Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-02-24

Anois teacht na hInide...

Amárach Céadaoin an Luaithrigh, tús an Charghais.

Tá sé mar nós agam éirí as cabaireacht idirlín le linn an Charghas, agus is amhlaidh a dhéanfaidh mé arís i mbliana. Feicfidh mé um Cháisc sibh, le cúnamh Dé.

2009-02-20

Galileo agus an Vatacáin

Píosa spéisiúl i Welt:

Dúradh Aifreann ar na mallaibh ar son Galileo - rud nár cheart ionadh a chuir ar aoinne ó tharla gurbh Caitliceach cráifeach agus eolaí cumasach (ach cancrán) a bhí ann.

Is maith liom an giota seo:
Es war wirklich ein Witz: in naturwissenschaftlicher Hinsicht war die Inquisition im Recht – und Galilei mit seiner Bibelerklärung!

2009-02-19

Darwin agus an Tíogar Ceilte

Seod eile ó Alan Titley inniu:

Shamhlaigh Darwin an tír le capall corrach: thíos seal agus thuas seal, agus ansin thíos seal agus thíos seal arís. B’ionadh leis, áfach, nach raibh na daoine ag gearrán níos mó agus nár chuir siad reithe réabtha in aghaidh na n-údarás a chuir fál go haer timpeall ar na hainmhithe fiáine.


An cur síos is fearr fós feicthe agam ar stáid reatha na tíre

2009-02-18

Conas sin, a Phápa?

Mhol Michal go bpléifí an cheist "An féidir leis an Phápa botún a dhéanamh?" ag an gCiorcal Díospóireachta. Ní dhearna muid mórán cíoradh ar an gceist, mar sin seo mo dhá cianóg rua ar an gceist.

Tá míthuiscintí forleathan faoi theagasc na hEaglaise ar mórán ceisteanna, ach is dócha gurbh é foirceadal an do-earráideacht an cheist is mó nach dtuigtear ina bhfuil an bearna is mó idir an tuiscint coiteann air agus an foirceadal. Tuigtear go forleathan go bhfuil ceangal ar Chaitlicigh saonta a chreideamh nach dtig leis an bPápa botún a dhéanamh. Níl amhlaidh atá.

Tá cuir síos sách mion ar sa Chaiticiosma.

Go bunúsach, ní bhaineann an teagasc ach le réimse thar a bheith cúng, agus le gnás thar a bheith soiléir. Go bhfios dom, ní dhearna an Pápa reatha aon forógra a bhfuil do-earráideacht ag baint leis. Agus rinne Eoin Pól II faoi dhó é, de réir mo chuimhne.

Is le saincheisteanna creidimh agus moráltachta amháin a bhaineann an foirceadal, agus ní bhaintear feidhm as ach amháin nuair atá gá tromchúiseach le deireadh a chuir le plé faoi ghné éigin den gcreidimh.

Seachas sin, is cime mar chách é an Pápa. Téann sé ar faoistin sách minic! Bhí fíor droch Phápaí ann - drúisiúil agus marfach - ach ní raibh aon Phápa a chuir an teagasc as a riocht.

2009-02-12

Ag tógáil droichid

Aitheasc an Phápa do ceannairí Giúdacha ó na Stáit aontaithe.

memoria futuri is ea cuimhne, rabhadh dúinn don todhchaí agus gairm scoile chun oibre i dtreo athmhuintearais.
B'fhéidir go dtiocfaidh maitheas éigin as an raic ar fad faoi Williamson. Tá an Pápa ag baint feidhm as an deis teagasc na hEaglaise faoi frith Ghiúdachas a mheabhrú do dhaoine.

Praeterea, Ecclesia, quae omnes persecutiones in quosvis homines reprobat, memor communis cum Iudaeis patrimonii, nec rationibus politicis sed religiosa caritate evangelica impulsa, odia, persecutiones, antisemitismi manifestationes, quovis tempore et a quibusvis in Iudaeos habita, deplorat.

