08 October 2008

7. 10. 1938: ‚Christus ist unser Führer!’

Scéal ó Kath.net faoi léirsiú frith Naitsioch i 1938 san Vín, agus cuimhneachán air anois.

N'fheadar an mbeadh an misneach sin agamsa. Is mór an trua nach raibh sé ag níos mó an uair sin féin. Splainc solais i ré fíor dhorcha ab ea na léirsíthe síochanta úd in aghaidh an bharbarthacht.

10 comments:

Fearn said...

Óru, dá raibh sé chomh simplí sin: An caitliceach maith ar thaobh amháin agus an Náitsíoch oilc ar an taobh eile? Is trua nach bhfuil an sol mór chomh simplí soiléir sin. Seo am roimh ráidio (beagnach), teilifís is idirlíon. Cogadh mór an domhain fiche bliain ó shoin, cliseadh geilleagair, dífhostaíocht, faisistíochas polaitiúil agus creidimh, cumannachas ar na gaobhair, ailse, eiteann, scriosadh Impireacht na hOstaire, 7rl. Agus dar ndóigh, ní raibh iarghaois acu.
Cé a chuirfeadh i gcoinne fear gníomhach na na bhfreagraí?

aonghus said...

Ní shin mo mhaíomh. Is maith is eol dom gur tearc an dream d'aon aicme a sheas ina choinne. Ach údar dóchais na mionlaigh as gach aicme a rinne beart, agus is fiú cuimhnimh orthu

Fearn said...

Seans go raibh daoine "sásta" leis, mar laoch mór luacht na Gearmáinise. Deich lá roimhe, bhí Adolf i ndiaidh a rá raibh an "t-éileamh" deireannach a dhéanamh aige .i. na trí mhilliún go leith Gearmáiniseoir sa tSeiclóbhaic a thabhairt ar ais chuig an athartha. Ghlac an Bhreatain is an Fhrainc leis. 30 MF 1938, Chamberlain ag creathadh an giota páipéar san aer ag maíomh " síocháin na linne seo".
Dar ndóigh rachadh sé seachtainí thart go Kristallnacht ar 9 Samhain 1938.
Bhí dóchas ag daoine fós sa Ostair faoi Deireadh Fomhair 1938.

aonghus said...

Bhí daoine ann a bhí fós dóchasach faoi i 1945.

Ach ní chuige sin atáim.

Bhí a lán san Ostair amhrasach faoi freisin - sin an fáth nár ritheadh an Reifreann a bhí i gceist maidir leis an Anschluss

An rud atáim ag rá gur maith ann aon dream a sheas i gcoinne deachtóireacht - agus go raibh daoine a fuair inspioráid ón gcreideamh ina measc.

Is dóigh liom féidir íocsláinte in aghaidh an deachtóireacht a bhaint as an gcreideamh Caitliceach - ach gach gné den foirceadal a chuir san áireamh.

Anonymous said...

Bhal, dar ndóigh, tá sé deacair aon samoineamh a mharú, olc nó maith!

Fearn said...

Gabh mo leithscéal, mise a scríobh.

Fearn said...

Sílim go bhfuil tú ag léamh an iomarca as an alt sin, ina bhfuil imir mhór de fhéinmhórtas ann.

Sílim go raibh an Eaglais Chaitliceach i gcoinne an Náitsíochais, cionn is gur raibh prionsabail phágánacha ag baint go dlúth leis, féach Imlitir an Phápa an bhliain seo “Mit Branndender Sorge”, ní de thoradh a dheachtóireachta. Agus bhí an Eaglais i bponc: bhí sí i gcoinne an Chumannachais freisin, féach Imlitir “ Divini Redemptoris “ na bliana chéanna (1937), agus bhí an Naitsíoch i gcoinne an Chumannaigh

I ndomhanch is féidir a rá go mbíonn an Eaglais Chaitliceach ar thaobh deachtóireachtaí a mhinice is a mhalairt. Ná dean dearúd go raibh an Spáinn is an Iodáil an-Chaitliceach is faoi dheachtóireachtaí ag an am.

Inniu fhéin, tá 30% de lucht toghlaigh na hOstaire ar thaobh phairtithe na fíordheise agus seo athlua ó Christian Abbiati, cúl báire AC Milan, coicíos ó shoin: ”Níl náire orm mo chreideamh polaitíochta a fhógairt. Tá mé i bpáirt le idéil an fhaisistachais, mar atá an athartha agus luachanna an Chaitliceachais.”

Deir tú:
“Is dóigh liom féidir íocsláinte in aghaidh an deachtóireacht a bhaint as an gcreideamh Caitliceach - ach gach gné den foirceadal a chuir san áireamh.”


Ní raibh an Eagalis Chaitliceach I bhfad ón fhaisistíochas/deachtóireacht riamh monuar.

Rud eile:
Deir an t-alt:

Es war die einzige gewaltlose Demonstration gegen den Nationalsozialismus in der Geschichte des „Dritten Reiches“.
Ní fíor sin. Ritheann liom an stailc spontáineach a eascair in Amstardam in aghaidh arm na Gearmáine, nuair a thosaigh na Gearmáinigh ag “bailiú” na nIúdach ar mhaithe lena “n-athlonnaithe”. Agus bhí freasúracha eile ann


Misneach i gcoinne na náitsíochais san Eaglais sin i Bhín?. Is dóigh go raibh miseach de dhith, ach ní raibh croí na heaglaise go hiomlán ann

aonghus said...

Is fíor dhuit. "San Ostair" an chiall a bhain mé as:
Es war die einzige gewaltlose Demonstration gegen den Nationalsozialismus in der Geschichte des „Dritten Reiches“.

Agus, arís, ní faoin Eaglais i gcoitinne a bhí mé ag caint, ach faoin mionlach a tháinig amach.

Is fiú a gcuimhne siúd a choimeád beo - cuma cén cúinne lenar bhain siad.

Fearn said...

B'fhéidir go bhfuil an ceart agat: níl mé eolgasach go leor i dtaobh na hOstaire.

Cinnte is cumhacht an oideas: cóir is misneach

Fearn said...

B'áil liom a scríobh:

B'fhéidir go bhfuil an ceart agat: níl mé eolgasach go leor i dtaobh na hOstaire.

Cinnte is cumhachtach an t-oideas: cóir is misneach