Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-11-28

Guagacht, gruagaireacht, agus gaimbín

Tá an chaint san aer seo ar fad faoi gur cheart do Mhary Harney éirí as de bharr gur íoc FÁS as feistiú gruaige di thar a bheith áiféiseach.

Ach an rud is measa faoi - an t-aird ar fad atá á dhíriú ar nithe fánacha, seachas na fíor deacrachtaí riaracháin a bhí (agus, b'fhéidir atá) ag cuir as do FÁS.

Ba cheart ligean don Choiste um Chuntais Phoiblí iniúchadh a dhéanamh an na ceisteanna seo. Is fánach an méid é an $400 a fuair an gruagaire. Tá suimeanna i bhfad níos mó a bhfuil ceisteanna le freagairt fúthu.

Tá pé beagán meas a bhí agam ar Fhine Gael á chríogadh níos mó ag an galamaisíocht seo. Is cosúil nach féidir leo deis dá laghad a ligeann tharstu chun iarracht a dhéanamh droch chuma a chuir ar phearsan éigin ón Rialtas - seachas díriú ar na cúiseanna agus na foinsí le deacracht.

Tá SÉ ag teacht!

(Críost Rí ó Bhíobla Stavelot. Íomhá ó Wikimedia)


Féile Chríost, Rí na nUile, a bhí ann Dé Domhnaigh seo chaite. Deireadh na Bliana Eaglasta.
Is é an chéad Domhnach den Aidbhint atá ann dé Domhnaigh beag seo mar sin.

Bhíodh tráth ann gurbh tréimhse troscadh, tréanais agus urnaithe ab ea an Aidbhint. Tréimhse chun machnamh a dhéanamh ar ionchollú Chríost, A theacht inár measc. Lár phointe na Staire.

An amhlaidh fós? Amhras á léiriú anseo!

Guím ullmhúcháin mhaith don Nollaig oraibh!

2008-11-26

Conair chasta Chomhair - comhrac, caidreamh, cáineadh...

Eagrán na Samhna faighte agam inniu.

De réir scéil scéil a chuala mé, ní raibh an bord sásta le roinnt den ábhar ann. Ní thuigim go baileach cén fáth. Cinnte, tá na heagarfhocail a foilsíodh i Lá ann, agus freisin píosa tur grinn faoin Titanic - glacaim leis gur tagairt éigin d'imeachtaí idir an Eagarthóir agus an bhord atá ann. Nílim ró thógtha leis an dóigh seo le argóint a chuir chun cinn.

Bhí ionadh orm nach raibh nóta ón mBord leis ag leagan amach taobh s'aca den scéal.

Fágann an rud ar fad drochbhlas i'm bhéal. Níl an t-iris ach díreach tagtha thar nais, agus tá an bpraiseach ar fud an mhias arís.

N'fheadar an mbeidh ar chumas Pól Ó Muirí seasmhacht éigin a thabhairt isteach san scéal ar feadh tréimhse, agus bonn cheart a chuir faoin dtogra.

2008-11-21

Uisce faoi thalamh ... ar Mhars!

(tuairim ealaíontóra faoin oighearshruth atá aimsithe. Íomhá NASA/JPL)


Scéal go bhfuil oighearshruth aimsithe ar Mhars, ag marsleithead níos ísle ná mar a bhí roimhe.

Is dócha go gcuirfidh an t-uisce seo sruth le pleananna NASA daoine a chuir go Mars.

Seo gúm nach bhfuilim ina fhabhar ar chor ar bith. Is dóigh liom gur cur amú acmhainní atá ann daoine a chuir sa spás. Deirtear go bhfuil an duine níos solúbtha ag plé le dúshláin nach raibh súil leo ná mar a bheadh inneall.

Ach tá amhras orm an fiú an tairbhe an trioblóid - daoine a sheoladh tríd an spás ar feadh dhá bhliain, in árthach a bheadh níos mó agus níos íogaire ná mar a bheadh a mhacasamhail do taiscéalaí uathoibríoch. Bheadh meath leanúnach ar a gcoirp le linn an turas.

Ní dóigh liom go bhfuil cúis teicniúil leis an togra seo. Ach spreagann a leithéidí an pobal - bolscaireacht atá ann.

