanbh a bheith acu. Tabhartas atá ann.

Agus is ró bhaolach an rud é línte a tharraingt agus a rá go bhfuil neacha daonna ar thaobh amháin den líne inúsáidte, más bás féin an toradh air, ar mhaithe le neacha daonna ar an taobh eile den líne.

Táim bréan bailithe den mantra úd gurb é taighde ar gaschealla shuthacha an "caighdeán órga". Glacaim go fonnmhar leis gurb iad gaschealla "uilechumasacha"1 an chaighdeán órga. Ach ní gá suthanna a scrios len iad a fháil. Ar an gcéad dul síos, tá gaschealla ar fáil ón srincne. Sa bhreis ar sin, tá dul chun cinn mór déanta ar thaighde gaschealla ó dhuine fásta. Aon cóir leigheas atá i promhadh cliniciúil is as gaschealla ó dhuine fásta a tháinig sé.

Agus tá bealaí ann anois chun gaschealla ó dhuine fásta a dhéanamh ilchumasach.

Níl gá le leathnú amach cultúir an bháis, agus moráltacht fhóntaíoch den tsórt seo.

Tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas neamhaird ar an ndrochchomhairle seo.

Scríobadh san Irish Times agus an scéal seo a phlé nár cheart riamh gan taighde a dhéanamh. Anois, ní mian liom teacht salach ar Dhlí Godwin, ach is deacair gan smaoineamh ar thaighde mharfach Mengele. D'eascair roinnt torthaí fónta as sin freisin.

Alt maidir le IVF anseo agus maidir le ghascealla anseo.



1Tá gaschealla uilechumasacha ann, a bhfuil ar a gcumas athrú in aon saghas ceall daonna, agus ilchumasacha nach bhfuil an raon fairsing céanna cumas iontu. Is den cineál deiridh an chuid is mó de na gaschealla ó dhaoine fásta.

Tolg iriseoireacht agus bréaga na gceamaraí

Bhí leathchluas agam le clár Mharian Finucane ag an deireadh seachtaine. Bhí iriseoir mór le rá éigin faoi agallamh aici - fear a raibh lámh aige i bhfoilsiú scéil an Ghinearáil. Bhí sé ag caitheamh anuas go tréan ar na hiriseoirí óga atá ann anois, ag clamhsán nach bhfuil an scil acu "foinse" a chothú, nach mbíonn ar bun acu ag athchúrsáil preasráitis agus sciúradh idirlín1.

Bhí ailt ar na mallaibh ar Foinse spreagtha ag an leabhar "Flat Earth News" a bhí ar an bport céanna mórán.

Gan amhras, bhí alt ag Bríd thall ag an Imeall faoi scéal gaolmhar, ach leabhar taistil a bhí i gceist anseo.

Ansin chonac an scéal seo san Tagespiegel - pictúir a "chruthaigh" go raibh saighdiúirí Síneacha ag cuir bréag éadach manaigh Búdaíocha orthu féin agus ansin ag dul i mbun agóidíochta mar agents provacteurs. Scéal a chuir manach Polannach agus cónaí ar san Nepail tús leis, ach a tuairiscíodh in iris Ceanadach a mhaígh gur ó satailít spiadóireachta a tháinig an pictiúr. An fhírinne (de réir an Tagesspiegel) - bhain an grianghraf le h-ullmhú do scannán, a raibh na saighdiúirí páirteach ann mar aisteoirí breise.

Fágann an t-idirlíon go bhfuil teacht go héasca ar "sonraí" - ach tá sé deacair iad a scagadh chun an iontaofacht agus údarás a mheas. Agus ag éirí níos deacra de réir mar a truaillítear foinsí na meáin úd a raibh iontaofacht ag baint leo, tráth.

Bígí aireach!



1Meas sibh ar chruthúnas breise ar seo príomhscéal Lá Nua inniu - atá bunaithe ar scéal ar iGaeilge de hAoine? Ar a laghad thug Michelle creidiúint do Chonchubhair. Ach bheinn ag súil le breis eolais a bheith lorgtha ag Lá Nua.

2008-04-26

Agóid ar son tobac!

De réir an Tagespiegel, chuaigh roinnt céadta tábhairneoirí agus a gcustaiméirí ar agóid sráide ar son a gceart tobac a chaitheamh.

Ceist mhór (mar a scríobh mé cheana) é seo do na miontábhairní - a bhfuil scata mhór acu i mBeirlín, seomra amháin ar chúinne sráide go hiondúil.

Ar éigin go mbeadh toradh air. Tá cóir na gaoithe leo siúd atá in aghaidh tobac anois.

Bod Fhearghusa


Íomhá le Przemysław Sakrajda; ó Wikimedia Commons

Mheabhraigh an scéal seo ó shuíomh Dennis dom go bhfuil an t-ainm Bod Fhearghusa ar an Lia Fáil, nó cloch na cinniúna.

Ní cuimhin liom an é an Feargus céanna atá i gceist i scéal Bhebo; ach Rí Ultach atá i gceist san dá scéal.

Iarsma den bpósadh deasghnáthaíoch idir an Rí agus (bandia an) fhearann atá anseo, is léir.