Breith ar Bhreith

Alt dé Chéadaoin ag Sarah Carey ar éifeacht mná glúine pobail.

Braithim go bhfuilimid go mór ar chúl anseo maidir leis an gceist seo. Agus go bhfuil aon dul chun cinn mall pianmhar.

Bhíos i láthair ag breith mo thriúir.

Cé go ndearna muid cúrsa réamhbhreithe i nGeburtshaus - "teach breithe" is san ospidéal a rugadh ár gcéad mac. Séard atá i Geburtshaus ná gnáth teach nó árasán ina mbíonn meitheal mná glúine ag obair. Tugann gach bean díobh réamhchúram don mhathair ar feadh scaithimh roimh don leanbh teacht ar an saol, fanann léi le linn an íona, agus leanann leis an gcúram ina dhiadh.

Taithí iomlán éagsúl a bhí againn san oispidéal (sa Ghearmáin). Cé nach raibh muid ann ach ar feadh beagán thar ocht n-uair an chloid, d'athraigh an fhoireann trí uaire de bharr cúrsaí seala. Bhraith muid gur mar ábhar a chaitheadh linn, ní rabhthas ag caint linn, ní dheachaigh siad i gcomhairle i gceart linn. Buíochas le Dia, bhí gach rud ceart.

Ach don dara luí seoil, is go Geburthaus a chuaigh muid, agus ba taithí i bhfad níos fearr a bhí againn - de bharr go raibh aithne ag mo bhean ar an mbean glúine, agus aici uirthi. Bhí muid i bhfad níos mó ar ár suaimhneas.

Bhí muid abhus don triú páiste, agus mar sin is i Sráid Holles abhí muid. Áit ar rugadh mé féin, dála an scéil. Agus ó tharla muid a bheith píosa beag ó dheas ón limistear ní raibh an seirbhís atá luaite thuas ar fáil. Bhí sé maith go leor, ach d'fheadfadh sé a bheith níos fearr!

Tar éis an tsaoil, is rud thar a bheith nadúrtha é toirchis agus breith, agus i le tréimhse ana bheag atá íol na gcotaí bhána bainteach leis.

Bíonn taithí ag na mná glúine, agus de bharr an aithne a bhíonn acu ar na mná, aithníonn siad aon deacracht go luath - uaireanta nuair nach léir don dochtúir faic a bheith cearr.

Níl an trealamh ar fad de dhíth in a lán cásanna, agus is fearrde muid gan é.

I gCom na hOíche

I measc na leabhair atá léite agam ón Nollaig tá Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche.

Úrscéal póilíneachta - nach ionann agus bleachtaireachta - atá ann. Thaitin sé liom - bhí an plota go maith, agus an caidreamh idir an banlaoch agus an póilín inchreidte. An t-aon locht atá agam air ná gur bhraith mé nach raibh a dóthain feoil ar an gcreatlach, rud a d'fhág gur tharla barraíocht den scéal "den stáitse" mar a déarfá. Tuairisc seachas úrscéal.

Mar is eol do léitheoirí (más ann dóibh!) an bhlag seo, is fear mór cérinnecháin mé, agus is maith liom a leithéid a bheith ar fáil i nGaeilge. Treise le pheann (nó méarchlár) Sheáin, mar sin, agus beidh na himleabhar eile ar mo mhianliosta!

Agus má bhíonn tarraingt orthu, cá bhfios nach mbeidh ar chumas Sheáin níos mó feola a chuir ar an gcreatlach!


Feicim ó cheist Fhirn go raibh mé ró chúramach agus mé ag iarraidh gan aon rún sa leabhair a scaoileadh. Tá teannas ann, agus corr nod faoi toisc rudaí sula nochtar gach rún ag deireadh. Bhí sé éasca a leabhar a léamh, bhog an scéal ar aghaidh go gasta mar is dúil d'úrscéal póilíneachta. Mar a dúirt, tá an creatlach go maith - ach d'fheadfaí níos mó adhmaid a bhaint as an scéal seachas mar a rinneadh, agus an t-eolas a tuairiscítear a nochtadh mar a bhailítear é seachas ina dhiaidh.


