15 September 2008

Tocco nóta

Mar eolas, ó ardaíodh ar daltaí é:
http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/show.pl?tpc=21&post=72792#POST72792

Maidir le gutaí fada agus téacsanna is cosúil nach mór an tacú carachtar a athrú

Teachtaireachtaí -> Socruithe -> Tacú carachtar

Athraigh go Unicode seachas GSM é, ansin bíonn na gutaí fada ar fáil.

4 comments:

Concubhar said...

Is galar coitianta é ag iriseoirí. Bionn siad ag 'ardú' ceisteanna. 'Ardaítear' ceisteanna ar TG4 agus Foinse go mion minic.

Béarlachas lom atá ann agus ní thaitníonn sé liom. Is féidir ceist a thógaint. Ach ní doigh liom gur cheart é a ardú [san aer/]

Aithním go bhfuilim ag teacht salach ar mo thrachtaireacht féin thall ar igaeilge - ach sílim go gcaithfidh mé an ceist seo a ardú. ups, a thogaint!

aonghus said...

Is dócha go bhfuil.

"Ó tháinig sé i gceist ag daltaí" ba chirte, silim anois agus mé tar éis foclóir an Dálaigh a cheadú.

Paddy Furlong said...

Míle buíochas, a chara, as an gcúnamh leis an Tocco a chur ina cheart. Bhíos ar buile leis an ngléas le fada mar gheall ar an Síneadh Fada bheith in easnamh. Ardfhear! (más ceadmhach..:-)

aonghus said...

Níl a bhuíochas ort!