Sa gcomhthéacs seo, agus i bhfianaise tubaistí Challenger agus Columbia , tá sé spéisiúil go bhfuil NASA ag filleadh ar na dea chleachtais a bhí í réim le linn na misean Apollo don árthach nua Orion. Tugadh thar nais roinnt den foireann ón ré sin chun comhairle a thabhairt. Beidh scaradh cúramach idir innealra agus na soithigh don foireann mar chuid den scéim Ares/Orion.

Laghdaíonn sé seo an baol go gcaillfear beatha.

Ach ainneoin sin, bhfearr liomsa na hacmhainní a fheiscint á chaitheamh ar misean uathoibríocha

2008-11-20

Racht faoi Inimirce

Tá Bernd ag plé ceist an iompar caoi d'inimirceach thall ag Irland Inside - bítear dhá cuir ina leith nach bhfuil sé sách séimh agus béasach fúinn!

Tá gné amháin a chuireann soir mé - aon chaint ar eachtrannaigh a bheith ag baint poist d'Éireannaigh.

In ainm Dílis Dé: chaith muide breis agus trí chéad bliain ag seoladh daoine amach ar an mbád bán - chun "poist a bhaint de dhaoine"

Nuair a d'fhág mise an ollscoil d'fhág mé ar tír. Mar a rinne 75 as 80 i mo rang innealtóireachta. Chaith mé deich mbliana i mo Ghastarbeiter sa Ghearmáin. Agus mé ann, bhí an áit breac le lucht tógála as Éirinn - iad uilig féin fhostaithe mar dhea. Bí ag caint ar phostanna a sciobadh ó dhaoine eile.

Cuireann an fimíneacht i tuairimí mar seo soir mé. Tá sé chomh holc céanna leis an dream a bhíonn ag iarraidh daoine gan teideal soiléir cónaithe anseo a chuir amach - ach atá deimhin de go bhfuil sé de cheart ar inimircigh mídhleathacha as Éirinn cuir fúthu go buan i SAM.

Sin é mo racht go n-uige seo.

2008-11-14

Is sleamhain iad ráillí an Iarnróid

(A3L92 ar an ráille trialacha. Íomhá ó Wikimedia)


Um an tráth seo den bhliain bíonn fógraí crochta ar an DART ag gabháil leithscéal as an moill a chuireann greamaitheacht bhocht ar traenacha.

Fadhb ar leith atá an san Fómhair de bharr duilliúr a bheith ag titim agus fliuchras.

Sé an chaoi go bhfuil teorainn leis an méid fórsa is féidir aistriú ón roth go dtí an ráille.

Má déantar iarracht níos mó na an teorainn sin a aistriú, sciorrann an roth (má táthar ag luasghéarú) nó sleamhnaíonn sé (má táthar ag coscánú)

Má thiteann an greamaitheacht, íslítear an teorainn seo.

Ní mór mar sin an fórsa a chuir in oiriúint don teorainn. Chuige sin, ní mór a aithint go bhfuil an teorainn sroichte. Má tá an roth ag sciorradh nó ag sleamhnú, níl rothlú an roth i gcoibhneas le luas an fheithicil níos mó. Má tá eolas neamhspleách ar fáil faoi luas an fheithicil, tá sé éasca é seo a aithint.

Ach i gcás traenacha ollidirthurais, cosúil leis an DART, is minic go mbíonn gach ais tiomáinte, agus iad go léir ag sciorradh nó sleamhnú dá réir!

Caithfear mar sin feidhm a bhaint as eolas eile - mar shampla samhail a ríomhann cén luasghéarú nó moilliú is ceart a bheith ann de bharr an fórsa atá á chuir i bhfeidhm.
De réir an ghnáth dlí

F = ma (Is ionann an fhórsa agus an mais méadaithe leis an luasghéarú)

a ríomhtar an samhail. Ach, gan amhras, níl sé baileach chomh simplí sin.
Caithfear táimhe na maiseanna rothlaithe - innill, ais, agus mar sin de, a chuir san áireamh. Is minic freisin nach mbíonn eolas ar fáil faoin meáchain a chuireann na paisinéirí leis an traein. D'fheadfadh difríocht d'aon trian (nó níos mó i gcás feithicil ar nós an Luas) a bheith i gceist idir traein folamh agus traein lán. Cé go bhfuil modhanna ann an meáchain a thomhas - an tionchar ar an gcóras aerchrocadh a thomhas - abair, tá deacrachtaí ag baint leo. Agus dá mhéid braiteoir ar a mbraitheann an samhail, is ea is casta agus leochaileaí atá sé.

