Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-06-30

Blagallamh le Nuala Ní Chonchúir

Ar bhlag Aidan - Faoiseamh

Údar Tatú atá i gceist.

(Luaigh mé anseo í)

Bliain Phól Aspail

(na hAspail Marcas agus Pól le h Albrecht Dürer Íomha ó Wikimedia)

Atá ann ón 29ú Meitheamh go dtí an 29ú Meitheamh seo chugainn.

Tá sé thart ar dhá Mhíle bliain ó rugadh aspal seo na gintlí.

Is cuimhin liom i dtús na 1990í cuairt a thabhairt ar Séipéal beag ón 10u aois ar chósta theas na Créite - Agios Pavlos, a tógadh san áit a bhruaigh an Stoirm a long i dtír.


Aitheasc an Phápa ag seoladh na bliana anseo:

2008-06-29

An Irish Times saor ar líne ón Luain

Chonac an scéal ag Primal ar dtús.

Tá sé dearbhaithe anseo ag an Times féin, faoina seoladh nua http://www.irishtimes.com

Dea-scéala é seo do bhlagadóirí na Gaeilge freisin dar liom. Sa bhreis ar cholúnaí na Bliana Alan Titley, a mbíonn colún seachtainiúil aige, beidh sé indéanta nascadh a dhéanamh leis na hailt spéisiúla eile a bhíonn san Times.

Rud a dhéanfaidh mé, gan amhras!

2008-06-28

Cruach cheisteanna

Luaigh mé an chruach cheana.
Réimse cuimhne atá ann a mbíonn athróga sealadacha le fáil ann.
Tá buntáiste ag baint leis - bíonn níos lú cuimhne de dhíth san iomlán do chlár toisc go roinneann na hathróga sealadacha an réimse céanna - sé sin, is féidir le hathróg nua an seoladh céanna a bheith aige ar an gcruach agus atá ag athróg eile - má tá siad i gcodanna neamhspleácha den clár.

"Fásann" an chruach síos san cuimhne ón mbarr de ghnáth. Tá baol amháin ansin - d'fheadfadh an cruach fás níos mó ná mar a bhí ceaptha ag an dearthóir - agus eolas riachtanach sna sonraí nó san téacs a scrios. Bheadh iarmhairtí tromchúiseacha aige sin do bhogearra.

Bíonn baol ar leith ag baint le gnáis nó feidhmeanna atá athchúrsach. 'Sé sin, feidhm a ghlaonn ar féin. Tá tábhacht ar leith le feidhmeanna mar seo in algartaim airithe, i gcuardach mar shampla.
Ach bíonn a réimse féin ar an gcruach de dhíth ar gach glao - agus má theipeann ar an athchúrsaí stop, is féidir tubaiste a bheith ann.

Ach seachas sin, ní mór a bheith cúramach le hathróga ar an gcruach. Ní féidir brath air go mbeidh luach ar leith ag athróg nuair a thosaíonn feidhm. Ní mór dá bhrí sin túsú cúramach a dhéanamh ar na hathróga.

Is minic fabht atá deacair a fháil de bharr easpa túsú. Agus nuair a chuirtear cód breise isteach, athraíonn an fabht - rud is cúis frustrachas go minic do foirne promhadh agus cothabhála.

Is fearr liom féin go mbeadh athróga, fiú athróga sealadacha, san cuimhne seachas ar an gcruach, mura bhfuil cúis ar leith é bheith ar an gcruach.

Má bhíonn siad sa chuimhne, is féidir scrúdú a dhéanamh ar na luachanna nuair a bhíonn an feidhm réidh. Is mór an chabhair sin san dífhabhtú.

Níor phléigh mé an charn - bíonn cosc ar úsáid an chairn agus leithdháileadh dinimiciúil de bharr an baol sceitheadh cuimhne, sé sin, nuair a tógtar réimse cuimhne ón gcruach, ach nach scaoiltear é nuair atáthar réidh leis. Uair éigin teipfidh ar an gclár de bharr an charn a bheith ídithe.





2008-06-27

Cairdeas caide

Nuair a chuala mé go raibh an Ghearmáin agus an Tuirc le n-imirt in aghaidh a chéile, bhí imní orm go mbeadh trioblóid ina dhiaidh. Tá cáil an achrainn ar lucht leanta na peile san dá tír. Agus sé Beirlín na Gearmáine an chathair leis an líon is mó Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara.

Cúis faoiseamh agus áthais mar sin an scéal seo ón Tagespiegel.

Ní hamháin nach raibh trioblóid ann - bhain an dá dream sult as, agus bhí lúcháir ar Turcaigh Ghearmánacha.

Táthar anois ag dúil tógáil ar seo, chun na fadhbanna atá ann a réiteach.

Éist le Briathra Dóchais an Phápa

Tá imlitir an Phápa Spe Salvi ar fáil anois ó iTunes.