Ocus in uair ro búi Fergus ic comriachtain ria tug lám ar mullach a cinn ocus ro fhiarfaig in rigan de cid imar chuir in lám ar a bathais.
"Ingnam lium," arsé, "in ball ferrda ina bfuilit secht nduirn ocus gan innatsa acht trí duirn gan a dhul trét chenn sechtair. Ocus is uime sin do chuires mo lám ar do chenn."
"Léig as alé, a Ferguis," ar sí. "Is mór ní súigios lesrach banscáile! "


Agus an uair a raibh Feargus i gcomhriachtain léi do chuir a lámh ar mullach a cinn agus d'fhiafraigh an ríon de cad chuige a chuir sé a lámh ar a bhaithis.
"Ionadh liom", ar sé, "an bhall fearga ina bhfuil seacht ndorn agus gan ionat ach trí dhorn gan a dhul tríd do cheann amach. Agus is uime sin do chuireas mo lámh ar do cheann"
"Bhuel, lig do, a Fhearghuis", ar sí, "Is mór an ní a shúnn leasrach ban"

2008-04-25

Dhá cás K

Tá dhá cás K san nuacht.
Fear a rinne comhriachtain le cailín 13 bliana d'aois ceann acu. Coir gan cheist ab ea sin go dtí le déanaí - éigniú reachtúil. Ach rialaigh an Chuairt Uachtarach go raibh an dlí áirithe sin mí bhunreachtúil de bharr nár thug sé deis don cúisí a mhaíomh go ndearna sé botún ionraic, agus gur chreid sé go raibh an cailín in aois tola.

Sin a tharla sa chás seo. Tugadh fianaise, ní hamháin ón bhfear, ach ó phoitigéir agus ó mná eile, go raibh an chuma ar an gcailín go raibh sí 18. Bhí sí ag ól leis an bhfear agus scata eile ar Bheann Éadair nuair a bhuail siad craiceann. Dúirt sí gur thuig sí cad a bhí i gceist, agus gur lena toil a tharla.

Is dóigh liom, ainneoin an ghleo go léir ó Bharnados, an RCC agus Alan Shatter, gur breith cóir a bhí ann.

Ní hé gur dóigh liom go raibh an fear soineanta. Ná nach bhfuil ceisteanna le freagairt aige. Ach sa chás seo, ní éigniú a bhí ann. Bheinn i bhfách le dlí a d'fhágadh fear dá leithéid ciontach in oilghníomh. Ach ní bheadh sé tuilte aige a bheith brandáilte ina chiontóir gnéis, ar aon chéim le éigneoirí foréigneacha.

Is ag daoine eile atá ceisteanna le freagairt. Cén saghas cúram é ligean dod iníon faoi aois bheith ag ól le strainséirí agus í feistithe sa dóigh is gur chreid cách í bheith fásta? Tá ró-théisiulacht á dhéanamh ar ár n-aos óg, iad faoi bhrú cuma aibí a chuir orthu féin agus gníomhú amhail is dá mbeadh a dtoil chomh haibí lena gcoirp. Ar an sochaí i gcoitinne, sochaí atá ró thógtha le híomhá an choirp mealltach, foirfe, atá an locht.

Baineann an chás K eile leis an mbean a fuair aistriú fola in aghaidh a tola. Cás casta, aisteach. Is cosúil go ndúirt sí ar dtús gurbh caitliceach í, agus ar ball gur Finné Jehova í, dream atá in aghaidh aistriú fola ar bhonn morálta.

Ceist cigilteach atá ansin, agus nílim cinnte faoin mbreith.

Níor mhaith liom bheith i mo bhreitheamh in Éirinn inniu - tá an iomarca ceisteanna nach bhfuil réitithe ag an sochaí, agus ag an oireachtas arbh a dhualgas é, ag teacht ós comhair Breithiúna na hÉireann.

Buí an Earraigh

Anois agus muid i mbéal na Bealtaine, tá an iliomad lus faoi bhláth.

Buí an aitinn is feiceálaí sna bólaí seo. Ach tá líocha eile den bhuí le feiscint. An sabhaircín, abair. Na caisearbháin gan amhras. Agus lus eile a dhéanaim amach le cabhair na leabhair gurbh é an Gharra Bhuí Chelidonium majus é.

Tá na lusanna an chrom chinn geal le bheith bailithe leo, ach táid ann anseo is ansiúd.






Íomhanna ó Wikimedia

Ní fhágfaidh tú a beo ag uimhir draíochta!

Bíonn gá go minic le huimhreacha tairiseacha i gcód clár ríomhaireachta, go hairithe san réimse innealtóireachta agus eolaíochta.
Ach níl rud ar bith níos measa ná líne cód mar seo:

a = (a + 0.7071067 * b)/ 3.14159 * c;

Tá an leagan seo rud beag níos fearr:

a = (a + 1.0/sqrt(2.0)* b)/ pi * c;

Tugtar “uimhreacha draíochta” ar a mhacasamhail de uimhreacha fite tríd cód. Agus is gráin liom iad.
Tá sé i bhfad níos fearr na tairisigh a shainiú ag tús an cód. Agus is fearr liomsa feidhm a bhaint as na feidhmeanna atá mar chuid den tiomsaitheoir chun an sainiú seo a chur i gcrích:
Fágann sin go mbeidh na huimhreacah snámhphointe ar chomhcruinneas leis na huimhreacah a ríomhtar le linn don gclár a bheith ag rith.

const float PI = acos(-1.0)
const float DRONNUILEANN = PI/2.0
const float FREAMH_LEATH = 1.0/sqrt(2.0)


ansin bíonn an cód níos soléite:

a = (a + (FREAMH_LEATH * b))/ PI * c;


Is samplaí simplí iad seo: bíonn nithe eile i gceist, mar shampla, an líon iontráil i dtábla.

float tabla = {1.0, 2.0, 3.0, 5.0, 7.0};

Bíonn gá le bheith cinnte nach dtéitear lasmuigh den tábla. Is ceart tairiseach a úsáid:

#define MEID_TABLA sizeof(table)/sizeof(float)
#define IONTRAIL_DEIRIDH_TABLA (MEID_TABLA - 1)


Tá an cód leis na tairisigh seo i bhfad níos soléite

suim = 0.0;
for (i = 0; i <= IONTRAIL_DEIRIDH_TABLA; i++) {
suim = suim + tabla[i]
}


Mar sin, má saor cláir thú, ná fág a beo ag uimhir draíochta!

