18 August 2008

Athmhuscailt na Rúise.

(Íomhá: postaer don scannán Long Cogaidh Potemkin ó Wikimedia)

Anailís ar chás Seoirsia ag Mercator.net:

Aontaím leo; tá an Rúis ag fógairt nach bhfuil sí sásta glacadh le bheith timpeallaithe ag iar choilíneachtaí dá cuid atá sásta tacú lena namhaid.

Botún a bheadh ann namhad buan a dhéanamh den Rúis; tá an tAE ina abhac pholaitiúl, agus beidh. Tá SAM gafa lena amhantar san Mheán Oirthear, agus beidh.

Tréimhse corrach atá roimh lár na hEorpa; agus roimh an Eoraip ar fad dá bharr.

2 comments:

MBM said...

Tá eagla orm roimh an Rúis. Tá an Rúis mórán sa riocht chéanna anois agus a bhí an Ghearmáin idir an dá chogadh: maslaithe, trioblóideach, agus armtha.

aonghus said...

Agus ar easpa daonlathais fadbhunaithe.

Tá na tuathghríosóirí láidir innti.

Difear mhór amháin ná nach mbeadh an Rúis ag troid ar dhá fronta, agus go bhfuil acmhainní dá ciud féin aici, murab ionann agus an Treas Ríocht.