Scéal anseo ó Zenit.

2008-06-26

Úire na Staire

Bhí aitheasc a thug Breandán Ó Doibhlin agus é ag seoladh dhá úrscéal le Séamus de Napier (faoin ainm chleite ALEC BÁN MAC CONAILL) i gcló i Lá Nua dé Chéadaoin beag seo.

Is é is bua don úrscéal staire an léitheoir a bheith beo beathach sa saol réamhchóilíneach, san “Éirinn a bhí anallód ann”, mar a dúirt an file, chan ionann agus “Éirinn lucht Béarla agus anstró Gall”.
Is é sin, is leigheas é ar an bhriseadh comhfheasa a tharla dúinn, nasc nua chun slabhra an traidisiúin a cheangal ina chéile arís, chun leanúnacht féiniúlachta na nGael a shlánú arís.
Aontaím leis an méid a scríobh sé - go láidir. Sa bhreis ar sin, is breá liom úrscéalta staire, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile. Tá Fontenoy agus An Cléireach leite agam, dar ndóigh. Tá rud nó dhó le Ó Tuairisc léite agam, ach ní dóigh liom go bhfuil L'Attaque. Tá sin, agus an dá leabhar atá luaite san aitheasc - 1260 AD agus Seilbh na Coróine - ar mo liosta agam anois pé scéal é.

Is cosúil go bhfuil 1260 AD - nó ar a laghad leagan de - ar líne anseo.

Mar a deirim, is aoibhinn liom úrscéalta staire. Is iontach an chaitheamh aimsire iad, agus is féidir stair a fhoghlaim astu gan mórán dua (cé go gcaithfear scagadh a dhéanamh air, gan amhras).

Tá cnuasach agam de leabhair le Lion Feuchtwanger agus thaitin úrscéal Adalbert Stifter faoi bhunú ríocht na Boihéime - Witiko - go mór liom.

Anois, murach ceal L-Spáis....

Toil a níos duine!

Bhí an Pápa ag caint ar Mhaximus Dearbhóir, agus an tslí inár throid sé chun Toil Daonna Chríost a chosaint agus a chruthú.

Uaidh sin, rinne Maximus agus an Pápa araon argóint láidir ar son Toil an Duine - ach ag léiriú go sroicheann an Toil sin a bhuaic i nglacadh go saor le Toil Dé inár saol.

Beatha - agus Slánú - Duine a Thoil! Agus is tábhachtaí "saoirse chun" ná "saoirse ó".

Táimid ag smaoineamh ar luachanna a déantar cosaint orthu inniu - caoinfhulaingt, saoirse, dialóg. Ach d'éireodh caoinfhulaingt nach bhfuil ar a chumas idirdhealú idir olc agus maith níos mó anordúil agus féin scriosta. Freisin, saoirse nach n-aithníonn saoirse dhaoine eile, agus a dteipeann ar an tomhas coiteann d'ár saoirse coibhneasta uile a aimsiú, bheadh sé ainrialta agus scriosfadh sé údarás. Ní bheadh i dialóg nach eol dó cad faoi dialóg a dhéanamh ach cabaireacht.

Luachanna móra agus bunúsacha iad seo. Ach gan slat tomhais Diaga, ní luachanna in aon chor iad.

2008-06-25

Níos lú ná seachtain fágtha!

Más mian leat cuir isteach ar chomórtas Bhlagáil an Oireachtais.

Breis anseo:

Tá m'iarratas seolta, agus admháil faighte.

Más moltóir atá á leamh seo; comhghairdeas (nó comhbhrón!) - tá tú ag druidim chun deiridh sruth smaointe fánacha uaim a bhfuil dualgas ort iad a léamh!

Tá súil agam go bhfuair tú rud éigin ar bhain tú taitneamh as, agus go mbeidh tú thar nais mar dhuine saor! Agus nár chuir mó chuid gramadaí "aimsigh agus teip" soir ró mhinic thú!

2008-06-24

Fearaibh Fáil níos fearr ná a gcáil

innealtóirí sóisialta an Údaráis Comhionannais1 ag tabhairt amach arís d'fhir gheal na hÉireann, de bharr go bhfuil taighde acu a chruthaíonn go n-oibríonn mná na hÉireann tríocha naoi nóiméad níos mó na muid in aghaidh an lae.

Rinne Kate Holmquist3 scagadh ar a dtuairisc. Agus tagann sí ar tuairim atá beagán éagsúil ina colún san Irish Times inniu. Rinne sí amach go bhfuil mionlach d'fhir na hÉireann nach ndéanann faic sa mbaile, agus go bhfuil an mionlach seo rud beag níos mó ná an meán san Eoraip. Sna ranganna eile, tá fir na hÉireann ar chomhchéim le fir na hEorpa i gcoitinne. Deir sí, agus an cheart aici, go bhfuil rud beag níos mó mná in Éireann ag obair sa mbaile amháin - rud nach bhfeileann d'oidhrí Procrustes san Údarás Ionannú2. Ach deir Kate groí, agus an ceart go hiomlán aici, gur rogha bhailí atá ann.