Nóta: Is cód san ríomhtheanga C atá in úsáid agam anseo; ach tá nósanna gaolmhara ag baint le achan teanga ríomhaireachta.

Cíochdeighilt agus ceisteanna craicneacha eile

Bhíos ag éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo@3 ar maidin le déanaí. Tá sé de nós aige beirt seanfhondúir a bheith ina fhochair, agus iad ag cíoradh cainteanna crua agus caillte. Luath nó mall tagann ceist na collaíochta chun cinn. Bhí an bhearna mealltacht úd idir cíocha bean a scrúdú acu – agus mhol téacsóir glic éigin cíochdeighilt mar ainm air.

Ar aghaidh i mbun gníomh leo ansan. Luadh téis agus gutaí mar théarmaí ar chomhriachtain. Tá fianaise indíreach don dá leagan sna Foclóir – tá téisiúlacht leis an gciall “mínáireach, deiliúsach” ann, agus guta leis an gciall “ainnis”. I bhfianaise an ré inar foilsíodh na foclóirí, is leor sin mar cruthúnas domsa!

Tá an focal clárú acu thiar. Feictear dom go bhfeileann sé sin don té a ghabhann suas ar a pháirtí. Tá a leathbhreac de nath sa Ghearmáinis - “Er hat sie aufs Kreuz gelegt”, “Chuir sé ar clár a droma í”. Ach céard faoin imreoir eile i gcluiche seo an ghrá?

Slogann bléine ban a lán, agus tig le bean a bheith ina ceannaire sa ghníomh – ach an bhfeileann clárú dá gníomhaíocht? Bhí nath iontach faoi bhean mealltach faoi caibidil ar Leagan Cainte roinnt blianta siar - “Tá a heochrasa ar dhuáin aici”. Sin pictiúr den bhean lán de stuaim!

Dar ndóigh, filleann an cheist seo arís agus arís de bharr tanú an Bhéarla. Tá foc ina bhriathair, ina ainmfhocal, ina aidiacht agus ina intriacht ag bundúin na sráide, agus samhlaítear go mba cheart focal ar aon dul leis a bheith sa nGaeilge. Táid ann ar mian leo an focal feis a lúbadh chun na críche sin. Sin brilléis nach ngéillim dó. Tá brí leathan ag feis, agus ní cheart tochailt faoin mbrí sin.
Cuimhnígí ar Sheán Uí Neachtain bhocht, agus na Feisirí eile san Eoraip!

Níl gnéas luaite ar chor ar bith agam fós. Tá fáth leis sin. Bíonn inscne ag focail, téarma gramadaí atá ann. Bíonn gnéas mar aire ag neacha beo.
Cinnte, bíonn daoine níos mealltaí, níos macnasaí nó níos téisiúla ná a chéile - ach tá muid uilig gnéasúil!

Tá, dar ndóigh, agus mar a chruthaigh Breandán 'ac Gearailt ina leabhair, cuimse focail agus nathanna ann don té ar mian leis dul leis na mionnaí móra nó an chaint craicneach.

Seo Tré daoibh uaidh:
Cad iad na trí áit a roghnaigh Seán le Máire a bhíogadh?
Tóin le claí,
Tóin le gaoth,
agus tóin ar bheart fraoigh!

Guím rath na raithní oraibh, agus is mithid domsa purgóid a ghlacadh nó báfar mé i mo mhiangas!

2008-04-24

Balbh de bharr teicneolaíocht

Tá an trealamh idirlíon s'agam ag cothú deacrachtaí istoíche.

Sin fáth mo thosta faoi láthair - tá smaointe i'm cheann, ach ní thig liom iad a bhreacadh go fiúntach anseo de bharr an nasc a bheith ag teip ró rialta orm.

2008-04-22

Fios thiar, ...

Ceann eile ó suíomh Dennis
Íarus fis,Thiar, fios
túathus cath,Thuaidh, cath
airthius bláth,Thoir, bláth
teissius séis.Theas, séis


2008-04-23. Leasaithe i ndiadh codladh na hoíche, agus séis (= ceol) a bheith faighte agam i bhfoclóir Dinneen agus GFGB araon.

Thoir trácht, agus Thiar ....
Moltaí ag aoinne do leagan don 21ú aois?

Beatha, breosla, agus bróicéirí

Tá praghas an bheatha ar ardú ar fud an Domhain.

Tá círéib bídh in áiteanna san Aifric. Luaigh Alex Hijmans (ina alt i bhFoinse) an tseachtain seo praghas bun earraí sa Bhrasaíl a bheith ag ardú as cuimse. Tá na scéil ag carnadh faoi seo.

Tá cuid den locht, mórchuid b'fhéidir , ar ár gcraos fuinnimh; tá barraí á fhás le bithbhreosla a dhéanamh - ainneoin go bhfuil beatha bliana do dhuine san méid eorna is gá chun tanc SUV a líonadh le heatánól.

Ach de réir na scéalta seo san Tagesspiegel tá an féidearthacht ann go bhfuil lucht gaimbín ag teacht i dtír ar an nganntanas bídh, agus ag carnadh stoic de earraí talmhaíochta.