Is gnáth mar sin samhail measartha simplí a dhearadh, agus na paraiméadar a shocrú de bharr tomhais le linn turgnaimh ar léith.

Nuair atá an t-eolas ann faoi conas mar atá an feithicil ag bogadh, is féidir an t-eolas sin a chuir i gcomparáid le luas rothlaithe an rotha. Má fhágann an luas rothlaithe imchlúdach áirithe, is féidir a ríomh gur iarmhairt ar easpa greamaitheacht atá i gceist. Caithfear ansin an fórsa a laghdú d'fhonn an luas rothlaithe a thabhairt isteach san imchlúdach cheart arís.

Rud a chiallaíonn, gan amhras, go mbeidh an luasghéarú nó moilliú níos lú - agus go dtógfaidh sé níos faide dá réir ar luas cheart a shroicheadh, nó stopadh san áit cheart. (Tá an rud céanna fíor don ABS i gcarr)

Gnó cigilteach go maith atá sna turgnaimh chun na paraiméadair caoi a aimsiú! Chaith mé seal ag obair ar an traein fó thalaimh A3L92 i mBeirlín, agus i measc rudaí eile bhí orm tiúnadh a dhéanamh ar an rialaitheoir greamaitheachta. Chun na turgnaimh a dhéanamh, smearadh an ráille promhadh, agus rinneadh luasghéarú agus coscánú air. Uair nó dhó, theip ar an gcoscán leictreach de bharr an sleamhnú - ach de ghnáth d'éirigh leis an córas aeroibrithe an traein a stop. Lá (a chuireann fuarallais orm fós) amháin , áfach, bhí an ráille chomh smeartha sin gur theip ar an dá córas, agus sleamhnaigh an traein leis. Cúpla orlach roimh an maolán a tháinig sé chun stop....

Tá iarmhairtí leis an sleamhnú, ach go háirithe. Ídítear na rotha (arbh as miotail iad). Caithfear iad a dhéanamh cruinn arís ansin, agus éiríonn siad níos lú dá bharr. De bhrí go mbíonn innill sruth ailtéarnach i gceist le roinnt traenacha (ní hea i gcás an DART, go bhfios dom) caithfear féachaint chuige go bhfuil na rotha atá nasctha le córas tiomána amháin ar chomhmhéid (ceist d'oíche eile cén fáth). Tá costas i gceist mar sin.

Córas dúshlánach ab ea an A3L92 ar roinnt cúiseanna - bhí cuid den líonra faoi thalamh, ach bhí cuid eile de i dtrinse faoi chrainn. Bhí deacrachtaí móra ann le greamaitheacht san earrach nuair a rinne cumasc de phailin na gcrann, sioc agus taise smearadh ar na ráillí!

Caithfear comhbhabhtáil a dhéanamh ag dearadh córas mar seo freisin. Uaireanta cabhraíonn méid áirithe sleamhnú nó sciorradh chun an ráille a ghlanadh agus an greamaitheacht a fheabhsú do na bógaí a leanann an ais atá i gceist. Rud a feabhasaíonn an luasghéarú agus moilliú.

Meascán d'innealtóireacht agus na healaín dubha atá san dearadh agus tiúnadh i gcóras mar sin!

2008-11-10

An Féinics ina thost


Phoenix (tuairim ealaíontóra)
Phoenix (tuairim ealaíontóra)
Íomhánna le NASA

Tá deireadh le obair an árthaigh Phoenix ar Mhars.

Dea theist ar dea innealtóireacht gur mhair an misean breis agus dhá mhí níos faide ná mar a bhí leagtha amach dó.

Mar sin is ceart feidhmiú i misean dá shórt!

Deireadh Lae

Bhíos i bhfad ó ríomhaire le tamall anuas, idir an deireadh seachtaine fada agus comhdháil thar sáile maidir le cúrsaí oibre, agus brú oibre. Mar sin, níl mo dhá chianóg rua caite agam i leith deireadh Lá Nua fós.
Tá an scéal ríomhtha go glé, glinn, mar is dual dó ag Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarfhocal a scríobadh do Chomhar ach a foilsíodh i Lá Nua. (Gnó lae eile an cíor thuathail maidir le Comhar - tá eagrán na Samhna le foilsiú, is cosúil, ainneoin ábhar atá "gránna" a bheith ann. Tá síntiús agam, mar sin tiocfaidh mé ar mo chinneadh féin faoi san).

