23 October 2008

Cine cúl le cruinne

Tá an t-eagrán nua de leabhar Åsne Seiserstad faoi na Seirbigh léite agam: "Lena ndromanna leis an Domhan"

Seo í an bhean a scríobh "Ceannaí Leabhair Chabúl".

Stíl eile atá sa leabhar seo - in ionad bheith ina "cuileog ar an mballa" (mar a bhí san leabhar faoi Chabúl) tá réimse leathan daoine ó gach taobh i gceist sa leabhar seo, agus í fhéin lárnach ann - cuir síos ar an gcaidreamh a bhunaigh sí leis na daoine chomh maith lena dtuairimí siúd atá ann. Agus is scéal roinnt blianta atá ann freisin - roimh agus i ndiaidh thitim Milosevic.

Iarracht fónta dul i ngleic le cine atá imeallaithe go mór san Eoraip - de bharr go leagtar an milleán ar fad nach mór do chogaí na mBalcáin orthu, agus stair fuilteach titim as a chéile an Iúgslaiv.

Is fiú é léamh.

3 comments:

Gael gan Náire said...

A chara,

Mhothaigh mé do chaint ar daltai.com. Seo mo bharúil air ach ní ligfidh siad isteach mé chun é a chur os comhair na ndaoine ann.

B'fhéidir go dtiocfadh leatsa aird a tharraingt air?

http://gaelgannaire.blogspot.com/2008/10/lirmheas-idirln-1.html

Gael gan Náire said...

GRMA as teacht ar ais chugam, tuigim go maith go bhfuil barúil eile agat, díreach ní féidir liom mo bharúil a phostáil ansin, ní cheart dom spleacadh air ar chor ar bith is dócha!

Ádh mór

aonghus said...

Má chlaraíonn tú ann, beidh cead cainte agat. Muna bhfuil tú cláraithe, beidh moill ar do phostanna ar mhaithe le turscar agus trollanna a chosc/