Sin feall.

Cuimhnigh le linn an drochshaol in Éirinn go raibh muid ag onnmhairiú cruithneacht. Agus murach teip na bhfataí, go raibh an tír in acmhainn a dhá oiread daoine agus atá anois inti a bheathú.

Bhí Mary Coughlan buartha agus í ag caint ar an deireadh seachtaine faoi "slándáil beatha" - i gcomhthéacs na gcainteanna trádála domhanda.

Ceist casta is ea an cheist seo; ach is léir go mbeidh orainne san chuid seo den domhan ár mianta a shrianadh má tá leigheas le bheith air. Agus gur peaca agus feall atá ann bheith ag dó beatha, nó ag fágáil goirt torthúla ina mbranair gan cur.

Ar chuala tú Dracula?

Tá leabhar Aodh Uí Chanainn, An bhfaca tú Dracula? díreach críochnaithe agam.

Meascán de chinn lae agus leabhar taisteal atá ann.

Ní raibh mé iomlán sásta leis - giotaí ó turais éagsúla atá i gceist, agus meascán aisteach de mhion eachtraí pearsanta, turais turasóireachta, cúlchaint polaitíochta atá ann.

Tá iarfhocal le amlíne staire ann, atá go maith. Agus tá eolas suimiúil sa leabhar. Ach feictear dom go bhfeadfaí é a scagadh agus leabhar níos snasta a fhuineadh as.

D'fhág sé fiosrach faoin stíl ceoil doina mé, áfach, agus fuair mé sampla nó dhó ar líne anseo: Ceol uirlise ar fad atá sna samplaí, cé gur thuig mé ón leabhar gur amhráin atá i gceist.
Beidh orm leanacht orm ag tochailt!



An bhfaca tú Dracula?
Dialann Thrasalvánach
Aodh Ó Canainn
Comhar 1997
ISBN 0 9526306 X

2008-04-21

Faoi dheireadh, thoir.

D'fhreastail mé ar dhráma Joe Steve - Faoi Dheireadh Thiar in Amharclann Smock Alley Déardaoin seo chaite.

Bhí sé thar barr.

Bhí, cinnte roinnt den chaint a d'éalaigh ó mo chluasa neamhoilte Bhleácliathacha.
Bhí deacrachtaí agam ach go hairithe le Coilmín (Diarmuid Mac an Adhastair). Ach is mar sin a bheadh san fíor saol agam. Agus bhí an t-aisteoireacht chomh maith sin nach dóigh liom gur chaill mé mórán den scéal. Beidh orm an dráma clóite a cheannach le bheith cinnte, agus le cur le'm fhoclóir!

Bhí Joe Steve fhéin go hiomlán inchreidte mar fear a raibh an t-amharc caillte aige.

Go deimhin, cé go raibh muid fáiscthe isteach i bpluais gruama de amharclann, bhí sé éasca de bharr feabhas an chliar creideamh go raibh muid i measc grá, gruaim, agus greann an tigh altranais úd.

Cén donas atá orainn i mBaile Átha Cliath nach bhfuil de chumas ionann amharclann cheart a chuir ar fail do dhramaí Gaeilge - tuige nach bhfaigheann na sár aisteoirí seo an t-aitheantas cuí, agus áit in amharclann sóúil, teolaí seachas poll dubh éigin i bhfolach i gcathair gríobháin?
(Bhí rudaí le rá ag Conchubhar faoi seo)

Bhí slua mór ann an trí oíche a bhí sé i san Smock Alley, nach bhfuil ach 120 nó mar sin suiochán ann (bhí suiochán breise curtha isteach). Bhí mórchuid den slua níos óige ná mise, rud a chuir iontas orm, agus níor aithin mé ach beirt, rud a chuir breis iontais orm. Le margaíocht cuí, táim cinnte go mbeadh amharclann mór líonta.

Má bhíonn deis agaibh, freastalaígí air! Tá an deis thart go fóill i mBÁC, ach beidh sé thall agus abhus, táim cinnte.

Na hÍobartaigh agus an Pápa

Bhuail sé leo.

D'éist sé leo.

Ghuigh sé leo.

Mar is dual dó, go ciúin, séimh, gan scéal mór a dhéanamh de (níl raibh an coinne airithe seo luaite san tráthchlár oifigiúil).

Le cúnamh Dé, agus an Spioraid Naomh, cuirfidh céimeanna mar seo dlús le leigheas na créachtaí san Eaglais.

2008-04-15

McCain an mac is fearr!

Don teach geal.

Cinnte, nílim ar aon fhocal leis ar mórán rudaí.

Ach den triúr atá ar fáil, is é is fearr, dar liom.

Bhí mé i gcoinne ionradh SAM ar an Iaráic. Ach tá siad ann anois. Bheadh rudaí seacht n-uaire níos measa dá tarraingeoidh siad siar. Tá seasamh John McCain ar an gceist seo ionraic agus cróga. Agus tuigeann sé go maith an
baol - chuir an scéal seo maidir lena mhac a bheith thall le mo mheas air. Níl sé ag iarraidh teacht i dtír air. (Murab ionann a "crógacht faoi lámhach na bpiléir" Hillary). Seo fear a chaith seal i mbraighdeanas i Viet Nam. Seo fear a thuigeann go maith uafás an chogaidh, agus a labhair amach go láidir in aghaidh céasadh.


Is aisteach an tacaíocht atá abhus don beirt daonlathach. Dá mbeadh siad ag seasamh do toghchán anseo leis an clár oibre atá acu thall, caolseans go mbainfidís amach suíochán comhairle contae, ní airím oifig an Taoisigh!