Agus ní hionann daoine a bheith Comhionann faoin Dlí - rud atá ina dhlúth agus inneach do phoblacht - agus an saghas polaitíocht ionannú a bhíonn ar bun ag an Údarás thuasluaite agus roinnt dá leathbhádóirí sna heagraíochtaí stocaireachta.

Féach saíocht na Gaeilge - is féidir idirdhealú a dhéanamh - ach ní leithcheal, ná go deimhin fabhar, gach idirdhealú!



1Ní bhaineann ionannas le Gaeilgeoirí, is léir - níl faic níos déanaí na 2005 ar fáil as Gaeilge ar an suíomh úd.
2Muna bhfuil sé tugtha faoi ndeara agaibh, ní maith liom iad!
3Is maith liom colún Kate pé scéal é. Bíonn siad lán de stuaim agus de chiall ceannaithe.

2008-06-30 Ó tharla go bhfuil an balla tite ag an Irish Times, is féidir liom nascadh le alt Kate. Seo é

Easpa innealtóirí

Bhí dhá scéal i bhforlíonadh gnó an Irish Times de hAoine a bhain macalla asam.

Dhá ghné den cheist céanna. Imní ar ceannasaí Siemens in Éirinn faoi easpa innealtóirí cáilithe. Agus a leathbhreac de scéal sa Ghearmáin, áit a bhfuil comhlachtaí mór le rá ag obair le naoinraí chun suim san eolaíocht a spreagadh - ar mhaithe le innealtóirí an lae arú amáraigh.

Tá titim tubaisteach le roinnt blianta anuas san líon innealtóirí atá ag cáiliú. Bhí 80 i mo rang Innealtóireachta Leictreach agus Leictreonach nuair a bhain mé mo chéim amach i 1990. Ochtar a bhí ann anuraidh.

Siad innealtóirí agus eolaithe cnámh droma an tsochaí, ach ní bhíonn an meas sin orthu. Ní cloistear fúinn ach amháin nuair a theipeann orainn!

Sin, dar liom, ceann de na bagairtí is mó do leas an Iarthair - nach mbeidh innealtóirí an lae amáraigh ann; go mbeidh muid ag brath ar dhuine thar tír isteach - tuige nach mbeadh siadsan ag obair san Ind, nó san tSín, nó pé áit arbh as dóibh?

2008-06-20

"qualités essentielles"

Tá sé ina raic sa bhFrainc de bharr go bhfuair fear Moslamach neamhniú dleathach ar a phósadh - toisc gur inis an bhean bréag mar gheall ar a ócht.

Ní raibh an chúirt ag maíomh go raibh sé de cheart aige deimhniú ócht a lorg ón mbean. Ach ghlac siad leis nár thoiligh sé go saor leis an bpósadh, toisc go raibh sé ag glacadh lena focal gurbh ógh í, agus go raibh sin riachtanach ina thuairim siúd.

De réir Dlí na Fraince, tá pósadh neamhní má tá fabht "i gcáilíochtaí eisintiúil an pearsan". Tá an Dlí mórán mar an gcéanna anseo.

Pé ní faoi ócht, ní haon bunchloch folláin é bréag do chaidreamh buan.

Agus is deacair aon athrú ar an Dlí a fheiscint nach bhfágfadh an scéal níos casta - mar atá á phlé i Le Monde, anseo.

Dála an scéil, thoiligh an bhean leis an neamhniú - agus an cheart aici, dar liom, tá sí níos fearr as gan fear mar sin nach bhfeiceann inti ach luach a hóchta.

Gide laidean is léigheanta

Alt mhaith anseo faoin dúshlán a bhaineann le Béarla (nó teanga ar bith eile) chruinn, cuanna, cumhachtach a chuir ar scrioptúr, go hairithe don liotúirge.

Táthar ag obair ar leagan nua a bheidh níos dílse don mbun Laidin; saothar thar a bheith tábhachtach, ach deacair.

Tá alt eile anseo ag Kath.net - i measc na moltaí ann ná go mbeadh lámh ag aos dána san obair, seachas é fhágáil faoi diagairí amháin.

Is dúshlán aon aistriú; ach ní mór do saothar creidimh a bheith ní hamháin cruinn de réir na diagachta, ach álainn - inurnaithe.

Is minic na leaganacha nua, i mBéarla ach go háirithe, coillte ag drochnósanna an Bhéarla reatha; an bladar, an ceart pholaitiúl, an ná cuir olc ar aoinne, an tsaghais Béarlagair a mbíonn an Feachtas um Ghlé Bhéarla de shíor ag troid ina choinne.

Sa bhreis ar sin, is Béarlaí atá ann - teanga díláraithe í an Bhéarla.