2009-02-15 Aguisín II

Cúpla focail a scríobh Seán chugam:
Breá liom bheith blagáilte agus áthas orm gur thaitin an leabhar leat. Gan ach cúpla focal agam mar aiseolas ar a bhfuil ar do bhlag agat. Sé is nós dom, im shaothair fhoilsithe agus iontu siúd nach bhfaca solas an lae fós, gan dul thar c. 35,000 focal san iomlán. Mar a dúrt le tuairisceoir tráth, 'Oireann na leabhair d'aerthaisteal ó BhÁC go dtí An Róimh.' Siúd is gur sraith de scéalta faoi Sheán R agus a chomhghleacaithe atá i gceist agam a scríobh, forbraítear na carachtair diaidh ar ndiaidh i rith na sraithe. Bhí Seán Óg ar an meánscoil in uimhir a haon agus a dó, ach in uimhir a trí (atá ar na bacáin agam faoi láthair) is ar an ollscoil atá sé, agus athruithe nach beag tagtha ar a shaol. Ina theannta sin, tá dul chun cinn déanta ag Nuala de Búrca agus Joe Tynan sa chaidreamh seo acusan (well, déarfadh daoine áirithe nach dul chun cinn ar chor ar bith é, ach níl ionamsa ach tuairisceoir sa chás seo.) Bhuail muid le Rachel Murphy agus Mike Molloy ag deireadh uimhir a haon. Tá siad ag dul ag pósadh in uimhir a trí, etc., etc..


Seán Ruiséal agus An Guth Istoíche
Úrscéal póilíneachta le
Seán Ó Connor
Coiscéim 2008

Ranna mallaithe corcaíocha

Píosa bhreá ag Alan Titley ar an Times inniu - agus mirable dictu, é ar líne
B’fhéidir gurb é an t-aon ráiteas mór de chuid Mháirtín Uí Chadhain nár aontaigh mé leis ná nuair a mhaígh sé gur cheart focail a láimhseáil chomh cúramach faichilleach sin amhail is go raibh “scolb an éin” iontu.

A mhalairt, dar liom.

Is ceart focail a chiceáil is a bhualadh, is ceart seacht gcineál caca a bhualadh astu, suí orthu le lánbholg oíche spéirghealaí, an t-aixilghrindear a chur ag obair orthu, an t-ainm tur te fuar a fháisceadh astu, iad a speachadh chomh hard leis na feara is a ísliú go dtí an ngleann is doirche thíos i bpoll na dtithe lábán.



Agus nach é an fear chuige!

2009-02-11

Conair Chasta Chomhair, athuair

Feicim go bhfuil tuairisc ar imeacht Aindrias Ó Cathasaigh curtha le chéile anseo -

http://www.ceartaguscomhar.webs.com/

Feictear dom go bhfuil an léiriú ann lán d'eolas.

Mar a dúirt mé ag an am, 'sé an easpa gairmiúlachta is measa faoin scéal ar fad seo. Agus feictear dom go léiríonn an tuairisc seo bunús a bheith le mo thuairimí.

Níl sé scagtha go mion agam - ach molaim an údar as í a bheith sásta é chuir le chéile, agus a hainm a chuir leis, ainneoin a chúinge is atá saol na Gaeilge. (Cuid den fhadhb, seans?).

Tá eagrán Mí Feabhra agam anois - ach níl faic feicthe agam go fóill a d'fhágfadh go mbeinn sásta mo shíntiúis a athnuachan i Mí Meán Fómhair.

Místuaim Marfach

Feicim ón scéal seo san Irish Times gur tarrtháladh beirt ón bPríosún Theas ar Log na Coille.Bhí céad fiche duine agus dhá ingearán - ceann ón RAF ina measc - páirteach san tarrtháil.B'éigean daoine a thabhairt ó gach meitheal tarrthála sleibhe in Éirinn, de bhrí go raibh muintir Chill Mhantáin spíonta tar éis an céad lá.