Creideann Obama gur pionós a bheadh ann éirí torrach - agus nach bhfuil de leigheas air ach ginmhilleadh. Tá Hillary chomh láidir céanna ar an gceist seo. Dar ndóigh, tá seasamh McCain sách débhríoch freisin.

Iarsma de "inneall" pholaitíochta daonlathach na Gael Mheiriceánach atá ann seans. Ach ní dóigh liom gurb é sin an chuid is glórmhara dár stair coiteann!


Rogha an trí díogha é McCain, ach is dóigh liom gur fearrde dúinn ar fad é más eisean a ghnóthaíonn.

Focail soiléire ón bPápa maidir le hionsaithe gnéis

Tuairiscithe anseo agus anseo


Tá náire domhain orainn go léir, agus déanfaidh muid ar ndícheall féachaint chuige nach dtarlódh a leithéid arís.


Is tabachtaí sagairt mhaithe ná líon mhór sagairt


Áiméan.

2008-04-14

Dánlann eolaíochta

Thug mé cuairt le mo mhac is sine ar an Dánlann eolaíochta atá i gcoláiste na Tríonóide le tamall.

Smaoineamh spéisiúil - dánlann dos na dearcealíaona, ach gné eolaíochta a bheith leis na saothair.

Tá deireadh ag teacht leis an taispeántas a chonaic muid (níl sé luaite níos mo ar suíomh s'acu fiú).

"Piollairí" - taispeántas faoinár gcaidreamh le drugaí leighis. Éadaí agus malaí láimhe maisithe le piollairí.

Thug mé suntas do chúpla rud. Gúna pósta maisithe le dóthain piollairí frithghiniúna do bhean ó tús go deiridh a ré torthúil. Mála ollmhór maisithe leis na piollairí ar oideas a fuair bean óg - agus nár ghlac sí - idir leigheas coirp agus intinne. Mála láimhe eile maisithe le milseáin agus piollairí - agus é geal le dodhéanta an difear a aithint.

Lón machnaimh.

B'fhiú an turas.

Tá an cheart aige siúd a deir, "Tá an cheart agamsa chomh maith"

Alt spéisiúl faoi na Críostaithe Arabacha san Iosrael agus sa Phalaistín.

Beirt eaglaisigh ó na críocha úd ag caint ar sáinn a bpobal - arbh é ár bpobal é freisin, más críostaithe muid.

Gan cabhair coigríche, sáinnaithe idir dhá mhór chumhacht.

Gné de cheist an mheánoirthear nach cloistear sách minic.

2008-04-11

Inimirceach eile

(Éigrit bheag - íomhá ó Wikimedia Commons)

Feicim na héin seo go minic ar mo thuras laethúil fá chósta Bhaile Átha Cliath. Ní fhaca riamh iad agus mé ag fós aníos, ach ó d'fhill mé ar Éirinn feictear dom go bhfuil siad éirithe coitianta beagnach.

Feictear dom go bhfuil an Corr Éisc ar eirí ana choitianta chomh maith.

Colúnaí crobhingneach caithréimeach

Táim beagáinín mall ag tréaslú le hAlan Titley as a ghradam oireachtais.

Is maith atá sé tuilte aige.

Cinnte, tá colúnaithe breátha ag Foinse agus Lá - leithéidí Pilib Cummings, Máirín Ní Ghadhra, Trevor Ó Clochartaigh, Cathal Mac Coille, Alex Hijmans,.... liosta len áireamh iad, a mbainim taitneamh agus lón intinne as a scríbhinní.

Ach is saor síorbhuailteach agus sárbhuailteach Titley agus é i mbun colúin. Buaic na seachtaine san Irish Times a cholún dom.

Gura fada ina bhun é, agus go raibh leabhar nó dhó bainte as na colúin!

Misean na gCríostaithe - chuig an saol gnó, cultúrtha agus polaitíochta!

Caint stuama anseo a thug an tArd Easpag Ludwig Schick, atá freagrach as "Obair le Fir" i gcomhairle Easpaig an Gearmáine.

Bunaithe ar as sliocht faoi Philib agus comhairleoir Banríon na nAetópach (Gníomh 8:26-40), rianaíonn sé gur iompar na hAspal an creideamh chuig an saol gnó, cultúrtha agus polaitíochta ón tús.

Agus go bhfuil an dualgas sin fós orainn.

2008-04-10

Seacht mhíle sé chéad fiche seacht ponc a trí móide haon ponc a dó cúig sin...

Seacht mhíle sé chéad fiche seacht ponc a trí, uaireanta.

Sé sin, má tá uimhríocht snámhphointe ar ríomhaire i gceist.

An chúis atá leis seo ná go bhfuil líon na ngiotán in úsáid teoranta - mar sin, tá tacar teoranta d'uimhreacha snámhphointe ar féidir iad a léiriú.

Is é IEEE 754 an chaighdeán is coitianta in úsáid.

De réir mar a éiríonn na huimhreacha níos mó, éiríonn an bearnaí idir na huimhreacha inléirithe níos mó freisin, agus bíonn earráidí slánúcháin ann.

Is féidir le hiarmhairtí tubaisteacha a bheith ann dá bharr.

Mar a rianaítear san alt seo, ba siocair báis de 28 saighdiúir fabht dá leithéid i ngéarchéim na murascaille i 1991.

De bharr go raibh an córas stiúrtha do diúracáin den déanamh Patriot ag léiriú am le uimhir simplí snámhphointe, mhéadaigh an míchruinneas le himeacht ama.