Go raibh rath ar an saothar....

2008-06-18

Coirsmaointe

Dhá scéal ó Mercatornet a chuireann imní orm:

Saoirse cainte a bhrú faoi chos i gCeanada faoi mheirge an chaoinfhulaingt:

De réir Roinn Dlí Cheanada:
Ní cosaint iad fírinne agus trácht chóir

Tá an scéal seo níos measa dar liom: Tá feidhmeannach sa Bhreatain le briseadh as a post, toisc nach bhfuil sí sásta feidhmiú ag pósadh bheirt den inscne céanna. Ar bhonn coinsiasa. Bhí sí ag déanamh socruithe le feidhmeannaigh eile chun a leithéid a sheachaint, ach rinneadh clamhsán fúithi, agus tá "mí-iompar tromchúiseach" curtha ina leith.

(Tá an scéal céanna ag Times Londain)

Caoinfhulaingt - seachas do Chríostaithe? Pionós de bharr do chuid smaointe?

Aingeal síochana don Idirlíon



Ó XKCD

Nach mbeadh a leithéidí togha chun maolú ar bhladhmchogaidh?

2008-06-17

Fallaing Folaithe

Bhí alt thar a bheith suimiúil faoi meatábhair in san Iris "Engineering & Technology" de chuid an IET.

Go bunúsach, chun go mbeadh rud dofheicthe, ní mór don solas taisteal thart ar chomh tapa agus a bheadh sé ag dul tríd an achar céanna de folús.

Is cosúil go bhfuil ag éirí le taighdeoirí é seo a dhéanamh ag minicíochtaí arda - X gathanna agus RADAR, abair.

Déantar é tre athruithe a chuir i struchtúr agus ceimic na meatábhair chun athraonadh diúltach a bhaint amach.

Breis anseo, ar leathanach an tOllamh John Pendry.

Gloomsday thart, agus gan trácht le fada ar Mhíshásta...

An fód fágtha aige faoin dream Bleá Cliathach faoi stiúir an tSeanadóra úd.

Cén brí, ach nach aithris ar Gloomsday agus Useless Eulogies atá i saothar an tSeoighigh eile?

Nach bhfuil bunleagan Chorcaí sa Táin ó bhí dúluachair na hIdirlíne ann, agus Gaeil ag Cumasc?

Tar thar nais, a Mhí, tá do shaíocht agus allagar Chetwynde Downs de dhíth orainn!

2008-06-16

Ceardaíocht grámhar


(Íomhá ó Wikimedia)
Píosa deascríofa ag Panu in ómós do H.P. Lovecraft

Fainic - na léigh roimh dul a luí é!

An bhfuil cíocras cumhachta míbhanúil?

Thug mé suntas do cholún ag Sheila O'Flanagan san Irish Times an tseachtain seo chaite.

Bhí sí ag trácht ar an cur i gcoinne Hilary Clinton toisc go raibh "cíocras cumhachta" aici. Deir sí, agus an ceart aici, dar liom, nach gcuirtear sin i leith Barack ObamaJohn McCain.

Dar léi, is súile an sochaí gur ceadmhach do bhean glacadh le rath, go humhal agus go grástúil, ach go bhfuil sé crosta uirthi a fonn chun ratha a léiriú.

Cinnte bhí cíocras cumhachta uirthi. Tuige nach mbeadh? Bhí fonn uirthi an post is cumhachtaí ar Domhan a bheith aici. Bheadh sé mínádúrtha mura raibh fonn uirthi chuige.

Mar a bhí ar Margaret Thatcher, nó Angela Merkel. Beirt a ceapadh a bheith faoi scáil fir cumhachtacha - thugadh Helmut Kohl "mo chailín" ar Merkel. Go dtáinig siad i réim agus rinne a gcion. Ní gá bheith ar aon fhocail leo ó thaobh polaitíochta (agus nílim) chun aithint go ndearna siad jab mhaith (atá fós á dhéanamh ag Angela Merkel - bhean a mbeidh tionchar aici ar dán na hÉireann tar éis an reifreann úd!).

Fimíneacht faoi ndeara an dearcadh seo i leith mná i gceannas, agus is mithid fail réidh leis.

2008-06-15

Agus anois?

Theip ar an Reifreann faoi Chonradh Liospóin. Is léir go bhfuil bearna idir cinseal na hEorpa, agus an gnáthphobail in Éirinn, agus b'fhéidir tríd an Eoraip.

Ritheann nath Bhrecht liom anois:
"Das Volk hat das Vertrauen der Regierung verscherzt.
Wäre es da nicht doch einfacher, die Regierung löste das Volk auf und wählte ein anderes?"

