01 October 2008

Ar na mná atá an locht, fós.

Dhá alt san Times inné a chuir idir mhúisc agus déistin orm.

Píosa "nuachta" - go gcreideann sciar suntasach de mhic léinn ó thuaidh go bhfuil cuid den locht a bhean a éignítear má bhíonn eadach "foilsitheach" uirthi, nó má bhí sí ólta.
Agus alt ag Kate Holmquist maidir le "Damhsaí Aithreacha agus Iníonacha" i SAM - damhsaí Salomé geanmnaí a chríochníonn le móid fanacht glan ar fir go dtí go roghnaíonn Daidí an fear ceart dhuit. Agus an móid seo á ghlacadh ó cailiní thar a bheith óg.

Anois, is Críostaí caomhach mise, agus creidim go bhfuil gairm chun geanmnaíochta ag cách. Ach tá saoirse agus freagracht phearsanta ag cách freisin.

Tá an chraic seo thar a bheith maslach d'idir mná agus fir.

An é gur neacha leanbaí iad fir nach bhfuil smacht acu orthu féin ach iad píosa de throigh dea chumtha nó iarracht de bhrollach ar leis a fheiscint? An striapach gach bean nach mór a choiméad ar iall ghairid?

Níl baint ag éigniú le collaíocht. Smacht agus foréigean atá i gceist, agus is cuir leis an mhasla é an locht a chuir ar an íobairteach.

Cinnte, is ceart do dhaoine a bheith stuama, agus gan a bheith ar meisce sa chaoi agus nach bhfuil smacht acu ar a dtarlaíonn dóibh. Ach níl léithscéal dá laghad ansin ag éigneoirí. Ná ar fear a bhrúann é fhéin ar dhuine eile, ainneoin drogall an duine sin. Ní grá atá ansin, ach mí-úsáid.

Agus maidir leis an chraic úd leis an mód gheanmnaíochta - aontaíom le Kate go bhfuil blas den chiorrú coil i gceist le ansmacht dá léithéid, agus an taispeántas a ghabhann leis.

De réir mo thuiscint (agus teagasc na hEaglaise) tá na fir úd ag sarú an ceathrú aithne: ag sarú saoirse a n-iníonacha.

Ach tá an fiminteacht seo go doimhin sa sochaí. Is cuimhin liom freastal ar Aifreann inár léigh an sagart dán in áit aitheasc a thabhairt - dán faoin Iníon Drabhlasach. Ag léiriú go bhfailtítear ar ais roimh an mac drabhlasach san sochaí, ach nach mbíonn an fáilte céanna don iníon atá tar éis "titim". Ní sin a d'ordaigh Críost.

7 comments:

Fearn said...

Anois, nach é seo an cheist is sigiltí ag an Ádhamhchlann? Collaíocht agus a cur chuige! Tothlú na colainne nó ainmhian, nó an tabhartas dhiaga is luachmhaire? Agus a cead? Cé leis? Cathain? Agus cad is cead ann? Focal? Géaitse? Giúlán? Cad is speallaíocht ann? Cad é an cuimse idir speallaíocht is collaíocht? Cé a shocraíonn?
Óch! na ceisteanna nach bhfuil fhios ag éinne!

Fearn said...

"an cheist is cigiltí" (dar ndóigh)

aonghus said...

Tá gneithe den cheist nach mbaineann cigilt ar bith leo, dar liom.

Cinnte, tá níos mó ann ná dubh agus bán. Ach ta nithe nach bhfuil inghlactha - éigniú le foréigean ceann acu. Dúmhál ar do phaistí ceann eile acu.

Más grá seachas drúis a spreagann collaíocht is tabhartas iontach atá ann, agus ní bheidh aon cheist faoi toiliú agus mian na beirte le cíoradh.

Ach....

Fearn said...

"Tá gneithe den cheist nach mbaineann cigilt ar bith leo, dar liom.

Cinnte, tá níos mó ann ná dubh agus bán."

Creidim sa tuar ceatha freisin.

"Ach ta nithe nach bhfuil inghlactha - éigniú le foréigean ceann acu. Dúmhál ar do phaistí ceann eile acu."

Gabhaim leat.



"Más grá seachas drúis a spreagann collaíocht is tabhartas iontach atá ann, agus ní bheidh aon cheist faoi toiliú agus mian na beirte le cíoradh."

Sílim fhéin go neascraíonn collaíocht de dhroim thiomáint nadúr an duine, beag beann ar ghrá ná dhrúis ach go bhfíonn an duine ceachtar acu, nó an bheirt acu, ina chéile, de thoilústa!

Dála an scéil, ní fhaca mé an clár teilifíse a luann an t-iriseoir.

aonghus said...

Ní fhaca mise ach oiread. Is beag teilefís a fheicim.

Ní nach ionadh, nílim ar aon fhocal leat maidir le collaíocht a bheith tiománta ag nadúr an duine amháin.

Tá intinn agus toil ag an nduine sa bhreis ar cholainn.

Fearn said...

"Tá intinn agus toil ag an nduine sa bhreis ar cholainn"

Dúirt tú an fhirínne nuair a dúirt tú "sa bhreis".

agus scríobh mé "eascraíonn"

aonghus said...

N'fheadar an bhfuil muid beagnach ar an bport céanna tar éis an tsaoil.

Ach go bhfeictear domsa go mbíonn an lámh in uachtar ag intinn agus toil, seachas má tá intinn agus toil curtha as riocht ag galar éigin.

Imríonn intinn, toil agus colainn ar a chéile, cinnte - ach is ceart don intinn agus toil - don anam bheith in uachtar.