In imeacht ocht n-uaire ó bheith lasta, bhí earráid 0.0275 s san t-am. Ní mór sin, ach is leor é chun earráid 55 m a bheith is stiúradh an diúracáin. I ndiaidh 100 uair, bhí earráid 687 m i gceist. Agus b'shin an earráid a raibh mar iarmhairt air gur theip ar an diúracán diúracán eile d'aimsiú - agus mharaigh an Scud sin na saighdiúirí.

Tá bealaí thart ar seo. Ach caithfear cúram a dhéanamh de réimse na luachanna a bheith ag aon athróg in aon chóras ríomhaireachta, agus airí an léiriúcháin a chuir san áireamh go cúramach.

Faoiseamh na Faoistine

I measc na leabhair a fuair mé um Nollaig, agus a bhfuil mé ag treabhadh tríthe tá aistriúcháin Bhreandáin Uí Dhoibhlin ar Smaointe Phascal.

Tharraing an sliocht seo m'aird:
Ní chuireann an creideamh Caitliceach de dhualgas ar dhuine a chuid peacaí a nochtach don domhan mór trí cheile. Ceadaíonn sé dó é féin a cheilt ar an uile dhuine, cé is moite d'aon duine amháin, agus ordaíonn sé dó íochtar a chroí a nochtadh don duine sin agus é féin a léiriú do mar atá sé. Is don duine seo amháin ar domhan a ordaíonn sé dúinn a shúile a oscailt inar dtaobh; agus fágann sé de dhualgas air gan ár rún a sceitheadh ar acht ná ar éigean, sa chaoi go mbíonn an t-eolas sin ina aigne ionann is nach mbeadh sé aige ar chor ar bith.


Ritheann sé liom go bhfuil casadh san scéal ó aimsir Phascal.
Feictear daoine anois ar an dteilifís, ní ag ní línéadach bhrocach, ach á scaradh amach chun go bhfeicfí é. Dá táire a scéal is amhlaidh is fearr é, cheapfá. Ach fós is beag éileamh ar faoistin.

Anois, ní haon naomh mise. Táim ar aon fhocal le hEvelyn Waugh
Is eol dom go bhfuilim ainnis. Ach samhlaigh cé chomh hainnis is a bheinn gan an creideamh
Is maith ann é, agus an Fhaoistin.

Lóchrann loite

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil an chath bolscaireachta caillte ag an tSín.

Raic i Londain, raic i bPáras - agus i bhfolach i San Francisco. Tá caint air go gcuirfidh an Comhairle Oilimpeach an camchuairt uilig ar ceal.

Tá gá le plé meaite ar cheist na Tibéide. Nílim i bhfabhar dialathas feodach san Tibéid. Ach nílim i bhfabhar cos ar bholg maorlathas Pairtí Cumannach na Síne ach an oiread.

Ní ceist simplí atá ann, agus ní haon chabhair pictiúr dubh agus bán, nó dubh, dearga agus bán de phéas ag cuir síos achrann go fuilteach, chun go mbeadh plé stuama ann.

Tá a gceart féinchinntiúcháin náisiúnta agus pearsanta ag dul do phobal na Tibéide, beag beann ar lamaí agus apparatschnicí.

2008-04-07

Toit geal nó dubh ón Vatacáin don toit?

Tá cuairt an Phápa ar SAM ag giniúint an iliomad scéalta.

Tharraing an scéal seo m'aird. Tá "Lianna agus Altraí in aghaidh tobac" ag baint feidhm as an turas chun iarraidh ar an Phápa stát saor ó thoit a dhéanamh den Vatacáin.

Táim cinnte go mbeidh freagra stuama, cúramach, mar is dual de Benedict ar a n-iarracht.

Tá an t-alt féin thar a bheith suimiúil - stair an toit agus na pápaí atá ann.

Ilchineálacht Éirinn

Rud a chonaic mé go soiléir agus mé sa Ghearmáin le déanaí ná chomh ilchineálach is atá Éireann ár linne. Thall, bhí an cuma céanna ar na daoine, an chanúint céanna á labhairt acu, na héadaí céanna orthu.

Cinnte, bhí Turcach anseo is ansiúd - ach ba bheag difear idir iad agus muintir na háite, agus iad ann anois le trí glúin.

I Legoland féin, b'iad muintir na háite an fhoireann.

Anseo, nuair a cheannaím cupán caife is Seiceach, nó duine ón Breasail, nó Seapánach a dhíolann liom é. Cúis iontais é freastalaí Éireannach a fheiscint i mbeár nó bialann. Gan trácht ar siopaí.

Is mór an t-athrú in achar an ghairid atá ann; agus cúis imní airithe, ó tharla gur deacair an oiread sin daoine nua a chomhshamhlú. Sin, agus drong d'ar muintir féin nach ndearna an Tíogar Ceilteach leas ar bith dóibh.

Tá eagla orm go bhfeicfidh muid níos mó eachtraí gránna fritheachtrannacha.

Bíonn ar mo leanaí cur suas ró mhinic le hamadáin a thugann Naitsithe orthu de bharr gur sa Ghearmáin a rugadh iad. Níor mhaith liom bheith gorm, buí ná donn - ná fiú ard, fionn agus Slavach in Éirinn inniu.

Daonlathas Ioslamach,. ar lean.

Tá dornán iar radacaigh Ioslamacha sa Bhreatain ag bunú fondúireacht Quilliam, ainmnithe i ndiaidh Breatnach a d'iompaigh ina Mhoslamach san 19ú aois.