Tá muinín an Rialtais caillte ag an bPobal.
Nach mbeadh sé níos fusa dá gcuirfeadh an Rialtas an Pobal as oifig, agus ceann nua a thoghadh?
Ag éisteacht le roinnt de na ráitis, cheapfá gurbh sin an Plean C. Is ann freisin atá eithne na faidhbe. Rinneadh faillí i léiriú don phobal conas a rinne an conradh leas an phobail, agus cén fáth go mbíonn rialacha dlíthiúla an idirphlé idir 27 stát casta.

Cé gur bunaíodh fóram na hEorpa i ndiaidh céad chonradh Nice, ní léir go raibh toradh air.

Níl gach duine ar an Mór Roinn míshásta linn, dála an scéil.

Nath eile le Brecht:
Wir stehen selbst enttäuscht und sehn betroffen
/ Den Vorhang zu und alle Fragen offen."
- Der gute Mensch von Sezuan

Seasaimid féin anseo le díomá agus feiceann le sceon,
An cuirtín dúnta agus gach ceist oscailte.
- Dea dhuine Sezuan

Bis orat qui bene cantat



Rud a thugann duine a thagann nó a fhilleann anseo ón Mór Roinn nach gcantar mórán sna hEaglais abhus. Ar chúis amháin nó eile, níl an nós ann. (Is dóigh liom féin go bhfuil roinnt den cúis le feiscint in san rúndacht a bhí de dhíth le linne na Péindlíthe).

Ach tá eisceacht mhór amháin ann - Cór Chúil Aodha.

Bhí deis agam iad a chlos agus muid ó dheas. Chuir siad go mór leis an Aifreann, agus b'iontach an rud é an cheol a chlos ina shuíomh nádúrtha - ceiliúradh Aifrinn an Phobail. Bhí trí nó b'fhéidir ceithre ghlúin d'fhir chúil Aodha ag canadh - buachaillí óga go seanóirí, faoi stiúir Pheadair Uí Riada.

Ardú croí agus meanman a bhí san Aifreann sin. Go háirithe ós rud é gur thug an sagart aitheasc bhreá, bunaithe ar an soiscéal (an rud is annamh...), ag léiriú go bhfuil daingne carraige ag baint le Dia, ach ní a chruas.

Is fíor, mar sin, go urnaíonn an té a chanann go maith faoi dhó.
Nath é seo a chuirtear i leith Aibhistín, ach is cosúil nach é sin go baileach a scríobh sé.

2008-06-13

Dearadh chun críche promhadh

I bhforbairt bogearraí, tá prionsabail thábhachtacha ann, ar nós "ceilt eolais" agus "imchochlú".
Is é atá i gceist leo sin, nach mbeidh d'eolas ar fáil faoi feidhm nó modúl ach an méid atá riachtanach chun feidhm a bhaint as. Rud a chiallaíonn gur féidir, agus gur cheart, codanna ar léith den bhogearra a fhorbairt go hiomlán neamhspleách ar a chéile, agus a sheachnaíonn fabhtanna a eascraíonn as ríomhchláraitheoir amháin a bheith ag bunadh an méid a dhearann sé ar ghnéithe inmheánacha d'obair dhuine eile (nó dá chuid féin fiú, i modúl eile). Tá cúpláil dá leithéid baolach; is deacair bheith cinnte nuair a athraítear modúl amháin cén toradh a bheidh ag an athrú ar mhodúl eile.

Prionsabail fónta is ea iad, mar sin.

Ach go minic tagann siad salach ar riachtanais an fhoireann promhaidh. A mbíonn gá acu le léargas ar obair inmheánach modúil chun a bheith cinnte go bhfuil gach gné de clúdaithe acu, nó chun iarmhairtí nach raibh súil leo a thuiscint.

Cuireann roinnt de na teicnicí a bhaintear feidhm astu san cód baic ar an obair seo.

Úsáid athróga ar an gcruach mar shampla - athróga nach bhfuil de shaolré acu ach an t-am a bhfuil na modúl á rith. Nó úsáid an eochairfhocail "static" san ríomhtheanga C, mar shampla: a bhfuil de fóchiall aige go bhfuil na athróg sin folaithe lasmuigh den modúl ina bhfuil sé lonnaithe. Rud a cheadaíonn feidhm a bhaint as an t-ainm chéanna i modúl eile. An iarmhairt ar sin ná go mbeadh deacracht ag an innealtóir promhadh bheith cinnte go bhfuil an seoladh ceart á úsáid aige chun an athróg sin a scrúdú.

Ní mór na nithe sin a chuir san áireamh.

Mar sin:
Bíodh ainmneacha d'athróga sainiúil.
Bíodh fáil ar na hathróga a rialaíonn cosán an chód tríd an fheidhm.
Bíodh fáil ar staid an modúl ar bhealach éasca - athróg stáid, mar shampla.

Má tá tairiseach in úsáid sa chód, is mór an chabhair é beith mar athróg sa chuimhne san slí gur féidir leis an innealtóir promhadh é athrú, seachas ina oibreann litriúil.
Is fusa i bhfad sárú teorainn nó a mhacasamhail a phromhadh san cás sin, agus go minic is feidir an tréimhse ama is gá chun scrúdú a chuir i gcrích a laghdú go mór.

