12 August 2008

Taibhsí na hóige san sráidbhaile domhanda

Píosa breá arís ag Kate Holmquist san Times.

Cuireann an t-idirlíon am agus spás ar neamhní, ar slí. Cothaíonn sé, nó is féidir leis, teangmháil idir dhaoine nach bhfaca a chéile riamh - tá dornán daoine nach bhfuil ach ríomhaithne agam orthu.

Ach ceist eile atá á chíoradh ag Kate. Cad is ceart a dhéanamh nuair a thagann duine a raibh caidreamh agat leo i bhfad siar, in am agus áit eile i dteangmháil leat.

Ceist mhaith.

5 comments:

Fearn said...

Dheara, an creatúr.

Níl ann ach gur shíl an ghirseach go mbeadh sí óg choiche. Béasaíocht ar son buaileadh le daoine ar bhuail sí seo fadó! An chónaíonn sí i mboilgeog, meas tú?

aonghus said...

Ar léigh tú a alt? A mhalairt ata fíor. Leisce boilgeoga daoine eile a bhriseadh atá uirthi, feictear dom.

Fearn said...

Rug tú amuigh orm.
Is beag suim a chuirim i scéalta phearsanta iriseora ghairmiúla.
Tarraingím siad a scríobh mé thuas

aonghus said...

Bhuel, is aoibhinn liom scéalta Kate Holmquist. Bíonn idir greann agus ciall ceannaithe iontu.

Anonymous said...

gach duine mar a chi Dia e!