Chonaic mé scéal anseo san Tagesspiegel, agus chuaigh sa tóir ar breis eolais:

Tá siad ag trácht ar thraidisiún iartharach an Ioslam - traidisiún el Andalus. Is a bhuí leis an traidisiún liobrálach sin atá eolas againn san Iarthar ar saothar na fealsamh Gréagacha. Is tráthúil mar sin go bhfuil athmhachnamh a dhéanamh ag Moslamaigh air.

Tuar dóchas - tá gá le cneasú ón taobh istigh san Ioslam chun naisc le polaitíocht míthrócaireach a réabadh. Mar a tharla sa Chríostaíocht.

Seans go nglacfaidh na radacaigh "saolta" sampla uaidh freisin!

2008-04-06

Fuinneamh le Gaoth - Eithne na Ceiste

D'fhreastail mé ar léacht de chuid an Rotha Déardaoin seo chaite.

Ceist an fhuinnimh a bhí idir chamáin. Idir téamh domhanda, easpa ola agus rl is léir go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist.

Pléadh cumhacht eithneach, dar ndóigh - bíonn an cuma air gur leigheas sciobtha, foirfe, saor atá ann. Ach i gcás na hÉireann, fiú dá mbeadh leigheas sásúil ar cheist na dramhaíola, tá baic eile ann. Bheadh an ghnáth gineadóir núicléach an mhór i gcomparáid leis an éileamh in Éirinn - rud a chothódh deacrachtaí do sheasmhacht an córas traiseolta dá mbeadh gá é lascadh isteach agus amach.

Go deimhin, sé an córas traiseolta an deacracht is mó in Éirinn. Tá an gréasán náisiúnta beag - agus gan mórán cumas ann cúiteamh a dhéanamh do athruithe minicíochta nó voltais de bharr athrú tobann ar ualach nó cumas ginte.

Rud a chuireann srian freisin ar an méid fuinneamh ó fhoinsí cosúil leis an ngaoth is féidir glacadh leis sa chóras.

Tá nasc ann leis an mBreatain, ach ó tharla gur nasc srutha dhírigh atá ann, ní chuireann sé le seasmhacht minicíochta an ghréasáin.

Tá réimse rudaí a chaithfear feabhsú in Éirinn.
  1. Feabhas mhór ar teasdíonadh tithe.
  2. Gearradh siar radacach ar cianchomaitéireacht - go hairithe ós rud é go gcaitheann an t-uafás daoine uaireanta an chloig gach lá i dtranglaim tráchta
  3. Feabhas ar an ngréasán náisiúnta, chomh maith le naisc srutha ailtéarnaigh leis an Bhreatain agus an Eoraip
  4. Dul i ngleic leis an drogall sa phobal línte nua tharchuir chumhachta ardteannais a cheadú
Sin roinnt de na ceisteanna a pléadh, agus a phléifear arís amach anseo...tá breis le rá agam féin faoi, ach tá sé mall, agus caithfidh mé m'fhuinneamh a chaomhnú!

2008-04-04

Saoirse Gaelach

Chonaic mé cóip de dhán Nuala Ní Conchúir - Tatú - mar chuid de sraith Poetry In Motion ar an nDART.

Rith sé liom gurbh ar éigean go mbeadh dán chomh macnasach, chomh craicneach, leis foilsithe i mBéarla chomh poiblí sin.

Ní rud nua é seo, ar ndóigh. Tá nóta san leabhar beathaisnéis faoi m'athair mór féin:


Chreid Diarmaid féin, nó deireadh sé go magúil, gur ag iarradh fadhbanna cinsireachta a shárú a bhíodh na húdaráis leis na drámaí Gaeilge go léir a chraoltaí.


Agus sin gan trácht ar Chúirt an Mheán Oíche....

Dall ar Scrioptúir? Dall ar Chríost!

Cheannaigh mé an leagan bheag de Bhíobla Mhá Nuad, agus é ar intinn agam níos mó den Bhíobla a léamh. Rinne mé an ghnáth botún tútach, tuatach, agus rinne iarracht é léamh ó thús deireadh.
Chuaigh mé ar strae sára bhfad.

Ní mór cuimhneamh gur leabharlann seachas leabhar an Bíobla, agus go bhfuil nascanna idir stair agus na gnéithe eile den litríocht ann.

Ansin tháinig mé ar leagan fuaime de chlár teilifíse a rinne Scott Hahn agus Jeff Cavins do EWTN - "Gúm ár nAthair". Léargas ar stair ár slánaithe atá ann, camchuairt ar na leabhar staire sa Bhíobla.

Is mór an chabhair dom é. Deirtear

Tá an Tiomna Nua folaithe san tSean Tiomna
Tá an Sean Tiomna foilsithe san Tiomna Nua


Tá gnéithe den chur chuige ábhairín garbh ar chluas caitlicigh cliabháin agus sean Eorpaigh cosúil liomsa. Ach tríd is tríd, is mór an chabhair an tslí a rianaíonn siad na Conarthaí naofa idir Dia agus A Phobal.

Sampla beag amháin - ceist an Turnaimh. Bhraith mise i gcónaí go raibh an insint sa Bhíobla an-dian ar Éabha. Tá an cuma ar an scéal go néalaíonn Ádhamh óna fhreagracht cuid mhór. Ach anois tá an tuiscint agam gurbh é teip Ádhamh a bhí ann - bhí sé sa ghairdín le aire a thabhairt dó (Gein 2:15)- ach scaoil sé an Diabhail isteach. Lig sé síos a chéile - a fhágáil fúithi siúd cur i gcoinne an tÁibhirseora. Bhí sé á phromhadh mar sagart, mar rí agus mar Fáidh - agus theip air. Teip arbh gá an dara Ádhamh - Críost - chun é a leigheas.