Tá riachtanais breise i gceist nuair a bhíonn mionphromhadh modúl i gceist - tá sé ciallmhar macra a úsáid in ionad an eochairfhocail static - rud a cheadaíonn leagan ar léith den mhodúl a bheith ann don promhadh - ina bhfuil na hathróga inmheánacha nochtaithe san slí is gur féidir iad a athrú chun an clár a chuir síos cosáin neamhghnácha chun an "ríomhchlárú chosanta" a phromhadh.

(I é atá i gceist le ríomhchlárú cosanta ná píosa cód a dhéanann rud éigin ciallmhar nuair atá rud tarlaithe nár cheart é bheith intarlaithe. Mar a dúirt an té a dúirt, is ríomhchláraitheoir maith é an té a fhéachann gach treo sula trasnaíonn sé bóthar aon threo).

2008-06-11

Chomh simplí le hA, B, C....

Alt stuama ag Colm Ó Tórna i Lá inniu maidir leis an mbealach le cosc a chuir ar scaipeadh SEIF agus galair eile a scaiptear tríd iompar airithe chollaíochta.

Ag tarraingt aird ar na feachtais ABC (nó Staonadh, Bheith Dílis nó Coiscíní) a bhfuil ag éirí leo scaipeadh SEIF a mhoilliú san Aifric, i gcodarsnacht leis na feachtais a scaipeann coiscíní ach nach dtéann i ngleic le hiompar baolach, mí fhreagrach.

Bhí An Cnagaire ag plé Humanae Vitae agus pé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé ina chuid de theagasc do-earráide na hEaglaise. Níl fhios agam faoi sin, ach is cinnte go raibh sé fáidhiúil.


Seo nasc le leathanach de chuid an Dr. Edward C. Green a luaigh Colm, agus le h-alt leis. (Tá breis ailt ar an suíomh úd).

"Tá teipthe ar Rialtais na Ballstáit"

De réir agallamh ag an Tagesspiegel le hAire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Alexander Stubb .

Dúirt sé:

Déantar ceap milleáin den Aontas ró mhinic. Cuirtear an locht ar an
mBruiséil as gach droch rud, agus tógtar an moladh do gach dea rud.



Is fíor dhó. Má theipeann ar an gConradh sa reifreann, is san gné seo a bheidh cuid den chúis.

Eorpach Éireannach

Faoi Columbán Naofa a labhair an Pápa inniu.

Mar a dúirt mé cheana, tá a leithéidí de dhíth orainn!

N'fheadar an comhtharlú é bheith faoi chaibidil ag an bPápa an lá roimh an Reifreann? (Caolseans!)
Tá a chuid litreacha ar fáil ó CELT: (Litreacha i Laidin agus i mBéarla - tá níos mó ann freisin).

2008-06-09

Céard é Ealaíon, arís?

Luaigh mé seo cheana

Seo alt ó Zenit a bhaineann le hábhar, ag éirí as grianghraif de leanaí óga, nochta agus i stáidiúr collaíochta, a bheith gafa i ndánlann ag na péas san Astráil.

Ní ealaíon atá ansin. Caithfidh teorainn éigin a bheith le húsáid leanaí, is cuma cén crích atáthar ag maíomh.

Ní thuigim daoine a chuireann t-léine "Réalt Pornagrafaíochta faoi oiliúint" ar a gcailíní óga, ná earraí "Playboy" a chuir ar fáil dóibh don scoil. Agus cinnte ní thuigim cad tá uasal ná álainn faoi ghrianghraif dá shórt - a bheadh coiriúil ach iad a bheith curtha ar fáil ar líne.

Ní lia duine ná tuairim, ach caithfidh cosc éigin a bheith ann, ar mhaithe le soineantacht na hóige, agus leis an sochaí tré chéile.

2008-06-08

Slí na Coille agus Reilig Gobnatan

Agus muid i Musgraí deireadh seachtaine an Saoire Bainc, shiúl muid Slí na Coille chomh fada le Reilig Gobnatan

Sa Mhuileann a bhí muid ar cur fúinn, mar sin, ní raibh le déanamh againn ach an droichead a thrasnú ar bhóthar Chúil Aodha, agus casadh isteach sa choill. Bhí fógra ag tús an bhealaigh, agus cé nach raibh aon fhógra eile ann agus cúpla gabhal san cosán, níor chuaigh muid ar strae!

Tá an Choill go hálainn. Crainn de gach saghas, agus caonach tiubh ar fás ar roinnt acu. Raithneach agus fásra eile fairsing. Cosán caol, ach gan a bheith ró dheacair. Cé go bhfuil sé soiléir ó na cosáin go mbíonn daoine sa choill, is beag lorg eile d'fheicfeá. Duine amháin a tháinig inár dtreo sa choill. Agus ní fhaca mé oiread a píosa amháin bruscair, rud a bheadh ina chúis iontais anseo i gCill Mhantáin.

