15 October 2008

An Plean Mór

Ní nós dom scríobh anseo faoi ceist na teangain - táim ar aon fhocal le Philip Cummings ina alt i Lá an Lae - gur i nGaeilge, agus ní faoin Ghaeilge is mian liom scríobh.

Ach d'fhreastal mé ar (chuid den) gcruinniú aréir in Óstan Buswells maidir le Plean an Rialtais. Deanta na fírinne, ní raibh mé ag súil le rud ar bith nua a chlos, agus níor chuala.

Bhí plean maith ag an dream a bhí ina mbun - iad ag lorg tuairimí an phobail - ach is eagal liom gur beag duine ann a raibh an bplécháipéis léite acu roimh ré, agus b'iad na moltaí céanna a déanadh agus atá déanta go minic cheana.

Le fírinne, ní rabhas ann ach chun tacaíocht a thaispéaint don cur chuige - go mbeadh Plean ann! Nuair a léigh mé nár líon ach 374 duine an cheistneoir amach sa céad chéim tháining imní orm go teipfeadh ar an rud ceal spéise.

Ach bhí thart ar céad duine ann aréir - slua maith ó tharla an oiread eile a bheith ar siúl.

Beidh le feiscint.

8 comments:

Cú Chonnacht said...

Tagaim leat, bhíos ann chun mo thacaíocht a thabhairt freisin agus ní raibh faic le cloisteáil ach na gnáthargóintí céanna agus a lán seafóide ina measc.

In ainm Dé mo dhuine ag gearán faoi ghramadach na Gaeilge! agus an boc eile ag gearán faoin rialtas agus na Gardaí!

Léigh mé an plépháipear roimh ré agus bhíos ag súil le plé oscailte ar na saincheisteanna leagtha síos.

aonghus said...

Bheul, ó tharla go raibh mé i mo shuí in aice le Tomás, ní dheirfidh mé faic faoina idée fixé faoin gCaighdeán!

Maidir le mo dhuine eile bhraith mé go raibh a chuid feirge linne, na Gaeilgeoirí, suntasach. Is dóigh liom go bhfuil pointe airithe aige - go ndeanann muid neamhaird uaireanta orthu siúd ar bhéagán Gaeilge, ach suim acu inti - is annamh a spreagtar iad.

Trua nár chuir tú thú féin in iúl dom - bhailigh mise liom go dtí an bpub thart ar a naoi.

Tá sé i gceist agam iarracht a dhéanamh aighneas scríofa a chuir isteach.

Cú Chonnacht said...

D'aithin mé thú ó d'fhéasóg ;) ach bhí mé i mo shuí sa gcúinne thaobh thiar den leath-Ghaeilgeoir freagrach, agus ní raibh seans agam haigh a rá.

Maidir leis mo dhuine a bhí beagáinín ar buile, b'fhéidir go raibh pointe aige mar a dúirt tú..ach níor chuir sé eisean féin in iúl i gceart agus go béasach ar chor ar bith.

Philip said...

Maith thú, a Aonghus, as an alt a lua. Agus ar thug tú faoi deara gur éirigh mé as mar eagarthóir ealaíon ar Lá Nua inniu?

aonghus said...

Thug.

Ach bhí mé ag súil go raibh míléamh déanta agam air.

Is breá liom do cholúin - beidh an leabhar úd ar mo liosta ag Daidí na Nollaig.

Ná ceil do ghaois orainn! Más gá - scríobh blag!

Philip said...

grma Aonghus

gabh i dteagmháil le Coiscéím agus ordaigh cóip roimh ré.

blag? Ní bheadh an dúthracht ionam.

Concubhar said...

Ní bheadh gá le proiséas den tsort seo dá mbeadh suiochán cinnte ag leitheidí Chonradh na Gaeilge ag bórd na bpáirithe shoisialta. Cuireann gluaiseacht na Gaeilge le caipteal shoisialta agus mar sin ba cheart go mbeadh an t-aitheantas acu is atá ag grúpaí deonacha eile agus go mbeadh ionchur acu sa mhór phlean don tír seachas a bheith ag caint ag cruinnithe faoi phleán nach léir go gcuirfear le cheile nó go gcuirfear i bhfeidhm fiú má fhoilsítear é. Bhí Conraitheoirí a linne páirteach sa ghluaiseacht i dtreo 1916, ach ní raibh rian díobh sa chomhaontú 'I dTreo 2016'.

aonghus said...

N'fheadar.
Moladh fiúntach atá ansin, cé gur fearr an Comhdháil seachas an Chonradh.

Ach is gá don comhrá seo bheith níos leithne ná gluaiseacht na Gaeilge.

Bhí corr Bearlóir baidhiúl ann dé Máirt, agus ba cheart do Bhearlóirí idir fabhrach as naimhdeach don Ghaeilge a chlos.