Tá sé thar a bheith doiligh a bheith ag siúl san sneachta - agus bhí ceo trom ann a d'fhág nach raibh ach léirgeas 5 m ann.

Deirtear san alt nach ndearna an bheirt aon rud "silly or stupid".
Ní aontaím leis sin.
Tá Log na Coille contúirteach.

Ba cheart níos mó na beirt a bheith in aon ghrúpa ar an sliabh. Triúr an íosmhéid, dar liom.Sa chaoi sin, má tharlaíonn tubaiste do dhuine amháin, tá duine ann chun fanacht leis, agus duine eile chun cabhair a lorg. Ceart go leor, an uair seo bhí siad in ann a gcuid fón póca a úsáid. Ach níl clúdach gach áit.

Chaill siad a léarscáil - tuige nach raibh ach ceann amháin acu?

Aontaím le Bernd - ba cheart bille a chuir chucu!

2009-02-05

An Pápa agus an Bríogadóir

Tá sé ina raic arís maidir le gníomh de chuid an Phápa.

D'ardaigh sé an choinnealbhá foirmeáilte ar ceathrar ball de Chumann Naomh Pius X - dream atá in adharca leis an Eaglais ón Dara Chomhairle Vatacáin ar aghaidh. Creidtear go forleathan gur athshlánú a bhí i gceist leis an gcéim seo - rud nach fíor.

Ba chuma, ach amháin go bhfuil tuairimí ghránna ag duine den gceathrar - agus gur ndúirt sé in agallamh a taifeadadh sa Ghearmáin nár tharla an tUileloscadh. Coir atá ansin, agus beidh abhcóidí stáit na Gearmáine ag plé leis sin.

Anois, cé go bhfuil seasamh an Phápa ar cheist an tUileloscadh soiléir, glé, agus curtha in iúl aige go minic - gur smál ar an gcine daonna atá ann, táthar ag iarraidh nasc a dhéanamh idir bhaoth-thuairimí Williamson - fear nach bhfuil, ainneoin ardú an choinnealbhá - oifig ná údarás ar bith aige san Eaglais Chaitliceach Rómhánach, agus an Phápa.

Tá maithe agus mór uaisle - Angela Merkel ina measc - ag iarraidh fios a bhéasa a mhúineadh don bPápa. Táthar ag cuir agallamh arís ar "saoithe" cosúil le Rolf Hochuth - an fear a scríobh an bhréag dráma Der Stellvertreter ag déanamh amach gurbh é Pápa Hitler é Pius XII.

Thaispeánadh cúig bomaite taighde cé chomh bómánta is atá an raic seo ar fad. Ach is cuma, mar tá "fhios" ag an saol go bhfuil an Pápa Beinidict ag iarraidh muid ar fad a thabhairt thar nais go dtí Aois an Dorchadais!

Níl baint aige seo ar fad leis an tUileloscadh. Níl ann ach iarracht arís eile údarás an Phápa san Eaglais a chreimeadh tré é a smálú. Rud a oireann go breá do Williamson agus a chuid - a chreideann an Eaglais a bheith ró bhog - agus dóibh siúd a chreideann go bhfuil ar Eaglais ró chrua.

Tá mion léiriú na hEaglaise ar an gceist seo le léamh anseo dóibh siúd ar spéis leo é.

2009-02-02

Cúis a briste - urnaí a thairgeadh!

Tá banaltra i Sasana curtha ar fionraí toisc gur thairg sí guí ar son othar, dá mba mian leis an othar sin.

Coir tromchúiseach é sin - "easpa tiomantais don ilchineálacht"

Ambaist!



2009-02-11 Aguisín: Níor chaill sí a post. Níos spéisiúla fós, ní dhearna an othair ach tagairt don scéal - ní dhearna sí clamhsán! Scéal ag Zenit anseo.