Thart ar trí ceathrú uaire a thóg sé orainn dul chomh fada le Reilig Gobnatan agus a cill.
Dúirt muid cúpla paidir ann. Taitníonn an paidir atá greanta ar an dealbh liom:
Go mbeannuighe Dia dhuit a Ghobnait naomhtha
Go mbeannuighe Muire dhuit, agus beannuighim féin duit
Is chughat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat
Is ag iarraidh mo leighis ar son Dé ort
Ar an mbóthar a d'fhilleamar chuig an Muileann, ag stopadh go gairid ar tobar Ghobnatan. Cuireann sé míshuaimhneas áirithe orm an bile faoi ualach giobail éadach, paidríní agus a leithéidí a fheictear go minic ag tobar mar é. Braithim gur gaolmhara don phiseog ná don chreidimh an nós. Ach seans freisin nach bhfuil ann ach go bhfuil mo chreidimh fhéin ró intleachtúil, agus ró scartha ón gcroí.

Thrasnaigh muid droichead eile ar an mbealach thar nais, agus bhí an leac seo ann:
Chríochnaigh Conchubhar an rann dom:
Seo é an t-am,
Cá bhfuil mo dhuine?
Is cosúil go mbeireann an t-abhann duine leis ó am go chéile. Tháinig muide slán, pé scéal é.

Siúlóid ana dheas atá ann, a thóg b'fhéidir uair go leith orainn.

De réir mo thuiscint, is ar an gcoill seo a bhí Liam Ó Muirthile ag smaoineamh agus a dhráma "An Crann" á chumadh aige.

Dul chun cinn na hEorpa i lámha Éireannaigh éiginnte...

Táthar ag faire orainn!

Scéalta anseo in El Pais na Spáinne agus Tagesspiegel Bheirlín.

Idir imní agus iontas orthu go bhfuil an baol ann go dteipfidh atheagar an Aontais de bharr reifreann caillte abhus. Reifreann a chaillfear, má cailltear é, de bharr a dteip siúd atá ar a son an scéal a mhíniú go soiléir.

Cáipéis tiubh lán de Bhéarlagair is ea aon Chonradh Eorpach. Is mór an trua nach bhfuil leagan chomh soiléir ar fáil agus atá ann de, abair Bunreacht na hÉireann, nó ráiteas bunaithe SAM.

Go dtí seo, rinne ár dtaidhleoirí thar barr san Eoraip - bhí tionchar againn a bhí as coibhneas ar fad lenár áireamh ná tábhacht eacnamaíochta. Bá faoi uachtaránacht na hÉireann a fíodh an chomhghéilleadh a bhí san Conradh Bunreachtúil, ar theip ar i Reifreann na Fraince agus na hÍsiltíre.

Más ar charraig na hÉireann a bhristear an togra seo, ní bheidh an oiread tionchar ag taidhleoirí na hÉireann amach anseo, agus beidh Iarthar na hÉireann ach go hairithe thíos leis.

Lá cinniúnach is ea an Déardaoin!



Aguisín 2008-0609: Scéal eile ó El Pais: agus an colúnaí ag rá nach féidir cur ar Éireannaigh glacadh leis an Conradh seo (arbh Plean B é), ach nach bhfuil sé ceart ach oiread go mbeadh diúltú na hÉireann ina cheangal ar na tíortha eile, agus go mba cheart dóibh dul ar aghaidh gan muid.

Is mór idir sin agus "Faigh socrú níos fearr" Shinn Féin. Níl socrú níos fearr ar an mbord anois, agus cinnte ní bheidh dúinne.

2008-06-06

Ródscéalta

Thug mé sciuird aneas le mo mhac an deireadh seachtaine seo chaite.

Ar an mbus go Corcaigh. Seana bhus de chuid Bus Éireann. Bhí an cuma ar an tiománaí go raibh sé scriosta, traochta. Lá meirbh a bhí ann, agus bhí - dar ndóigh - an córas aer choiriú as feidhm. Ar feadh i bhfad, bhí an doras oscailte ag an tiománaí chun roinnt éigin aer a scaoileadh isteach. Ach ós rud é gur thóg sé uair a chloig orainn ag seilideacht tríd an trácht go dtí Timpeallán na Bó Mire, is beag difear a rinne sin. Agus muid ag taisteal ar na bóithre móra, bhí séideán ró láidir ann, agus dhún sé an doras. Bhí an fuinneog sa díon ar oscailt - rud a bhí ceart go leor go dtí gur thosaigh sé ag cur.

Sampla mhaith de phobal na hÉireann inniu a bhí ar an mbus - Polannaigh, mic léinn, giofóg ón Rómáin gona éide gáifeach, ...

