01 October 2008

Bhuel, níor bhain mé

Comhghairdeas le Conchubhar as duais blagadóireachta an Oireachtais a bhaint.

Táim ag súil le tuarisc an mholtóra a fháil - aischothú éigin ar an saothar anseo! Bheadh suim agam freisin fháil amach cé mhéid iontráil a bhí ann.

N'fheadar an bhfuil Rosie sásta? (Ise is cúis leis an duais úd, de réir mar a thuigim!)

1 comment:

Concubhar said...

nil a fhios agam an mó duine a rinne iontráil cé gur tugadh le fios dom go raibh iontráil suntasach i gceist - ní dornán bheag.

Sílim go bhfuil sé go maith comórtas a bheith ann cé nach doigh liom gur litríocht atá i gceist le mo bhlag - uaireannta bionn na smaointe fánacha agatsa an liteardha ar fád! Ach táim brodúil as an mbua - agus sásta leis an seic gan amhras. Ach ní h-é sin an fath go ndeinim é nó tá gá lena leitheid agus b'fheidir, os rud é nach bhfuil ach dornán tagtha chun tosaigh go dtí seo ag tairiscint bheith liom san iarracht ar Lá Nua a tharrtháíl (nó ceann cosúil leis a bhunú nuair a theipeann air) go gcuirfidh mé an €1,000 chun tairbhe an tsuímh ar shlite éagsúla.