29 May 2008

Leas na hÉireann, Leas na hEorpa.

Táim fós idir dhá chomhairle maidir le Conradh Liospóin.

Ach táim ag claonadh i dtreo glacadh leis. Bhí idirbheartaíocht fadálach i gceist leis an gConradh um Bunreacht a Bhunú don Eoraip. Theip ar sin, toisc gur dhiúltaigh pobail na Ísiltíre agus na Fraince dó. Ar chúinsí logánta, ach freisin de bharr Treoir Bholkenstein ar seirbhísí (a theip ina dhiaidh sin). Mar sin, tá muid ag plé le Plean B cheana féin. Is annamh mé ar aon fhocal le Charlie McCreevy, ach aontaím leis nach mbeidh aon Plean C fiúntach ann. Tá cinntí tábhachtacha le déanamh ag an AE ar ceisteanna margaíochta na hEagraíochta Dhomhanda Trádála, ag slándáil, faoi athrú aeráide. Ní hacmhainn dúinn fuinneamh ár dtaidhleoirí a cuir amú le hathsníomh pacáiste nua.

Ceist seo gan coimisinéir de chuid na hÉireann a bheith ann cúig bliain as gach cúig déag, de bharr na rialacha nua. Feictear dom nach meánn sin brobh. Sórt státseirbhísigh polaitiúla iad na coimisinéirí, ag freastal ar chomhairle na n-airí.
Is iad na Rialtais a dhéanann na cinntí. Tá ceangal de réir móid oifige orthu freastal ar leas an Aontais, beag beann ar a dtíortha féin. Sé Buanionadaíocht na hÉireann ag an AE a feidhmíonn ar ár son. Agus tá tionchar nach beag acu - tá tionchar i bhfad chun cinn ar ár daonra ag Éire san AE, de bharr scoth na dtaidhleoirí a bheith againn.

Maidir leis an cuir leis an linn cinntí a ghlacfar le vótáil tromlaigh cháilithe, agus an laghdú dá réir ar an vóta crosta. Arís, ní dóigh liom go bhfuil sin chomh tromchúiseach. Admháil teipe taidhleoireachta atá ann nuair a fheidhmítear vóta crosta. Agus is annamh a rinne Éire é.

Tá an tAE bunaithe ar idirbheartaíocht agus comhghéilleadh; agus toradh air - an tréimhse is faide síochána riamh dá mballstáit.

Cuireann na socraithe nua leis an ndaonlathas i roinnt bealaí. Beidh ról foirmeálta, neamhspleách ar an Rialtas, ag an tOireachtas i cíoradh dlíthe Eorpacha. Is feabhas mór é sin; go dtí seo ba mhinic dlí na hEorpa á chuir i bhfeidhm anseo tríd ionstraim reachtúla nár pléadh in aon chor san Oireachtas.

Tá ról níos leithne le fáil ag an Pharlaimint Eorpach, ina measc an cumhacht coimisinéirí aonaracha a bhriseadh. (Anois, ní ró shásta a bhí mé nuair a stop siad Rocco Buttiglione ó bheith ina choimisinéir, ach sin ceist eile)

Is feabhas é an Cairt um Bunchearta a bheith infheidhmithe de réir dlí nuair is dlí na hEorpa atá i gceist. Agus ní dóigh liom go mbrisfidh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach Bunreacht na hÉireann ach oiread; faoin bpobal anseo agus an Cúirt Uachtarach anseo atá sin.

Tá prótacail a chosnaíonn seasamh na hÉireann maidir le ginmhilleadh agus neodracht.

Tá an rogha ag an Rialtas glacadh le beartais áirithe ag baint le dlí agus cirt, nó gan é dhéanamh.

Tríd is tríd, cé nach seo an daonlathú ó bhun ar mhaith liom feiscint ar an AE, ná an feabhas ar choimhdeacht, is dóigh liom gur margadh sách maith atá ann.

2 comments:

Cú Chonnacht said...

"Athrú Aeráide"

Seo a leanas atá sa gconradh faoi athrú aeráide agus an chomhshaol.

Leasaítear Airteagal 174 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú fleasc de mhír 1:
‘— bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna
réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh
athrú aeráide.’;
(b) sa dara fomhír de mhír 2, cuirtear ‘faoi réir nós imeachta rialaithe ag an Aontas’ in ionad
‘faoi réir nós imeachta rialaithe Comhphobail’;
(c) scriostar an fochlásal deiridh den chéad fhomhír de mhír 4: ‘..., a dhéanfar a chaibidil agus
a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300’.

Faic nua, níl aon chumhacht sa bhreis nó beart nua nó plean nó aon rud mar sin.

aonghus said...

Níl. Ná ní dúirt mé go raibh. Toisc go raibh siad gafa leis an gConradh seo le cúig bliana anuas. Tá sé in am bogadh ar aghaidh.