Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-06-06

Ródscéalta

Thug mé sciuird aneas le mo mhac an deireadh seachtaine seo chaite.

Ar an mbus go Corcaigh. Seana bhus de chuid Bus Éireann. Bhí an cuma ar an tiománaí go raibh sé scriosta, traochta. Lá meirbh a bhí ann, agus bhí - dar ndóigh - an córas aer choiriú as feidhm. Ar feadh i bhfad, bhí an doras oscailte ag an tiománaí chun roinnt éigin aer a scaoileadh isteach. Ach ós rud é gur thóg sé uair a chloig orainn ag seilideacht tríd an trácht go dtí Timpeallán na Bó Mire, is beag difear a rinne sin. Agus muid ag taisteal ar na bóithre móra, bhí séideán ró láidir ann, agus dhún sé an doras. Bhí an fuinneog sa díon ar oscailt - rud a bhí ceart go leor go dtí gur thosaigh sé ag cur.

Sampla mhaith de phobal na hÉireann inniu a bhí ar an mbus - Polannaigh, mic léinn, giofóg ón Rómáin gona éide gáifeach, ...

Taobh thiar dínn bhí fear ón Nigéir a chaith sciar suntasach den turas ag argóint ar an nguthán faoi chúrsaí teaghlaigh. Bhí le tuiscint go raibh sé ag teitheadh go Corcaigh de bharr achrann éigin i mBÁC.

Stop muid in Áth na nUrlainn do sos bheag. Bhí bean aosta ag suí i dtosach an bhus. Thug mé faoi ndeara ceart go leor nach raibh sí ar an mbus agus muid ag imeacht arís, ach ghlac mé leis go raibh sí ar an mbus eile - bhí péire acu ann. Bhí aiféala orm ar ball - tháinig bean eile á lorg nuair a stop an bus i Mainistir Fhear Maí. Is cosúil go dtagann mearbhall uirthi, agus bhí gach seans ann go raibh sí fós in Áth na nUrlainn. Tá sí slán, le cúnamh Dé.

Ar an mbealach thar nais, bhí Dub cheart de tiománaí againn, grod, diongbháilte, maisithe le bioráin cheardchumann. Chuir sé eagar ar an slua i gCorcaigh le horduithe bhorba. Rinne sé an oiread sin poill a chuir sna ticéid gur cheap mé go raibh sé chun aithris a dhéanamh ar an ngarda i Polar Express a scríobh rud éigin leis na poill sna ticéid.

In Áth na nUrlainn arís dúinn, tugadh ordú grod dúinn athrú go bus eile. Bhí beag óg galánta amháin míshásta faoi seo, agus bhí sé ina raic idir í agus an marascal grod d'fhear bhus.

Rith sé liom go bhfuil ábhar úrscéil i dturas bus mar seo - rud éigin cosúil le "The Wayward Bus" le Steinbeck. Bheadh máistir de dhíth chuige, agus ní mise an máistir sin!

Eachtra eile go bhfeadfaí fí isteach ann: Maidin Satharn bhí muid ag filleadh ó Fóite ar an dtraen. Bhí beirt preabaire de mhná óga ag plé na gnáth cúrsaí in ard a gcinn agus a gutha - ól, leaids, spraoi. Níor thug mé faoi ndeara, de bharr an canúint Chorcaíoch a bhí acu araon, gur ainnir dathúil de bhunadh na hÁise ab ea duine acu. Anois, sin comhshamhlú!