Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-04-25

Cíochdeighilt agus ceisteanna craicneacha eile

Bhíos ag éisteacht le hathchraoladh Rónán Beo@3 ar maidin le déanaí. Tá sé de nós aige beirt seanfhondúir a bheith ina fhochair, agus iad ag cíoradh cainteanna crua agus caillte. Luath nó mall tagann ceist na collaíochta chun cinn. Bhí an bhearna mealltacht úd idir cíocha bean a scrúdú acu – agus mhol téacsóir glic éigin cíochdeighilt mar ainm air.

Ar aghaidh i mbun gníomh leo ansan. Luadh téis agus gutaí mar théarmaí ar chomhriachtain. Tá fianaise indíreach don dá leagan sna Foclóir – tá téisiúlacht leis an gciall “mínáireach, deiliúsach” ann, agus guta leis an gciall “ainnis”. I bhfianaise an ré inar foilsíodh na foclóirí, is leor sin mar cruthúnas domsa!

Tá an focal clárú acu thiar. Feictear dom go bhfeileann sé sin don té a ghabhann suas ar a pháirtí. Tá a leathbhreac de nath sa Ghearmáinis - “Er hat sie aufs Kreuz gelegt”, “Chuir sé ar clár a droma í”. Ach céard faoin imreoir eile i gcluiche seo an ghrá?

Slogann bléine ban a lán, agus tig le bean a bheith ina ceannaire sa ghníomh – ach an bhfeileann clárú dá gníomhaíocht? Bhí nath iontach faoi bhean mealltach faoi caibidil ar Leagan Cainte roinnt blianta siar - “Tá a heochrasa ar dhuáin aici”. Sin pictiúr den bhean lán de stuaim!

Dar ndóigh, filleann an cheist seo arís agus arís de bharr tanú an Bhéarla. Tá foc ina bhriathair, ina ainmfhocal, ina aidiacht agus ina intriacht ag bundúin na sráide, agus samhlaítear go mba cheart focal ar aon dul leis a bheith sa nGaeilge. Táid ann ar mian leo an focal feis a lúbadh chun na críche sin. Sin brilléis nach ngéillim dó. Tá brí leathan ag feis, agus ní cheart tochailt faoin mbrí sin.
Cuimhnígí ar Sheán Uí Neachtain bhocht, agus na Feisirí eile san Eoraip!

Níl gnéas luaite ar chor ar bith agam fós. Tá fáth leis sin. Bíonn inscne ag focail, téarma gramadaí atá ann. Bíonn gnéas mar aire ag neacha beo.
Cinnte, bíonn daoine níos mealltaí, níos macnasaí nó níos téisiúla ná a chéile - ach tá muid uilig gnéasúil!

Tá, dar ndóigh, agus mar a chruthaigh Breandán 'ac Gearailt ina leabhair, cuimse focail agus nathanna ann don té ar mian leis dul leis na mionnaí móra nó an chaint craicneach.

Seo Tré daoibh uaidh:
Cad iad na trí áit a roghnaigh Seán le Máire a bhíogadh?
Tóin le claí,
Tóin le gaoth,
agus tóin ar bheart fraoigh!

Guím rath na raithní oraibh, agus is mithid domsa purgóid a ghlacadh nó báfar mé i mo mhiangas!