Taobh thiar dínn bhí fear ón Nigéir a chaith sciar suntasach den turas ag argóint ar an nguthán faoi chúrsaí teaghlaigh. Bhí le tuiscint go raibh sé ag teitheadh go Corcaigh de bharr achrann éigin i mBÁC.

Stop muid in Áth na nUrlainn do sos bheag. Bhí bean aosta ag suí i dtosach an bhus. Thug mé faoi ndeara ceart go leor nach raibh sí ar an mbus agus muid ag imeacht arís, ach ghlac mé leis go raibh sí ar an mbus eile - bhí péire acu ann. Bhí aiféala orm ar ball - tháinig bean eile á lorg nuair a stop an bus i Mainistir Fhear Maí. Is cosúil go dtagann mearbhall uirthi, agus bhí gach seans ann go raibh sí fós in Áth na nUrlainn. Tá sí slán, le cúnamh Dé.

Ar an mbealach thar nais, bhí Dub cheart de tiománaí againn, grod, diongbháilte, maisithe le bioráin cheardchumann. Chuir sé eagar ar an slua i gCorcaigh le horduithe bhorba. Rinne sé an oiread sin poill a chuir sna ticéid gur cheap mé go raibh sé chun aithris a dhéanamh ar an ngarda i Polar Express a scríobh rud éigin leis na poill sna ticéid.

In Áth na nUrlainn arís dúinn, tugadh ordú grod dúinn athrú go bus eile. Bhí beag óg galánta amháin míshásta faoi seo, agus bhí sé ina raic idir í agus an marascal grod d'fhear bhus.

Rith sé liom go bhfuil ábhar úrscéil i dturas bus mar seo - rud éigin cosúil le "The Wayward Bus" le Steinbeck. Bheadh máistir de dhíth chuige, agus ní mise an máistir sin!

Eachtra eile go bhfeadfaí fí isteach ann: Maidin Satharn bhí muid ag filleadh ó Fóite ar an dtraen. Bhí beirt preabaire de mhná óga ag plé na gnáth cúrsaí in ard a gcinn agus a gutha - ól, leaids, spraoi. Níor thug mé faoi ndeara, de bharr an canúint Chorcaíoch a bhí acu araon, gur ainnir dathúil de bhunadh na hÁise ab ea duine acu. Anois, sin comhshamhlú!

2008-06-04

Fiach ar fánaithe

Níl an scríobhnóir seo in El Pais pioc sásta le gníomh Bherlusconi in aghaidh na ngiofóga.
Cuireann sí an cheist:

An é go bhfuil muid chun ligeann do thír de chuid an AE géarleanúint ar bhunús ciníoch a dhéanamh?

Ceist mhaith. Tá an t-aighneas idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe ag dul in olcas gach áit. Ní haon chabhair do chás an lucht siúil é an mionlach ina measc a amharcann ar déircínteacht nó, níos measa, goid, mar cuid dá "gcultúr". Ní haon chabhair ach oiread é go gcuirtear ciníochas i léith aoinne a luann an mionlach sin a bheith ann.

Fágann teagmháil leis an mionlach úd drochbhlas ag an lucht lonnaithe - tharla eachtra nó dhó dom fhéin a fhágann amhras orm.

Tá an spás tairbheach san saol idir an lucht siúil agus an lucht lonnaithe á chúngú de shíor. Bhíodh am ann nuair ab iad an lucht siúil a thug siamsaíocht, spleodar agus nuacht ó áit go háit - ach déanann an teilifís sin anois. Agus is beag call atá leis na gnóthaí beaga a níodh siad - tincéireacht abair - san saol tomhailteach seo.

Rud a fhágann spás do tuathghríosadh mar atá ar bun ag Bherlusconi; chonaic muid gnéithe de nuair a ruaigeadh an dream Roma a bhí ag cuir fúthu ar thimpeallán an M50 abhus.

Tá gá le "conradh soisialta" nua idir an lucht lonnaithe agus an lucht siúil; ceann atá bunaithe ar mheas ar a chéile. Chuige sin ní mór don dá dream dul i ngleic leis na mionlaigh trodacha ina measc féin.

Ach admhaím nach bhfuilim cinnte go bhfuil spás ann in Eoraip na linne seo do fánaithe. Ní fheicim cén ról laistigh den saol rialaithe, rialta ar féidir leo a líonadh.

Ach caithfear cur i gcoinne péindlíthe "áireamh, athlonnú, aistriú nó díbeart".

Meabhraíonn sé an rann dom atá bunaithe ar ráiteisí ó Mhartin Niemöller:
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Cumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Cumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Daonlathaigh Sóisialacha,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Daonlathach Sóisialach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ar na Ceardcumannaigh,
Ní dúirt mé faic, toisc nárbh Ceardchumannach mé,
Nuair a tháinig siad ag triall ormsa,
Ní raibh aoinne ann chun faic a rá.