03 December 2008

Um Nollaig a rugadh Críost

comhlacht san Ostair ag cuir postaer thar a bheith simplí ar na fallaí

ZU WEIHNACHTEN WURDE JESUS CHRISTUS GEBOREN
EIN FEST DER FREUDE FÜR DIE MENSCHEN

Um Nollaig rugadh Íosa Críost
Feis atháis don gcine daonna

6 comments:

Séamas Poncán said...

A mhalairt de scéal in Washington DC...tá fógraí ansin a chur na haindiagaithe ar na busanna.

féach

MBM said...

Níl tada cearr le ceachtar theachtaireacht. Is maith an rud é daoine a bheith deas le chéile, bíodh creideamh ar Dhia ina chúis leis nó ná bíodh.

aonghus said...

De réir mo chuimhne, bhí na heaspaig i Londain breá sásta le feachtas dá leithéid - toisc gur chuir sé daoine ag machnamh ar Dhia.

Ceist ar fiú í a chíoradh atá i Dia a bheith ann, nó gan a bheith.

Cabhraíonn fógraí.

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Sa dóigh ina rinneadh é, tá sé maslach. Níl aon chúis le díspeagadh mar sin ar chreideamh daoine eile. Cogar: an dóigh libh go mbeadh a leithéid ann a dheirfeadh "Ná bac le Mohammad"?

aonghus said...

Féach Matha 5:11

Nó, mar a dúirt Luther tráth, is mairg don té a théann i ngleic le salachar - is cuma bua nó teip, beidh sé smálaithe.

Is féidir an rud a chasadh. Fiú muna bhacann duine le Críost, ní chuireann san bac air!