25 July 2008

Táim ar aon aois le Humanae Vitae

Agus an dá scór sáraithe agam.

Bhí altanna san Times inniu - gurbh rud maith é an scoilt san Eaglais de bharr imlitir úd Phól VI, gur saoradh Caitlicigh ó ró thionchar údarás an Phápa.

N'fheadar.

Seo alt de chineál eile ó Kath.net: teagasc dearfach, iomlán í teagasc na hEaglaise ar an gcollaíocht - cé go bhfuil codarsnacht láidir idir é agus an saol anois agus muid i ré iar-réabhlóid na collaíochta.

Is dóigh liom go raibh Humanae Vitae fáidhiúil - ní chun leas mná i gcoitinne a chuaigh frithghiniúint saorga.

Is fusa anois ag fir éalú ó iarmhairtí a gníomhartha, agus tá ualach níos troime ná riamh ar mhná "féachaint chuige nach mbeidh aon iarmhairt".

5 comments:

Fearn said...

Ó, a aonghuis, rinne mé HV a bhaint anuas agus gan dabht beimid i ndeabhaidh lainne nuair a bhéas sé léite agam

aonghus said...

Más faoin méid a léann tú de a bhíonn muid ag agallamh, ni miste liom!

Fearn said...

Bhal, é sin is mo mheabhairín bhocht fhéin!

aonghus said...

Ní miste liom san ach oiread.

Táim sásta teagasc na hEaglaise a phlé.

Táim níos drogallaí faoi gníomhartha na hEaglaise nó a ionadaithe san stair, ó tharla é bheith deacair teacht ar fíricí an scéil go minic.

Ach maidir le scéalta dúirt bean liom go ndúirt bean léi...

Fearn said...

Shíl mé nach mbeadh morán in 12 leathnach ach nach maith a thuig an pápa go raibh sé "ag cur oilc" ar dhaoine: bheadh an teagasc seo "dodhéanta" do dhaoine áirid dúirt sé. Tuigim anois tuige a éiríonn daoine tógtha leis.
Is dual an athléamh agus an treas léamh