14 May 2008

Gairm scoile do Bhlagadóirí ón Oireachtas

Mar a luaigh mé cheana, agus mar a mheabhraigh tráchtaire darbh ainm Clare dom inniu, tá comórtas A29 de chuid an Oireachtais ann anois do "Blagáil".

Tá an t-eolas ar fad, maille foirmeacha, ar fáil ón shuíomh an tOireachtais. Ar aghaidh libh!

An 1ú Iúil an spriocdháta.

10 comments:

Cú Chonnacht said...

é, "Táille Iomaíochta €15"!
Céard a cheapeann tú faoi sin?

MBM said...

So... an gcuirfidh tusa isteach air? Má chuireann, ní fiú don chud eile againn bacadh leis mar is agatsa a bheidh an lá!

aonghus said...

€15 an ghnáth táille; níl sé ró olc nuair atá seans €1000 a bhuachaint. Praghas trí phionta - ní mór sin.

Tá sé i gceist agam cuir isteach air; ach sílim gur fiú fós do dhaoine eile cuir isteach air. Is minic duaiseanna Oireachtais roinnte.

Caithfidh mé a rá nach mbeadh fonn orm buachaint muna raibh iomaíocht ann - ní chruthaíonn sin faic! B'fhearr liom gan baint agus iomaíocht ann.

Cú Chonnacht said...

'sea, ach mar adúirt an Machúrach cheana, beidh an lá leatsa.

Go pearsanta ní shílim gur mhaith liom aird a tharraingt ar mo bhlagsa, níl ann ach seafóid agus níl seans dá laghad go mbuafadh sé faic.
Tá an rás idir tú fhéin Aonghuis agus mac Mhic Mhechúra , agus iGaeilge freisin.

aonghus said...

Tá tábhacht le seafóid freisin.

Munar mhaith leat aird a tharraingt ar do bhlag, tuige bhfuil ceann agat?

Misneach, a bhuachaill!

Tig leat fanacht anaithnid.

brídín said...

"So... an gcuirfidh tusa isteach air? Má chuireann, ní fiú don chud eile againn bacadh leis mar is agatsa a bheidh an lá!"
--mbm

N'fheadair cad is brí le, "an cuid eile againn", sa chomhthéacs seo. Tá mé cinnte go bhfuil níos mó ná trí bhlag Gaeilge ann!

"Is minic duaiseanna Oireachtais roinnte."
--aonghus

Agus is minic iad buaite ag daoine nach bhfuil ag súil leo. :)

aonghus said...

Maith thú a Bhrídín.

Tá do phrófíl ceilte - má tá blag agat, cuir ar an eolas mé agus nascfaidh mé leis.

aonghus said...

Nó an tusa cúntóir Chonn ag an Imeall?

Brídín said...

Ní haon chúntóir mise, a chroí. Tá cúntóirí agam fhéin. :)

aonghus said...

Muise, a bhean diamhair, scaoil chughainn seoladh do bhlag (má tá ceann agat).

Ní haon mhaith blag faoi choim!