Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-07-03

Díchoilíniú

Ina alt san Times inniu tá Alan Titley ag maíomh:

Is é an beartas is fearr is féidir leis an Eoraip a dhéanamh maidir leis an Afraic ná imeacht go dtí an Mol Thuaidh agus fanacht ann; nó neachtar acu, ligean do mhuintir na hAfraice léarscáil a gcuid tuisceana agus tíreolais féin a bhreacadh gan beann ar an gcuid eile againn.
N'fheadar. Is fíor gur chuir an Eoraip isteach ar stair an Domhain. Ach tá sé ró mhall tarraingt siar ón bpraiseach atá cruthaithe againn. Is cinnte go mba cheart go mbeadh na pobail ar an dtalamh ag múnlú a ndán féin faoi prionsabal na coimhdeachta.

Ach tá ar ndán uile ceangailte anois, agus bheadh sé saonta tarraingt siar go hiomlán.

Is dóigh liom go bhfuil ról fós le n-imirt ag eagrais rialtais agus (go hairithe) neamh-rialtais, ach iad a bheith cúramach an ceannas a fhágáil faoi lucht na críche féin.