Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-05-23

Leithscéal dlite do Ghallaibh?

Bhí alt spéisiúil ag David Adams san Irish Times inné.

Cé gur aontachtaí, agus go deimhin (iar?) dílseoir é, amharcann sé ar fhéin mar Éireannach fosta.

Bhí sé ag rá go rabhamar mar phobal fós ag fí brat an íobartaigh dúinn féin, agus ag maíomh as ár uaisleacht toisc go bhfuil muid cairdiúil le Sacsaibh "ainneoin an dochar a rinne sibh dúinn".

Mheabhraigh sé dúinn nach bhfuil deacracht ar bith ag fíor iar choilíneachtaí le cuairt ó daoine mór le rá, nó Teaghlach Ríoga na Breataine féin - ach go ndearna muide scéal mór as go raibh muid toilteanach ligeann do cluiche rugbaí le Sasana dul ar aghaidh i bPáirc an Chrócaigh.

Is dóigh liom go bhfuil pointí maithe déanta aige.

Ní mór cuimhneamh, ón uair go raibh Diarmaid na nGall agus Ó Ruairc Bhreifne in achrann faoi bhean, go raibh ról ag faltanas idir Éireannaigh inár stair duairc, chomh maith le lámh láidir Sasanach. Deacracht Éireann deis Shasana, i bhfocail eile. Fiú inniu, is deacracht idir dhá dream Éireannach a mhúnlaíonn an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an dlínse seo; b'fhearr go mór le Sasanaigh bheith réidh leis an iomlán againn!

Ní cheart dúinn ach oiread neamhaird a dhéanamh de go raibh Éireannaigh gníomhach i dtógáil agus reáchtáil Impireacht úd na Breataine.

Mar sin, cad a dhéanfaidh mé má thugann Eilís scuaird anall chugainn? Bhuel, bheadh níos mó fáilte agam roimh Uachtarán Phoblacht Cónaidhme na Breataine; ach mar Ionadaí Pobail na Breataine, is ceart fáilte cúirtéiseach a chuir roimpi. Ní bheidh mise ann; ní nós liom dul ag stánadh ar dhaoine mór le rá. Ach ní bheadh deacracht ar bith agam le haon gníomh de chuid an Rialtais de réir an phrótacal cuí.