Beidh orm dul a streachailt leis an mBíobla arís! Ach anois tá cosán amháin rianaithe dom.

Um, UMB?

Cén fáth nach dtugann UMB (uathmheaisín bainc) san tír seo nótaí beaga amach?

Má iarrann tú iolrach de caoga euro, nótaí caoga euro amháin a gheobhaidh tú. Faigheann tú an líon is lú nótaí is féidir i gcónaí.

Thall sa Ghearmáin, faigheann tú briseadh ar €50 den iomlán, nótaí €5 san áireamh.

I bhfad níos ciallmhaire.

Is dóigh liom go bhfuil na bainc anseo ag iarraidh go gceannófaí rudaí nach bhfuil de dhíth ar dhaoine, ar mhaithe le briseadh a fháil. Is minic an seift sin agamsa nuair atá, abair, táille ticéid bus de dhíth orm. Ní thig liom €50 a thabhairt d'fhear an bhus (bhuel, tig - ach i mBÁC ní bhfaigheadh mé briseadh). Mar sin ceannaím rud éigin beag nach bhfuil uaim. Agus ní róshásta a bhíonn an siopadóir, cionn is go bhfuil mé ag sciobadh a chuid mionairgid siúd uaidh.

Grrrr....

2008-04-02

Uaimh luaithreadáin

Rinne an Rialtas anseo corr gníomh fónta. An cáin ar na malaí plaisteacha, abair, a bhíodh uileláithreach.
Thar rud ar bith eile, áfach, an cosc ar thobac in áiteanna oibre. Tá tíortha eile ag déanamh aithris ar sin anois.

Ina measc an Ghearmáin. Tá rudaí rud beag níos casta ansiúd - is ceist do na Länder (na stáit) - Ländersache - atá ann, mar sin ní hionann an dlí - agus go hairithe na heisceachtaí - gach áit.

Ach bhí sé thar a bheith deas ár gcuid a chaitheamh i mbialann saor ó toit.

Chonac anseo is ansiúd fógraí do "Raucherclub" - Cumann lucht caite tobac! Síbíní míthaitneamhacha (ón taobh amuigh ar a laghad) ab ea iad - is dócha nach mbeadh tarraingt orthu in aon chor murab gur tearmann do lucht ólta tobac iad. Bhí gan amhras ballraíocht sealadach le fáil sa Chumann.

Comhghéilleadh measartha ciallmhar atá sna clubanna seo, feictear dom.

Athrú eile a bhí ann ná go raibh gá le cárta aitheantais leictreonach - carta bainc abair - chun toitíní a cheannach ó na hinneall. Agus ní raibh na hinneall féin chomh fairsing is a bhíodh. Ar mhaithe leis an aos óg a choimeád ón tobac atá na hathraithe sin ann.


Nóta: Más mian leat teideal an mhír a thuiscint, féach faoi uaimh i Dinneen!

Spéartha saor ó seabhaic


( íomhá ó Wikimedia Commons)


Mheabhraigh gabhadh an rí-ulchabháin san Neidín dom píosa atá i'm intinn le tamall.

Nuair a bhím thall sa Ghearmáin, bíonn éin ar chreachadóirí iad le feiceáil go flúirseach - gach ceann acu agus a fhearann fhéin aige fán mbóthar ar mhachairí méithe na hAlmáine.

Is annamh gan radharc ar ceann san spéir, nó ar talamh.

Abhus, seachas corr áit iargúlta sna sléibhte, ní ann do seabhaic so fheicthe. Cinnte, chonaic mé pocaire gaoithe, nó seans gur fabhcún gorm a bhí ann, i'm ghairdín uair amháin. Ach is annamh eachtra mar sin.

Bíonn cuannacht thar an gcoiteann ag na héin seo san spéir.

Bíonn an chorr bhán fairsing thall freisin. Níor chuala riamh go bhfacathas abhus iad - cé go bhfuil lána na coirre bhána in san tSeanchill i gCo átha cliath.

2008-04-01

Daonlathas Ioslamach

D'fhorbair an Chríostaíocht córás daonlathach polaitíochta a raibh meas fós aige ar an gcreideamh. Tá páirtithe Críostaí Daonlathacha i ngach cuid den Eoraip, agus tionchar ag fealsúnaithe Críostaí Daonlathacha ar réimse níos leithne.

Má tá dóchas ann don síocháin domhanda, caithfidh Daonlathas Ioslamach teacht ón Domhan Ioslamach. Níl mé cinnte an féidir a léithéid a bheith ann - níl an "Fág ag Caesar na rudaí ar le Caesar iad" neadaithe chomh cinnte céanna san Ioslam.

Ach má ta dóchas ann, is le hAKP na Túirce a luíonn sé. Cúis imní mar sin go bhfuil buanaíocht Ataturcach na Túirce ag iarraidh an AKP a chuir faoi chos - tríd na cúirteanna. Seo pairtí a bhuaigh an toghchán go daonlathach, le sciar mhór den phobail ag tacú leo.

Ach is tír ait í an Túirc. Amharcann an t-arm orthu féin mar caomhnóirí na bunreachta "saolta" - in aghaidh an phobail má gá. Tá baol coup san aer i gconaí.

Mar sin, seans go gcuirfear an AKP - pairtí an Rialtais - faoi chos, agus go mbeidh cosc ar a gceannairí seasamh arís. Beidh deireadh ansin le h-aon dóchas an Túirc a nascadh leis an AE agus síocháin a chothú thoir mar a déanadh thiar.

Baol dúinn ar fad sin.