Bhíos ag ceannach Lá nuair nach raibh ach 52 Lá sa bhliain. Cé gur chuir an nuachtán díomá agus cantal orm ar uairibh, creidim gur fiú tacú le hiarracht ionraic, agus rinne mé amhlaidh. Go fiú is gur íoc mé praghas an tsiopa seachas síntiús a bhaint amach, ar mhaithe le bheith in ann é éileamh i siopa ar bith.

Bhí Lá riamh beo ar an mbeagán, agus tréaslaím ach go hairithe leo siúd a bhí sásta a gcuid airgid agus fuinnimh féin a chaitheamh le togra idéalaíoch.

Thug Lá ardán do roinnt colúnaithe iontacha. Bhí cuid acu seanbhunaithe in earnáil eile - Eoin Ó Murchú nó Máirín Ní Ghadhra, abair. Ach bhí guthanna nua ina measc. Seachas Lá, ní bheidh faic le "gnáth" Aontachtaí cosúil le hIan Malcolm léite agam, abair. Agus cé nach aon Alistair Cooke í Helen Nic Fhinn, is maith liom a colún a léamh. Tharraing Lá aird ar phodchraoltaí Choinn.
Agus sin gan trácht fiú ar an forlíonadh ealaíona faoi stiúir Philip Cummings, le alt iontach uaidh fhéin gach seachtain. Sméar mullaigh an tseachtain nuachtáin, dar liom.

Níl ansin ach spléachadh ar roinnt des na rudaí a thaitin liom faoi Lá!

Dúirt Íte Ní Chionnaith gurbh "Guth sainiúil aduaidh" a bhí ag Lá, agus b'fhíor di.
Braithfidh muid uainn Lá sna laethanta amach romhainn.

Agus braithfidh muid an easpa chuir chuige stuama i léith seirbhísí nuachta cearta do Ghaeilgeoirí go gceann i bhfad.

Dáta cinniúnach sa Ghearmáin - an 9ú Samhain

Píosa maith san Irish Times inniu maidir leis:

I 1918, cuireadh iallach ar Liam II éirí as an Impireacht agus tháinig ann do Phoblacht (Weimarach) na Gearmáine.
I 1923, rinne Hitler agus an NSDAP iarracht Putsch a eagrú - "Putsch an Halla Leanna". Theip air.
I 1937, bhí sé i gcumhacht, agus d'eagraigh na Naitsithe pogrom fíochmhar i gcoinne Giúdaigh. Pogrom a tugtar an ainm "Oíche an Ghloine" air (Kristallnacht) - briseadh an oiread fuinneoga gloine agus ab ionann le táirgiúlacht gloine bliana sa Bheilg.
Ar deireadh, i 1989, thit balla Beirlín ar an lá sin.


Maireann scáil 1937, áfach.



Alt faoi 1918 anseo, agus alt tuairimíochta faoin rud ar fad anseo (Ón Tagesspiegel)

2008-11-11 Aguisín breise: alt in El Pais faoi conas ar tuariscíodh an scéal faoi Kristallnacht sa Spáinn, áit a raibh an cogadh cathardha fós ar siúl. Agus an tairisciú dá réir, ag brath ar cén taobh den deighilt a bhí na nuachtáin. Bhí an frith Ghiúdachas forleathan san Eoraip ar fad - ní tharlódh an Shoah mar a tharla murach sin. Agus ní raibh an scéal pioc níos fearr abhus - ainneoin gur thug Dev aitheantas speisialta don creideamh Ghiúdach i mBunreacht 1937, bhí amhras agus naimhdeas san Roinn Dlí agus Cirt agus san Roinn Gnóthaí Eachtrach, a d'fhág nár imir an Stát an ról a d'fheadfadh sé i dtarrtháil sciar den chine Ghiúdach.

2008-11-07

Crúog oibre, fáth mo thosta!

Agus ríomhaire as feidhm sa bhaile, rud atá leigheasta anois.