Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-07-25

Sonraí, Tuiscint, Fios

Bhí alt suimiúil ag Alan Titley faoin idirlíon san Times inné.1

Táim beagnach ar aon fhocal leis - seachas nach n-aontaím gur eolas ná faisnéis atá ar fáil ar líne.

Níl ar líne ach sonraí! Tá tuiscint de dhíth chun eolas a bhaint astu.

Tuairimíocht don gcuid is mó atá sna sonraí, agus tá gá le tuiscint chun eolas fiú a bhaint astu. Is deacair uaireanta údarás agus cruinneas na sonraí a mheas, agus tá tuiscint de dhíth. Is mó "fíric" a chuirtear ós ár gcomhair ar líne nach bhfuil ann ach brilléis ginte in aigne óstéite chancráin.

Nuair atá na sonraí scagtha chun teacht ar an eolas, ní mór an t-eolas a scagadh chun teacht ar thuiscint.

Cludaíonn alt Kharlin Lillington inniu gné eile den scéal - neamhbhuaine eolas i bhfoirm leictreonach de bharr athraithe i bhfeidhmchláir, formáidí ina gcoinnítear eolas, agus ríomhairí.
Maireann eolas i bhfoirm digiteach cúig bliana nó go deo - pé acu is giorra.
Jeff Rothenberg
Táthar - le leithéidí Unicode agus XML - ag dul i ngleic leis seo, agus ag cuir meiteashonraí le taifid leictreonacha chun an baol a mhaolú. Ach níl buaine ar focal breactha ar phár sáraithe, agus ní sárófar. Páipéar féin, ní mhairfidh chomh fada le lámhscríbhinní ar phár!



1 Ar chúis diamhair nach dtuigim agus atá ardaithe agam leo, ceileann an Times gaois Alan orthu siúd atá ar líne ar feadh cúpla lá. Má aimsím nasc, cuirfear anseo é!